Easpa gnímh faoi pharaimíleataigh agus dúnmharuithe ‘King Rat’ á mholadh go poiblí

Léirigh an chonspóid faoi bhratach Billy Wright an gá atá le cur chuige póilíneachta a bheadh bunaithe ar an dlí seachas a bheith ag iarraidh cothromaíocht a chinntiú

King Rat Billy Wright

‘King Rat’ a thugtaí ar Billy Wright, paraimíleatach dílseach a ndeirtear go raibh sé freagrach as scór dúnmharuithe seicteacha. Bhí sé i gceannas ar an UVF i Lár Uladh go dtí gur dhiúltaigh sé glacadh le sos comhraic na ndílseoirí i 1994. Bhunaigh sé an LVF ansin chun an foréigean a choinneáil ar siúl. Gearradh téarma príosúin air i ngeall ar bhagairt ar bhean agus dhúnmharaigh an INLA é i bpríosún na Ceise Fada i mí na Nollag 1997.

Laoch is ea é i súile roinnt dílseoirí i Lár Uladh agus crochadh bratach á cheiliúradh in aice le Dún Geanainn an samhradh seo. Údar mór conspóide ab ea an scríbhinn ar an mbratach – sliocht ó ráiteas de chuid Wright ina ndearna sé gaisce faoi cheathrar fear a dhúnmharú i gContae Thír Eoghain – triúr ball den IRA agus fear nach raibh baint aige le grúpa ar bith.

Díol suntais agus údar imní ab ea an chaoi ar láimhseáil an PSNI gearán ó ghaol le duine de na fir a maraíodh. Mhaígh máthair an fhir gur choir fuatha na dúnmharaithe a mholadh. D’fhreagair comhalta sinsearach den PSNI nár mheas gach éinne go raibh an bhratach maslach. Agus é ag míniú nach mbainfí anuas an bhratach, dúirt sé go gcaithfeadh an PSNI iarracht a dhéanamh cothromaíocht idir an dá phobal a bhaint amach.

Mion-eachtra é, ar ndóigh, ach dhírigh sé aird arís eile ar an bhfadhb a bhaineann leis an gcaoi a gcaitear le paraimíleataigh agus coiriúlacht pharaimíleatach. Sé seachtaine ó shin tharraing painéal saineolaithe aird ar an gcaoi a gcuirtear feidhmiú an dlí as a riocht nuair a théann póilíní a bhíonn ag déileáil le hainriail phoiblí i muinín treorach ó ‘oibrí pobail’ a ghníomhaíonn mar pharaimíleatach istoíche.

I ndiaidh na ndúnmharaithe i mBéal Feirste anuraidh, ar cuireadh an milleán ar bhaill den IRA Sealadach astu, scrúdaigh an Tiarna John Alderdice, Monica McWilliams agus an dlíodóir John McBurney bealaí chun scor na bparaimíleatach a chinntiú. Chinn siad go raibh formhór na n-eagraíochtaí dílis dá sosanna comhraic ach go raibh roinnt ball /iarbhall gafa le coiriúlacht, imeaglú, foréigean agus coireanna eile. De thoradh a dtuairisce gheall an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, Arlene Foster agus Martin McGuinness, i gcomhar leis an Aire Cirt, Claire Sugden, go bhfoilseoidís plean gnímh.

Foilsíodh an plean sin Dé Máirt seo caite. Ceadaíodh ciste £50 milliún do na cúig bliana seo romhainn chun an straitéis a chur i gcrích. Tabharfar acmhainní breise don PSNI agus déanfar athbhreithniú ar an gcaidreamh a bhíonn ag an PSNI le paraimíleataigh. Baineann moltaí eile le Coimisiún Monatóireachta, atheagar ar riar na córa – bannaí, cimiú, trialacha agus téarmaí príosúnachta. Ar an láimh eile tá moltaí sa scéim chun cuidiú le hiarchimí fostaíocht a fháil, víosa go Meiriceá agus deiseanna oideachais sna ceantair ina bhfuil paraimíleataigh láidir.

Léirigh an chonspóid faoi bhratach Billy Wright an gá atá le cur chuige póilíneachta  a bheith bunaithe ar an dlí seachas a bheith ag iarraidh cothromaíocht a chinntiú. Beidh le feiceáil cé chomh héifeachtach is a bheidh an plean. Easpa gnímh an comhartha sóirt is suntasaí, dar le ceannaire an UUP, Mike Nesbitt, atá den bharúil go bhfuil an plean lag easnamhach. Ta sé cáinte go géar freisin ag an iar-aire cirt i Stormont, ceannaire an Alliance David Ford, a dúirt gur chúis díomá é nach bhfuil spriocanna ama ná torthaí intomhaiste leagtha síos ann. Scéim dhúshlánach é, dar leis na hAirí Foster, McGuinness agus Sugden, ach níor mhór í a neartú. Tá briathra fiúntacha ann gan dabht, ach ní leor iad. Is dúshlánach an obair feoil a chur ar an gconablach; dá huireasa ní bheidh sa phlean gnímh ach scéim eile gan éifeacht.