‘Educational apartheid’ ar bun ag an Roinn Oideachais maidir le scoileanna Gaeltachta – INTO

Deir Uachtarán an INTO, John Boyle go bhfuil 'educational apartheid’ ann i gcoinne scoileanna ar oileáin na hÉireann agus gur chóir an liúntas Gaeltachta a thabhairt ar ais láithreach

‘Educational apartheid’ ar bun ag an Roinn Oideachais maidir le scoileanna Gaeltachta – INTO

Uachtarán an INTO, John Boyle

Tá ráite ag Uachtarán an INTO, John Boyle go bhfuil ‘educational apartheid’ ar bun i gcoinne scoileanna Gaeltachta agus eile ar oileáin na hÉireann agus gur chóir an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí a thabhairt ar ais láithreach.

Labhair Boyle, as Mullach Dubh sna Rosa i nGaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas, ag Deireadh Seachtaine Pheadair Uí Dhomhnaill in Árainn Mhór faoi na dúshláin atá roimh scoileanna oileáin na hÉireann, a bhfuil ocht gcinn acu ina scoileanna Gaeltachta.  Dúirt Boyle go bhfuil dualgas ar leith ar scoileanna Gaeltachta an Ghaeilge a choinneáil beo mar theanga phobail.

Dúirt sé chomh maith gur chóir an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí nua, ar cuireadh deireadh leis in 2012, a thabhairt ar ais láithreach.

“Bhí an liúntas seo tábhachtach le múinteoirí a mhealladh chuig scoileanna Gaeltachta agus oileánda. Is minic a bhíonn athrú mór i gceist nuair a ghlactar le post in oileán, idir bhogadh go hoileán nó an taisteal a bhíonn i gceist ag teacht isteach is amach ón oileán.

“Tá Toraigh 11km amach ón míntír ach bíonn uair an chloig i gceist ar an mbád farantóireachta. Bheadh taisteal i bhfad níos faide i gceist do mhúinteoirí atá ina gcónaí 45km ón oileán ná mar a bheadh do mhúinteoirí a thaistealódh 45km ar bhóithre,” a dúirt Boyle.

Dúirt sé go mbíonn costais chothabhála i gceist le gach scoil, beag beann ar líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal ar an scoil agus go mbíonn sé deacair ar roinnt de na scoileanna sin na costais sin a ghlanadh.

“Tá an scéal níos measa fós in oileáin áit a mbíonn na costais níos airde fós. Fágann an deontas ciorraithe go mbíonn ar scoileanna ar fud na tíre ócáidí tiomsaithe airgid a reáchtáil le costais chothabhála a ghlanadh, ach ní féidir le scoileanna oileánda an oiread céanna airgead a thuilleamh mar gheall ar líon na ndaoine a chónaíonn sna hoileáin.

“Tá an t-athrú daonra difriúil sna haoisghrúpaí éagsúla. Bhí méadú i gceist i líon na ndaoine os cionn 5 bliana d’aois sna hoileáin agus laghdú i gceist i ngach aoisghrúpa faoin aois sin,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur tháinig laghdú 10% ar líon na ndaltaí atá faoi 14 bliain d’aois le cúig bliana anuas agus go mbíonn líon na ndaoine ar rollaí na scoileanna thuas seal thíos seal.

“Nuair a d’éiligh Peadar [O’Donnell] go mbeadh oideachas saor in aisce ar fáil do ghasúir suas go 15 bliain d’aois, ní dóigh liom gur cheap sé go mbeadh ‘apartheid oideachais’ ar bun i gcóras oideachais na hÉireann céad bliain ar aghaidh.

“Tá sé seafóideach faoi láthair nach dtugtar ach 93% den chostas in aghaidh an dalta in aghaidh an lae do bhunscoileanna le costais bhunúsacha chothabhála a ghlanadh a fhad is a thugtar dhá oiread sin d’iarbhunscoileanna.

“Éilím athrú mór sa deontas do dhaltaí bunscoileanna i mbuiséad na míosa seo chugainn,” a dúirt sé.