Éanna Ó Cionnaith nó Éanna Ó Coinnigh? – éiginnteacht faoi shloinne an Taoisigh

‘Éanna Ó Cionnaith’ an leagan Gaeilge ar ‘Enda Kenny’ a bhíodh coitianta, ach tá an leagan ‘Éanna Ó Coinnigh’ in úsáid go hoifigiúil ag an Taoiseach anois

Éanna Ó Cionnaith nó Éanna Ó Coinnigh? – éiginnteacht faoi shloinne an Taoisigh

Is cosúil go bhfuil éiginnteacht ann i measc an phobail agus i Roinn an Taoisigh féin faoi shloinne Gaeilge an Taoisigh, Enda Kenny.

‘Éanna Ó Cionnaith’ an leagan Gaeilge a bhíodh coitianta i measc na meán Gaeilge agus i gcáipéisí stáit le fada an lá, ach tá an leagan ‘Éanna Ó Coinnigh’ in úsáid go hoifigiúil ag an Taoiseach anois.

Dheimhnigh Roinn an Taoisigh do Tuairisc.ie gur ‘Éanna Ó Coinnigh’ an t-aon leagan cruinn ceart d’ainm an Taoisigh agus gurb é an leagan sin atá ar chárta gnó an Taoisigh agus ar shuíomh oifigiúil na Roinne.

Léiríonn cáipéisí eile, áfach, go mbíonn ‘Éanna Ó Cionnaith’ in úsáid chomh maith ag Roinn an Taoisigh. I litir thar ceann an Taoisigh a cuireadh faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an mhí seo caite, mar shampla, ba ‘Éanna Ó Cionnaith’ an leagan a úsáideadh.

Faightear 2,420 toradh ar chuardach Google ar ‘Éanna Ó Cionnaith’ agus 2,450 toradh ar chuardach ar ‘Éanna Ó Coinnigh’. Tá tagairtí do shuíomhanna oifigiúla an Stáit ar an dá liosta torthaí agus ní léir cé acu leagan is coitianta ar shuíomhanna éagsúla ranna an rialtais agus ar shuíomhanna eile sa chóras poiblí.

Bhíodh an nós ann in RTÉ Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ agus meáin chumarsáide eile leaganacha Gaeilge d’ainmneacha polaiteoirí a úsáid agus iad ag tuairisciú ar chúrsaí polaitíochta. Tá an nós sin nach mór imithe anois agus é mar pholasaí oifigiúil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar shampla, ‘An Taoiseach Enda Kenny’ a úsáid mar leagan oifigiúil.

‘Éanna Ó Cionnaith’ an leagan a bhíodh in úsáid coitianta ag na meáin Ghaeilge don Teachta Dála de chuid Fhine Gael, a tháinig i gcomharbacht ar Mhichael Noonan mar cheannaire an pháirtí in 2002 agus ar toghadh ina Thaoiseach é in 2011. Dúirt iriseoirí, atá fós ag obair sna meáin Ghaeilge, gur ‘Éanna Ó Cionnaith’ a bheadh acu freisin ar an Taoiseach, dá mbeadh orthu leagan Gaeilge den ainm a úsáid.

Is faoin teideal ‘Éanna Ó Coinnigh’ atá an t-alt ar Vicipéid faoin Taoiseach, cé go bhfuil díospóireacht ar bun sna leathanaigh eagarthóireachta a bhaineann leis an iontráil faoin leagan ceart oifigiúil ba cheart a bheith ann. Tá plé freisin ar Wikipedia an Bhéarla faoi cé acu ar cheart nó nár cheart an leagan Gaeilge, ‘Éanna Ó Coinnigh’, a lua san alt ar chor ar bith.

Is Aoibhinn Ní Chionnaith an t-ainm atá ar iníon an Taoisigh, agus sin an t-aon leagan dá hainm, Béarla nó Gaeilge, a úsáideann sí.

Sheas sí do phost an Oifigigh Gaeilge in Aontas na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath in 2012 faoin ainm sin, agus tá a cuntais ar na meáin shóisialta faoin ainm sin freisin. Tugtar Aoibhinn Kenny uirthi sna meáin Bhéarla ó am go chéile.

De réir an tsuímh Sloinne.ie, atá bunaithe ar mhórshaothar an Athar Pádraig de Bhulbh, Sloinne Gael is Gall, agus ar an leabhar An Sloinnteoir agus an tAinmneoir Gaeilge, is sloinne de bhunadh na hAlban é Ó nó Mac Coinnigh. Ciallaíonn sé mac le ‘Coinneach’, ‘the fair one’, agus is iad na leaganacha Béarla is coitianta ar an sloinne McKinney, McHinny, MacHinny, Connison, MacKenzie, agus MacKinney.

Is iad na leaganacha Gaeilge de ‘Kenny’ a thugtar ar an suíomh céanna, Ó Coinne, Ó Cionáith, Ó Cionaodha, Mac Giolla Choinnigh, Mac Cionaodha, agus Mac Cionaoith mar. Níl an leagan ‘Ó Cionnaith’ luaite ar an suíomh. Luaitear deisceart Uladh agus cúige Mumhan leis na Kennys.

Fág freagra ar 'Éanna Ó Cionnaith nó Éanna Ó Coinnigh? – éiginnteacht faoi shloinne an Taoisigh'

  • Ben McEneaney

    “Coinnigh ” a mhana (Greim ar chumhacht)