Easpaig na hÉireann ag spreagadh na sagart chun leas a bhaint as leagan nua Gaeilge den Leabhar Aifrinn Rómhánach

Dúirt na heaspaig gur mór an cúnamh a bheidh sa Leabhar Aifrinn Rómhánach do na sagairt a bhfuil an Ghaeilge acu agus a deir an tAifreann i nGaeilge, agus go gcothóidh sé an Ghaeilge mar ‘theanga bheo adhartha’ amach anseo

2/7/2013 The Lady Chapel Open in St Patrick's Cathedral. For the first time in 750 years visitors will be able to see part of St Patrick's Cathedral which has been closed to the public since the 13th century. The Lady Chapel in the Dublin cathedral was used as a burial place for bishops and archbishops from when it was built in the 1270s up until the Reformation in the 16th century, and was subsequently used by the Huguenots and other congregations. The chapel was built just 50 years after the cathedral itself was first constructed, near to the well where Saint Patrick is supposed to have baptised converts. The chapel has undergone a eur700,000 refurbishment, including cleaning the stone work and dismantling, cleaning and remounting the stained glass and will open to the public next week. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá easpaig na hÉireann tar éis a gcuid sagart a spreagadh aistriúchán nua ar an Leabhar Aifrinn Rómhánach a cheannach agus a úsáid ina bparóistí.

Rinneadh an moladh i ‘Ráiteas an Earraigh’ a eisíodh i ndiaidh cruinniú cinn bliana Chomhdháil Easpag Caitliceach Éireann i Maigh Nuad .

Fógraíodh le linn an chruinnithe go mbeadh Veritas, príomhfhoilsitheoir ábhar liotúirge agus eaglasta na hÉireann, ag cur an eagráin nua altóra den leabhar amach níos deireanaí i mbliana.

“Is foilseachán ar leith é an ceann seo, agus tá suntas ag baint leis, ní hamháin don Eaglais in Éirinn, ach don uile dhuine a bhfuil grá aige dár gcultúr agus dár n-oidhreacht, go háirithe an Ghaeilge,” a scríobhadh sa ráiteas.

Dúirt na heaspaig gur mór an cúnamh a bheidh sa Leabhar Aifrinn Rómhánach do na sagairt a bhfuil an Ghaeilge acu agus a deir an tAifreann i nGaeilge, agus go gcothóidh sé an Ghaeilge mar ‘theanga bheo adhartha’ amach anseo.

Ceapadh an Coiste Sapienti tamall de bhlianta ó shin le tabhairt faoin aistriúchán nua seo. Ar an gcoiste sin bhí idir easpaig, shagairt agus shaineolaithe teanga, ina measc Ard-Easpag Thuama Michael Neary, an tAthair Mícheál Ó Loingsigh agus an Dr Caitríona Ó Dochartaigh.

Cuireadh deireadh leis an Aifreann Laidine sa bhliain 1965 agus dúradh an tAifreann den chéad uair i nGaeilge ar an  7ú lá de Mhárta an bhliain chéanna . Tugadh leagan nua Béarla den Aifreann isteach sa bhliain 2011.