‘Easy ways to drop a decade’ – Leidí faisin do mhná atá ag dul in aois

Creideann ár gcomhfhreagraí go bhfuil ciall sa chomhairle a bhí ag saineolaí le déanaí do mhná ar mian leo cuma na hóige a choinneáil orthu féin

‘Easy ways to drop a decade’ – Leidí faisin do mhná atá ag dul in aois

Lesley Reynolds Khan

Ní théann comhairle mhaith as dáta riamh; rith sé sin liom le gairid agus mé ag féachaint arís ar an leabhar Look Younger for Longer a scríobh Lesley Reynolds Khan agus a foilsíodh sé bliana ó shin. Tá aithne agus meas ar an údar a bhfuil clinic cúram cnis aici ar Shráid Harley i Londain. Tá caibidil sa leabhar faoin téama ‘Easy ways to drop a decade’ agus tá comhairle mhaith ann do mhná atá ag dul in aois ach ar mhaith leo cuma níos óige a bheith orthu i gcónaí.

Gruaig

Deir Lesley Reynolds Khan go bhfaigheann mná an-chompordach le stíl ar leith gruaige in imeacht na mblianta – socraíonn siad  ar bhearradh a thaitníonn leo agus ní athraíonn siad é ansin ar feadh na déaga de bhlianta. Ciallaíonn sin go bhfuil siad fágtha le stíl ghruaige atá as dáta agus a chuireann blianta orthu. Molann sí do mhná a bheith cróga agus dul sa seans le stíl nua.

Seachain gruaig atá rófhada agus gruaig atá róghearr an chomhairle atá aici agus is minic gur gruaig go dtí na guaillí agus í ina sraitheanna is feiliúnaí go hiondúil, dar léi. Bíonn gruaig ar an stíl sin níos éasca le smachtú agus oireann sé do go leor ban atá ag dul in aois.

Molann sí dul i ngleic ar an bpointe le ribí liatha. Cé go n-admhaíonn sí go mbreathnaíonn an t-aisteoir Helen Mirren go hálainn le gruaig nádúrtha liath, is eisceacht í. I gcás fhormhór na mban cuireann na ribí liatha blianta orthu, a deir sí agus níl de leigheas air sin, mar a thuigeann an chuid is mó againn, ach dath a chur i do gruaige. 

Gealáin an rogha is fearr léi féin maidir le dathú gruaige agus measainn sí gur fearr iad ná dath láidir amháin. Go deimhin, molann sí dathanna láidre a sheachaint agus tá sí amhrasach faoi dhath dubh dorcha nó faoi dhath atá ‘ródhearg’ seachas ‘rórua’ mar gur cuma níos sine a chuireann siad sin ar dhuine. Órdhonn a mholann sí féin mar gur fearr a théann sé le dath an chraicinn ar mhórán ban agus iad ag dul in aois.

Cleas beag eile atá aici, a bheith spárálach leis an sprae gruaige agus deir sí gur fearr a bhreathnaíonn folt gruaige a bhfuil beocht agus nádúr ann seachas gruaig a bheadh spíonta agus spraeáilte i mbarr do chinn.

Smideadh

Comhartha aoise cinnte é, dar le Lesley Reynolds Khan, nuair a bhíonn an smideadh ar bhean as faisean leis na déaga de bhlianta. Faigheann sí an teachtaireacht seo láithreach ó bhéaldath lonrach, scáthú súl atá róghorm agus bonnsmideadh atá i bhfad níos dorcha ná dath an chraicinn: “I learned how to put make-up on circa 1985”.

Tá cúpla cleas molta aici chun an fhadhb sin a réiteach.

Prímeálach a úsáid ar dtús  chun an craiceann a fheabhsú agus a chothromú rud a fhágann go luífidh an bonnsmideadh níos fearr ar an gcraiceann. Bhainfeadh an méid sin féin blianta de dhuine. Molann sí bonnsmideadh a roghnú atá oiriúnach do mhná atá amach sna blianta, ceann éadrom, maothóir a bhfuil beagán datha ann, mar shampla. Thar aon ní eile, tá sé tábhachtach, dar léi, dath smididh a roghnú a oireann don éadan. Ba cheart an dath a thástáil faoi sholas an lae mar go mbíonn an solas i siopaí róghéar leis an rogha cheart a dhéanamh. Agus molann sí gur ar an ngiall is ceart do bhean dath an smididh a thástáil seachas ar chúl na láimhe.  Faigh réidh leis an línitheoir súl dubh atá ródhian agus róghéar agus pioc ceann donn nó liath le cuma níos óige a chur ort féin, dar léi. Agus deir sí nár cheart an mascára a spáráil agus duine ag dul in aois mar go mbíonn na fabhraí níos gainne. 

Maidir leis na liopaí, seachain béaldathanna dorcha dearga nó cinn ar dhath na sméar an chomhairle atá aici mar go n-éiríonn na liopaí níos tanaí le himeacht na mblianta agus níor cheart aird a tharraingt orthu. 

Fiacla

Thagair Lesley Reynolds Khan do thaighde a chruthaigh go gcuireann fiacla a bhfuil drochdhath orthu 13 bliana breise ar dhuine. Is ceart, mar sin, aghaidh a thabhairt ar na fiacla a dhéanamh níos gile. Ag ól tae, caife nó fíon dearg in imeacht na mblianta a thugann an drochdhath ar na fiacla. Deir sí go ndéanann go leor ban iarracht mhaith lena gcuid gruaige, lena gcraiceann agus a gcuid éadaigh ach go dteipeann ar a gcuid iarrachtaí ar fad má osclaíonn siad a mbéal le meangadh gáire a dhéanamh a gcuid fiacla buí. Tá neart bealaí ann anois chun bánú a dhéanamh ar fhiacla ach molann sí gur fiú go mór iad a fháil déanta go gairmiúil ag fiaclóir más acmhainn do dhuine sin a dhéanamh. Ar ndóigh, is féidir táirgí bánaithe fiacla a cheannach i gcógaslanna ar fud na tíre nó is féidir cleas an-simplí a úsáid, dar léi – beagán bídeach sóid aráin a mheascadh le gnáth-thaos fiacla anois is arís agus geallann sí dath níos gile duit.

Ingne

Go hiondúil tugann mná aire mhaith dá gcuid lámh le huachtar láimhe agus maothóir ach ní i gcónaí a thugtar dóthain aire do na hingne, dar le Lesley Reynolds Khan. Nuair a théann daoine in aois faigheann ingne tirim, bíonn iomairí nó línte beaga le feiceáil agus tosaíonn drochdhath buí ag teacht orthu. Snasaire ingne maith an freagra, dar léi agus is ceart uachtar cúitineach a úsáid go rialta. Níor mhiste ach an oiread na hingne a fhágáil anois is arís gan dath ná snas ar feadh roinnt laethanta le scíth a thabhairt dóibh.

Éadach

Ar ndóigh, is féidir leis an rogha éadaigh a dhéanann duine na déaga de bhlianta a chur ort nó a bhaint díot ar an bpointe boise. Molann sí glantachán maith a dhéanamh go rialta agus glacadh leis murar chaith tú ball éadaigh éigin le bliain nach bhfuil ann ach caolseans go gcaithfidh tú go deo arís é. Ar chraiceann do chluaise seachain jíons róchúng, stróicthe nó a cuireadh ar tuar. Deinim dorcha a mholann agus an básta os cionn na gcorróg. Molann sí gur cheart gúnaí a chaitheamh ach cinn atá ró-theann sa bhásta a sheachaint. Ba cheart sciortaí go glúin a roghnú agus ar ór an tsaoil is fearr do mhná atá “ag dul in aois” mionsciortaí a sheachaint.  Cé nach n-úsáideann sí an focal ‘peaca’, thuigfeá gur ‘peaca marfach’ é do bhean mionsciorta a chaitheamh agus í amach sna blianta, i súile an tsaineolaí stuama seo as Sráid Harley i Londain.   

Fág freagra ar '‘Easy ways to drop a decade’ – Leidí faisin do mhná atá ag dul in aois'