Éiginnteacht faoin athbhreithniú ar pholasaí na Roinne Iompair ar chomharthaíocht dhátheangach

Tá an tAire Paschal Donohoe an-ghnóthach le ‘cúrsaí tábhachtacha eile’ i láthair na huaire

An tAire Iompair, Pashcal Donohoe. Pictiúr: Photocall Ireland

Ní fios cén uair a dhéanfar cinneadh faoi stádas na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na tíre agus an tAire Iompair Paschal Donohoe gafa le ‘cúrsaí tábhachtacha eile’. Thug urlabhraí ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt le fios do Tuairisc.ie nach í ceist na Gaeilge ar na comharthaí an chloch is mó ar phaidrín an Aire faoi láthair.

“Ní féidir liom a rá fós cathain a dhéanfar cinneadh mar gheall ar an gceist seo. Glacfaidh tú go bhfuil an tAire an-ghnóthach, ní amháin ar chúrsaí slándála na mbóithre, ach ar chúrsaí tábhachtacha eile de chuid iompair náisiúnta (eitlíocht, iarnród, bus, srl) agus chomh maith leis sin, tá an tAire ag plé le na hearnálacha turasóireachta agus spóirt,” a dúradh.

D’iarr Tuairisc.ie den Roinn an raibh cinneadh bealach amháin nó bealach eile déanta ag an Aire Paschal Donohoe faoin scéim phíolótach a d’iarr an tIar-Aire Leo Varadkar tús a chur leis sa bhliain 2013.

D’ordaigh Leo Varadkar i mí Nollag na bliana 2014 do phríomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta um Bóithre Fred Barry líon beag comharthaí den dearadh a mhol Conradh na Gaeilge a chrochadh in áiteanna feiceálacha ar fud na tíre agus meastóireacht a dhéanamh ar an nglacadh a bhí ag an bpobal leo.

Dúirt urlabhraí na Roinne Iompair le Tuairisc.ie i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite go mbeadh an tAire ag glacadh comhairle ón Údarás faoin gceist arís. Tugadh le tuiscint gur ‘sábháilteacht’ ar bhóithre seachas cúrsaí teanga ba chúis leis an moill.

D’iarr Tuairisc.ie arís le deireanas, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, cáipéisí a bhaineann leis an athbhreithniú a fheiceáil. Tugadh le fios nach raibh ach aon cháipéis amháin ag an Roinn a bhain le hábhar ach diúltaíodh don iarratas ‘de thoradh go bhfuil sé fós faoin bpróiseas breithniúcháin.”

Dar le Suirbhé a rinne Millward Brown thar ceann Tuairisc.ie anuraidh, tá formhór an phobail ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair dátheangacha na tíre.

Thug 61% díobh sin a ceistíodh le fios gur thacaigh siad le moladh Chonradh na Gaeilge go n-athrófaí an leagan amach ar chomharthaí bóthair dátheangacha.

Fág freagra ar 'Éiginnteacht faoin athbhreithniú ar pholasaí na Roinne Iompair ar chomharthaíocht dhátheangach'

  • James Pelow

    Sábháilteacht ar bhóithre mo pholl thiar. Tá a fhios ag cách nach bhfuil na comhatharí reatha sábháilte ó thaobh na Gaeilge ná an Bhéarla de.

  • Pádraic

    An Roinn Iompair agus Paschal Donohoe ag tarraingt na gcos arís ar an gceist seo. Níl na comharthaí bóthair in Éirinn ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Níl sa ‘tsábháilteacht’ ach leithscéal agus níl aon taighde acu chun tacú leis an bpointe sin. Léiríonn taighde atá déanta gur sábháilte meascán de litreacha beaga agus móra ná bloclitreacha ar fad ar chomharthaí. Rinneadh taighde in Albain roinnt blianta ó shin freisin a léirigh nach aon bhaol don tsábháilteacht comharthaí cearta dátheangacha. Tá na comharthaí atá againn faoi láthair seanchaite agus as dáta agus is gá iad a athdhearadh, fiú más cuma leis an Aire agus leis an Roinn faoi chearta teanga.