Easpa treorach agus ‘droch-Ghaeilge’ curtha i leith Raidió na Gaeltachta

I ráiteas a eisíodh thar ceann Raidió na Gaeltachta tráthnóna, dúradh gur 'ceist thábhachtach' don stáisiún í ceist chaighdeán na Gaeilge

Cian Ó hÉigeartaigh. Pictiúr: ó Twitter
Cian Ó hÉigeartaigh. Pictiúr:Twitter

Rinne an t-iarchraoltóir Cian Ó hÉigeartaigh cáineadh láidir maidin inniu ar an “droch-Ghaeilge”, dar leis, a bhíonn le cloisteáil ó chraoltóirí ar Raidió na Gaeltachta.

Ba ag caint ar Raidió na Gaeltachta féin a bhí Ó hÉigeartaigh nuair a dúirt sé go gcuireann an “droch-Ghaeilge” a bhíonn le cloisteáil ar an stáisiún “tinneas” air.

Chaith Ó hÉigeartaigh amhras chomh maith ar thiomantas bhainistíocht an stáisiúin raidió do chosaint cheartúsáid na teanga agus dúirt sé nach mbeadh aon ghlacadh sa Fhrainc, mar shampla, le “droch-Fhraincis” sna meáin.

“Mura miste mé á rá agus mé ag labhairt ar Raidió na Gaeltachta, cuireann sé tinneas orm uaireanta an droch-Ghaeilge a chloisim ar Raidió na Gaeltachta. Ní shin anois droch-Ghaeilge an ghnáthphobail, mar a déarfá, bheadh súil agat leis sin, ach rudaí uafásacha á rá ag tráchtairí agus ag nuachtléitheoirí atá fostaithe ag an raidió. Ach dá mbeadh tú ag craoladh sa bhFrainc ar Raidió na Fraince agus dá n-úsáidfeadh tú droch-Fhraincis de leithéid na droch-Ghaeilge a chloistear ar na meáin in Éirinn ní mhairfeadh tú seachtain.

“Níl a fhios agam an bhfuil aon duine i gceannas sa stáisiún ná ar Chomhairle an raidió a thugann aon aird ar an nGaeilge, ar chaighdeán na Gaeilge, mar thar aon ní eile, sin é a fhéadfas  Raidió na Gaeltachta a dhéanamh, féadfaidh sé teanga an phobail a chosaint agus na gnásanna áiféiseacha atá ag teacht isteach — ‘beartais a bheith á n-iompar amach’, níl a fhios agam an corp i gcónra a bhíonn á iompar amach — leaganacha nach bhfuil nádúrtha don Ghaeilge agus gur comharthaí iad ar lobhadh na teanga agus tá an teanga, tá faitíos orm, á lobhadh agus níl a fhios agam, seasfaidh rud éicínt a dtabharfaidh muid Gaeilge uirthi, ach níl a fhios agam an í an Ghaeilge a bhí ann leathchéad bliain ó shin fiú amháin a bheas ann i gceann scór bliain.”

I ráiteas a eisíodh thar ceann Raidió na Gaeltachta tráthnóna, dúradh gur “ceist thábhachtach” don stáisiún í ceist chaighdeán na Gaeilge.

“Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh an caighdeán is airde a bhaint amach i ngach gné de chraoladh an stáisiúin, caighdeán na Gaeilge san áireamh.

Tuigeann muid ar ndóigh go bhfuil imní ar dhaoine maidir le caighdeán na Gaeilge i sochaí na tíre ar fad, agus go bhfuil ról lárnach ag RTE Raidió na Gaeltachta i dtaobh caighdeán agus úsáid na teanga.

“Ba mhaith linn a dheimhniú go mbíonn aird leanúnach ag bainistíocht an stáisiúin ar an gcraoladh agus déantar léirmheas go rialta ar chláracha, ar láithreoirí agus ar chaighdeán na teanga.
Ach níl muid gan locht, agus is maith a thuigeann muid féin é sin.  Fáiltíonn muid roimh thuairimí an phobail i gcónaí maidir leis an tseirbhís a chuireann muid ar fáil, caighdeán na Gaeilge san áireamh.”

Bhí Cian Ó hÉigeartaigh faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin faoin mbaint a bhí aige leis an ngrúpa stocaireachta Misneach a chuaigh ar stailc ocrais le linn chomóradh 50 bliain an Éirí Amach i 1966.

D’eagraigh Misneach, eagraíocht radacach a bhunaigh Máirtín Ó Cadhain leis an nGaeilge a athbheochan, an stailc le seasamh in aghaidh an fhill, dar leo, a bhí déanta ag an stát ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.

Ba í tuairim an ghrúpa nach raibh mórán le ceiliúradh i 1966 toisc nach raibh “mórán bainte amach in go leor réimsí” a bhí lucht Éirí Amach na Cásca ag iarraidh a bhaint amach. Dúirt Ó hÉigeartaigh ar Adhmhaidin gur “ócáid le machnamh níos mó ná comóradh” a bhí i gcomóradh an leathchéid agus gurbh in an fáth ar ghlac sé féin agus naonúr eile páirt sa stailc ocrais.

Fág freagra ar 'Easpa treorach agus ‘droch-Ghaeilge’ curtha i leith Raidió na Gaeltachta'

  • padraig

    Is le RnG is mó a éistím féin agus caithfead a rá go bhfuilim mós sásta agus ana-shásta leis, ar an mórgóir, ach ba cheart dóibh gan a maidí a ligean le sruth nó is rás go grinneall a bheidh ann. Tá lucht na Nuachta ar fheabhas dar liom agus roinnt clár eile atá ana-mhaith freisin. Is é a locht sin a laghad. Is iad na cláracha spóirt is mó a fhaighimse locht orthu, áfach. Deir SBB ‘ag breathnú i dtreo an sprioc’ go rí-mhinic, agus deir fear eile (a bhfuil sár-Ghaeilge aige) ‘imreoirí an Bhreatain Bheag’, mar shampla. Anois geallaim dhaoibh go bhfuil an cheart-Ghaeilge ar eolas ag lán na beirte acu sin ach ar chuma éigint ní háin leo an Tuiseal Ginideach a úsáid. Nósmhaireacht agus faisean dhúramáin na haimsire seo á leanúint acu, mo náire iad. Tá tráchtaire eile ann a deir ‘Pórt Láirge’ i gcónaí, rud a chuireann soir mé! Sheolas rphost chucu mar gheall orthu sin ach toradh dá laghad níor tugadh orm. Ach tógann cuid acu mo chroí agus tá siad ann fós ach cluas a chur ort féin! Is mór is fiú éisteacht le clár na bhfocal ag R Mac Aodh Bhuí gach Máirt, mar shampla, gan ach clár amháin a lua.

  • Brian Ó Dochartaí

    Molaim Cian Ó hÉigeartaigh agus aontaím leis. Thar ama go n-éireodh daoine as ‘fairáilte’ agus a leithéid. Tá an focal ‘cóir’ againn. Agus tá Cothram na Féinne againn.
    Chuala mé craoltóir de chuid R na G ar lá airithe trí nó ceithre seachtainí ó shoin ag fógairt go raibh sé ‘surprisedálta’ nuair a chonaic sé rud éigin ar an dtábla os a chomhair maidin áirithe.
    É thar ama fáil slán leis na ‘seampíní’ freisin. Agus an ‘slash’ – tá ‘cliathánach’ againn. Scata eile ar ndóigh.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An bua is mó atá ag RnaG ná seo: tá daoine sa Ghaeltacht ag éisteacht leis, ní mar gheall ar chruinneas gramadaí, cé nár cheart beag is fiú a dhéanamh dhó sin ach an oiread. Tá daoine sa Ghaeltacht ag éisteacht le RnaG mar go bhfuil teanga nadúrach na Gaeltachta le cloisteál ón gcuid is mó de na craoltóírí, agus má tá roinnt botún gramadaí agus roinnt béarlachas tríd an teanga sin, cén dochar. Níl a fhios agam an mbeadh daoine sásta éisteacht le RnaG dá mbeadh teanga stálaithe le cloisteál i gcónaí gan roinnt den bhéarlachas tríd.

    Sé an locht is mó a bheadh agamsa ar RnaG faoi láthair ná na cláracha ceoil san oíche, am a fhéadfaí éisteoirí a mhealladh na tíre agus ar fud an domhain le meascán den cheol is fearr atá ar fáil de gach cineál. In áit sin tá ‘An Taobh Tuathail’ againn óna 10 go dtí 12 cúig oíche den tseachtain!

    Sin é mo phríomh gearáin atá agamsa maidir le RnaG.

  • Seán Ó Riain

    Rud beag: níl aon ghá le “seaimpíní”. Tá an focal “curadh” dúchasach sa Ghaeilge. Tá “An Curadh Connachtach” againn ar an “Connacht Champion”, agus is minic trácht sa tseanlitríocht ar an “gcuradhmhír”.

  • Séamas Mac Coitir

    Táim tinn tuirseach ó bheith ag éisteacht le caighdeán na Gaeilge, ar Raidió na Gaeltachta, atá in olcas de réir a chéile ó sheachtain go seachtain, go háirithe i measc ngclár-reachtairí gairmiúla. Dáiríre, ní mó ná go gcuireann siad iompú goile orm! Tá siad beag beann ar dhul na teanga, agus tá an béarlachas dulta i gcion go dtí an smúsach orthu.

    Tá sé thar a bheith deacair ar an aos óg Gaeilge mhaith a fhoghlaim, nuair a bhíonn siad ag éisteacht leis an truflais chéanna go síoraí seasta!

    Feictear dom gur féidir “áil” le focal Béarla ar bith, agus tá focal nua Gaeilge cumtha ar an bpointe! Maidir le cúrsaí gramadaí tá siad in umar na haimléise ar fad!

    Aontaím go huile agus go hiomlán le Cian Ó hÉigeartaigh sna tuairimí a nocht sé tá seachtain ó shin, agus mura dtagann athrú chun feabhais ar staid na Gaeilge go luath, ní fada go mbeidh gach buille buailte agus an inneoin ina tost go brách na breithe!

    Aon duine a bhí ag éisteacht le R.na G. ó thosaigh feachtas an olltoghcháin, is léir do chách cá bhfuil ár dtriall! Is mugadh magadh amach is amach atá i gceist, agus cur amú airgid de chuid an státchiste!