‘Easpa infheistíochta is cúis le 35,000 othar seachtrach a bheith ar liostaí feithimh Ospidéal na Gaillimhe’ – Trevor Ó Clochartaigh

Díomá ar an Aire Sláinte gur vótáil 92% de bhaill Chumann na nAltraí is na mBan Cabhrach inniu dul i mbun stailce ón 15 Nollaig

KANDAHAR, Afghanistan- The treatment area adjacent to an operating room at the new Afghan National Army regional hospital. The $5 million medical facility in Kandahar also serves a trauma center, with a helicopter landing pad only half a kilometer away. (U.S. Navy Photo by Petty Officer 1st Class David M. Votroubek) (RELEASED)

Ní raibh aon rogha eile ag altraí ach dul ar stailc toisc a laghad infheistíochta atá á dhéanamh ag an Rialtas i seirbhísí na n-ospidéal, dar leis an Seanadóir le Sinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.

Vótáil tromlach de bhaill Chumann na nAltraí is na mBan Cabhrach inniu ar son stailc a chur suas an mhí seo chugainn.

Dúirt an tAire Sláinte Leo Varadkar gur cúis díomá é cinneadh an Chumainn agus é den tuairim go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt do Phlean Thascfhórsa na Rannóg Éigeandála.

I ráiteas a d’eisigh sé tráthnóna, dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh gur léirigh na figiúirí is déanaí gur cuireadh cóir leighis ar 469 othar agus iad ar thralaithe i mí Dheireadh Fómhair in Ospidéal na Gaillimhe agus 34,870 othar seachtrach ag fanacht ar liostaí feithimh an ospidéil chéanna.

“Baineann an ghéarchéim sna hospidéil go díreach le -easpa maoinithe ón rialtas agus fágadh ár gcuid oibrithe túslíne gan aon rogha eile ach dul i muinín an aighnis thionsclaíoch dhá bharr.

“Tá altraí ag déanamh obair den scoth chuile lá den tseachtain, fad is atá siad faoi bhrú breise mar go bhfuil ag teip go leanúnach ar an rialtas dul i ngleic leis na fadhbanna plódú inár gcuid ospidéal,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an Seanadóir go mbeadh Sinn Féin “sásta” 2,500 altra breise a earcú thar thréimhse cúig bliana dá mbeidís i Rialtas.

Fág freagra ar '‘Easpa infheistíochta is cúis le 35,000 othar seachtrach a bheith ar liostaí feithimh Ospidéal na Gaillimhe’ – Trevor Ó Clochartaigh'