Easpa Táinte i gcomórtais an Oireachtais

Na cineálacha leabhar nach bhfuil comórtas ann dóibh i gComórtais an Oireachtais, is fíorbheagán acu atá á scríobh.

Liteartha13-2181

Agus torthaí Chomórtais Liteartha an Oireachtais fógartha an tseachtain seo caite (i ngan fhios don chuid is mó den saol Gaelach) ní miste súil a chaitheamh ar na comórtais féin, agus cúpla ceist a chur. Thart ar scór comórtas atá ann — comórtais úrscéalta, ghearrscéalta, drámaíochta, filíochta, agus comórtais do dhaoine óga agus d’fhoghlaimeoirí. €3,000 a bhí sa duais mhór don úrscéal i mbliana (ísliú ó €5,000 cúpla bliain ó shin), agus ar na buaiteoirí éagsúla bhí roinnt de na húdair is aitheanta sa Ghaeilge, Liam Mac Cóil, Orna Ní Choiléain, Micheál Ó Ruairc agus Micheál Ó Conghaile.

Tá a fhios ag an lá nach bhfuil saibhreas le déanamh ar scríbhneoireacht na Gaeilge (nó as scríobh in aon teanga, má táimid le bheith fírinneach faoi), ach má tá scríbhneoir ag iarraidh dul i mbun pinn, caithfidh sé breathnú ar na deiseanna atá ann dó cúpla punt a shaothrú agus (taobh amuigh de choimisiún ó Chlár na Leabhar Gaeilge nó sparántacht ón gComhairle Ealaíon, agus den mhéidín beag a bheadh ar fáil ó na tithe foilsitheoireachta), is beag airgead a shaothróidh sé mura bhfaighidh sé duais éigin. Mar sin, luíonn sé le réasún go mbeadh an scríbhneoir ag fuint de réir na mine, agus go roghnódh sé genre scríbhneoireachta a bhfuil duais ghnaíúil ag dul leis — an t-úrscéal pobail, abraímis, seachas úrscéal liteartha, dráma trí ghníomh, pictiúrleabhar do pháistí nó athinsint ar sheanscéal — rud a thabharfadh deis dó ar dhuais a ghnóthachtáil sula gcuirfí a shaothar i gcló.

Cé gur cinnte go bhfuil tionchar dá réir ag Comórtais Liteartha an Oireachtais ar a bhfuil á fhoilsiú i nGaeilge, caithfear a admháil freisin go bhfuil baint ag na comórtais chéanna le bearnaí atá san ábhar léitheoireachta atá againn. Is é sin le rá, na cineálacha leabhar nach bhfuil comórtas ann dóibh i gComórtais an Oireachtais, is fíorbheagán acu atá á scríobh.

Cén fáth, cuir i gcás, nach bhfuil leagan nua-aimseartha den Táin againn i nGaeilge? Nó cén fáth nach bhfuil cuimsiú déanta ar na scéalta Fiannaíochta, mar atá déanta leis an Artúraíocht agus leis na scéalta Lochlannacha? Agus, cé is moite de na leaganacha ciorraithe i bhfoirm bande desinée a d’fhoilsigh Colmán Ó Raghallaigh (agus tá sé le moladh as sin), cén fáth nach bhfuil leaganacha próis de na seanscéalta ann do dhéagóirí? Tar éis an tsaoil, nach iad seo clocha mullaigh na litríochta Gaelaí?

Go simplí, níl an ghné sin dár gcultúr liteartha á saothrú mar nach bhfuil duaiseanna Oireachtais ann di. Ní hacmhainn dár gcuid scríbhneoirí blianta fada a chaitheamh ag saothrú na litríochta gan súil acu le híocaíocht éigin. Más mian linn go ndéanfaí saothrú ar ghné ar leith dár gcuid litríochta, caithfear a chinntiú go mbeidh luach saothair ag gabháil leis sin.

De réir mar a thuigim, níl oiread agus foilsitheoir amháin ar Choiste Chomórtais Liteartha an Oireachtais. Dá mbeadh, bheadh deis ann spriocanna ciallmhara a leagan síos agus obair a dhéanamh as lámha a chéile seachas mar atá, agus gach duine ag tochras ar a cheirtlín féin. Bheadh dóchas ansin ann go mbeadh leaganacha nua de na scéalta is ársa i gcorpas na nGael againn sa Nua-Ghaeilge taobh istigh de dheich mbliana — do gach uile aoisghrúpa — agus nach mbeadh orainn iad a léamh i mBéarla níos mó.

Ní cáineadh ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais atá anseo, ach iarracht aitheantas a thabhairt don Oireachtas i bpróiséas na foilsitheoireachta. Agus ní miste go dtuigfeadh Oireachtas na Gaeilge go bhfuil an fhreagracht sin orthu.