Easpa na Gáidhlig ar líne ina chúis imní do BBC Alba

Tá ráite ag BBC Alba sa cháipéis ‘Leirsinn 2021’, a foilsíodh an tseachtain seo caite agus ina leagtar síos plean oibre an stáisiúin Gáidhlig in Albain don chéad cúig bliana eile, go gcaithfear an stádas agus an ról atá ag an Gháidhlig ar na meáin shóisialta a mheas mar chuid den phlean

Tá scríofa in aguisín na caipéise faoin teideal ‘Na Meáin Shóisialta’ go bhfuil drochbhail ar an teanga ar líne in ainneoin chomh maith is a d’éirigh le himeachtaí aonair ar nós ‘Lá na Gáidhlig’ (30 Aibreán 2015). Bhí sé de sprioc ag pobal na Gáidhlig an lá sin an líon is mó daoine agus ab fhéidir a spreagadh chun a dteanga a úsáid ar Twitter faoin haischlib #Gáidhlig.

“Níl labhairt na Gáidhlig ar na meáin shóisialta normalaithe. Agus is fíor-annamh a bhíonn ábhar á chruthú ag úsáideoirí trí mheán na Gáidhlig. Teastaíonn bonn folláin d’ábhar trí mheán na Gáidhlg le dul i ngleic leis an gcontúirt mhór don Gháidlig agus do na meáin Gháidhlig,” a scríobhadh in ‘Leirsinn 2021’.

Dar leis an ríomheolaí aitheanta Kevin Scannell bíonn, ar an meán, tuairim is 1,000 giolc Gáidhlig á gcrochadh ar Twitter sa tseachtain agus 190 giolcaire Gáidhlig gníomhach sa tseachtain.

Níl ach 21 cuntas ar a mbíonn caint i nGáidhlig den chuid is mó (70%+) ar an suíomh agus nuair a bhaintear eagraíochtaí Gáidhlig ón bhfigiúr sin, níl fágtha ach deichniúr a bhíonn ag giolcaireacht i nGáidhlig go príomha gach seachtain.

Thug an tOllamh Scannell figiúirí a bhain leis an nGaeilge ar Twitter do Tuairisc.ie freisin agus cé gur mó Gaeilge atá á labhairt ar an suíomh ná Gáidhlig, níl mórán daoine a bhíonn ag caint i nGaeilge amháin formhór an ama.

Crochann thart ar 770 giolcaire tuairim is 6,000 giolc Gaeilge ar Twitter gach seachtain. Is giolcairí ‘aonteangacha’ (70%+ den ábhar i nGaeilge amháin) iad 114 cuntas acu sin, ach nuair a bhaintear na heagraíochtaí Gaeilge ón liosta, níl fágtha ach 40 duine aonair a bhíonn ag giolcaireacht go príomha i nGaeilge gach seachtain.

Dúirt Scannell le Tuairisc.ie gur faoi na pobail teanga atá an cinneadh cé acu an chontúirt iad na staitisticí sin dá dteanga nó nach ea, agus nach bhféadfadh an scéal a mheas.

“Seo rud thar a bheith tábhachtach a d’fhoghlaim mé ón togra ‘Indigenous Tweets’ (togra de chuid an ollaimh a dhéanann monatóireacht ar úsáid mionteangacha ar Twitter), go háirithe i gcomhthéacs na dteangacha dúchais anseo i Meiriceá Thuaidh – níl mórán ann ar chor ar bith sna teangacha sin sna meáin shóisialta, ach is minic nach gcuireann lucht na hathbheochana abhus anseo mórán suime sa chumarsáid ar líne – tá siad dírithe ar an teanga labhartha den chuid is mó, agus is rud maith é sin, dar liomsa. Tá sé ró-ésaca breithiúnas a thabhairt ar phobal eile!” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Easpa na Gáidhlig ar líne ina chúis imní do BBC Alba'