Easpa dul chun cinn maidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh cáinte ag Comhairle na hEorpa

Moltar i dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste de chuid Chomhairle na hEorpa ar maidin go dtabharfaí isteach ‘an reachtaíocht chuí’ leis an nGaeilge a chosaint ó thuaidh

Easpa dul chun cinn maidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh cáinte ag Comhairle na hEorpa

Tá an easpa reachtaíocht teanga ó thuaidh cáinte go láidir ag coiste de chuid Chomhairle na hEorpa agus an coiste sin ag éileamh ar Rialtas na Breataine dul i mbun cainteanna leis an páirtithe polaitíochta i Stormont lena chinntiú go dtabharfar an reachtaíocht isteach.

Moltar sa tuarascáil, a d’fhoilsigh an Coiste Comhairleach ar an Chreatchoinbhinsiún Um Chosaint na Mionlach Náisiúnta, go dtabharfaí isteach “an reachtaíocht chuí leis an nGaeilge a chosaint agus a chur chun cinn agus céimeanna a thabhairt le cearta an mhionlaigh Gaeilge a chinntiú”.

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh roimh an scéala ar maidin go dtacaíonn Comhairle na hEorpa, atá ar cheann d’eagraíochtaí chearta an duine is mó ar an mór-roinn, leis an éileamh atá ann ar Acht Gaeilge.

Bhuail ionadaithe ón eagraíocht POBAL leis an gCoiste Comhairleach anuraidh nuair a bhí fiosrúchán ar bun acu faoin reachtaíocht teanga ó thuaidh. Chuir POBAL tuairisc ó bhéal agus tuairisc scríofa faoi bhráid an choiste.

Dúirt Stiúrthóir POBAL, Janet Muller, gur “baineadh geit” as baill an Choiste nuair a fuair siad na tuairiscí sin agus gur léir go raibh “díomá” orthu faoin méid a bhí le rá ag an eagraíocht teanga.

“Ní scéal deas é, scéal sáraithe na gcearta Gaeilge, agus is maith linn gur ghlac an Coiste go dáiríre leis an fhianaise a chuir muid roimhe, agus go bhfuil torthaí agus moltaí chomh soiléir agus chomh tromchúiseach aige.  Cuireann muid fáilte Uí Cheallaigh roimh an moladh [atá déanta ag an gCoiste].

“Tá tábhacht ar leith leis an tagairt do ‘ dea-chaidreamh’, mar, má chuirtear i bhfeidhm moladh na saineolaithe, agus go dtugtar isteach acht Gaeilge láidir, cuimsitheach, beidh creatlach níos cothroime ann as seo amach,” a dúirt stiúrthóir POBAL, Janet Muller.

Moltar sa tuairisc chomh maith go ndéanfaí tuilleadh chun an Gaeloideachas a chur chun cinn agus go ndéanfaí amhlaidh i gcúrsaí craolacháin Ghaeilge.

Dúirt Conradh na Gaeilge go dtacaíonn an tuairisc ó Chomhairle na hEorpa “leis an méid atá le rá ag pobal na Gaeilge le blianta fada anuas” agus nach bhfuil “forbairt shásúil” déanta ar cheist na reachtaíochta teanga.

“Cuireann an tuairisc seo béim ar ról soiléir Rialtas na Breataine i dtaobh tacaíocht a chothú i dtaobh an Achta de. Is léir nach bhfuil seo déanta acu in ainneoin a gcoimitmintí – ní hamháin i dtaca le Comhaontú Chill Rímhinn ach i dtaca leis na conarthaí idirnáisiúnta a dhaingnigh siad agus a leagann freagrachtaí soiléire orthu i dtaobh chaomhnú agus chosaint na Gaeilge anseo.

“Ní hé seo an chéad uair go bhfuil rialtas na Breataine cáinte ag coiste idirnáisiúnta mar seo i ngeall ar an easpa dul chun cinn ar cheist na Gaeilge ach tá súil againn, agus aird dírithe ar cheist na Gaeilge faoi láthair, go bhfuil deis ann soláthar sásúil a chur i bhfeidhm gan a thuilleadh mhoille,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer.

Tá dualgas ar Rialtas na Breataine a chinntiú go dtabharfar isteach reachtaíocht teanga faoi Chomhaontú Chill Rímhinn agus faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

An samhradh seo caite, mhol na Náisiúin Aontaithe gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Coiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir, agus dúradh gur údar imní a laghad “beartas éifeachtúil” atá ag an Stát leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Fág freagra ar 'Easpa dul chun cinn maidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh cáinte ag Comhairle na hEorpa'

  • Mánus

    Is mór an trua nach bhfuil an Ghaeilge sna 26 condae aitheanta ma mhionteanga ag an AE. Bheadh dream neodrach oibiachtúil údarásach ann chun cás na teanga sa deisceart a léiriú don saol mór. Bhí an Stát Éireannach róghlic toisc gur thuig na maindiríní go mbeadh sé soiléir don AE nach bhfuil seirbhísí i nGaeilge ar fáil ag go huathoibreach gan cheist ón Stáit. Is in aghaidh a dtola a lig FF agus na maindiríní an tAcht teanga thríd an Oireachtais. De bhrí gur bhagair dornán daoine go dtógfaidís cás faoi stádas lag na Gaeilge i gCúirt na hEorpa ligeadh don Acht dul thríd. Anois is léir gur cur i gcèill atá san Acht Teanga agus an Straitéis 20 bhliain. Faraor nár tógadh an cás in aghaidh rialtas na hÉireann i gCúirt na hEorpa seachas glacadh leis an margadh go mbeadh acht teanga á cur ós comhair na Dála.