Eamonn Holmes ar an ardán do chur i láthair dátheangach chraoladh beo TG4 ar na Irish Post Awards

Bronnfar gradaim an nuachtáin don diaspóra Éireannach ag searmanas speisialta i Londain agus craolfar an ócáid beo ar TG4

Eamonn Holmes ar an ardán do chur i láthair dátheangach chraoladh beo TG4 ar na Irish Post Awards

Táthar ag súil go bhféachfaidh suas le milliún duine ar an gcraoladh beo ‘dátheangach’ a dhéanfar ar TG4 ar na Irish Post Awards a bheidh ar siúl i Londain i mí na Samhna.

Bronnfar gradaim an nuachtáin do dhiaspóra na hÉireann ag searmanas speisialta ar an 23 Samhain in Park Lane i gcathair Londan. Craolfar an ócáid beo ar an stáisiún Gaeilge agus í á cur i láthair ag an bhfear aitheanta teilifíse de chuid Sky News, Eamonn Holmes. Faoin gcraoltóir aitheanta de chuid TG4 féin Aoife ní Thuairisg a fhágfar cúram na Gaeilge don oíche.

Tá ceist na teanga sa chur i láthair a dhéantar ar chláir áirithe a chraoltar beo ar TG4 tagtha chun cinn le déanaí agus roinnt cláracha spóirt i mBéarla amháin craolta beo ag TG4 le tamall.

Ba i mBéarla amháin ó thús deireadh, mar shampla, a bhí an craoladh beo a rinne TG4 ar na cluichí ceannais i gComórtas Náisiúnta Leadóige na hÉireann i gClub Leadóg Léana Fitzwilliam i mí Lúnasa.

Deir lucht an stáisiúin Ghaeilge nach bhfuil aon athrú ar a bpolasaí teanga i gceist le craoladh na gclár beo seo a mbíonn an cur i láthair go dátheangach nó i mBéarla amháin. Deir urlabhraí TG4 gur craoltaí “aon uaire” iad atá lasmuigh den ghnáthsceideal agus gurb amhlaidh an scéal i gcás na Irish Post Awards.

Dúirt an t-urlabhraí gur deis mhaith atá sa chlár beo as Londain ‘TG4 agus an Ghaeilge’ a chur i láthair an diaspóra.

Roimhe seo bhíodh sé de nós ag TG4 an cur i láthair ar a laghad a bheith ina gcláir bheo.

Seo an dara huair ag TG4 craoladh beo a dhéanamh ar ócáid de chuid an Irish Post. Craoladh beo i mbliana ar TG4 chomh maith The Irish Post Country Music Awards.

Dúirt úinéir an Irish Post Elgin Loane go rabhthas “an-sásta” dul i bpáirt le TG4 chun ‘na hÉireannaigh thar lear’ a chur os comhair an phobail agus chun ceangal a dhéanamh idir “ócáid mhór” de chuid an diaspóra agus “mainstream live television in Ireland”.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gur deis “iontach agus deis shainiúil” a bhí sa bheochraoladh ar na Irish Post Awards chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol na nÉireannach thar lear agus a bhfuil bainte amach acu.

Dúirt Esslemont gur cuid thábhachtach de lucht féachana an stáisiún an diaspóra agus go bhfuil borradh faoi líon na ndaoine thar lear a fhéachann ar TG4.

Tá na Irish Post Awards, a thugann aitheantas d’Éireannaigh thar lear a n-éiríonn leo gaisce a dhéanamh, á mbronnadh le daichead bliain anuas agus i measc na mbuaiteoirí a bhí cheana ann, tá Terry Wogan, Bob Geldof, Daniel Day Lewis, Michael Flatley agus Mo Mowlam.

Is iad lucht an Irish Post, a ghlac úinéireacht ar an stáisiún Irish TV níos luaithe i mbliana, a léireoidh an clár a bheidh á chraoladh beo ar TG4.

Fág freagra ar 'Eamonn Holmes ar an ardán do chur i láthair dátheangach chraoladh beo TG4 ar na Irish Post Awards'

  • Gerry Sóna

    Cad chuige a bhfuil ‘Brit’ mar sin ar clár faoi Éireannaigh.Níos measa na Wogan agus Geldof agus sin deacair le sárú.

  • Éamonn Ó Floinn

    Cad é an chúis atá stáisiún Gaeilge, mura gcraolann sé as Gaeilge? Tá an iomarca clár Béarla ar TG4, The Weakest Link, The Walton’s agus scannáin ó na caogaidí. Agus fiú nuair a bhíonn clár Gaeilge ar an teilfís, tá Béarla ar fud na háite. Cén fáth nach ndubálfaidis go Gaeilge. Níl sé rodheacair.

  • Art

    Cad atá ar siúl le RTÉ3, oh, gabh mo leithscéal TGFour agus cad a dúirt an urlabhraí aríst gur craoltaí “aon uaire” iad atá lasmuigh den ghnáthsceideal agus gurb amhlaidh an scéal i gcás na Irish Post Awards. Ceapaim féin go ndéanann sé sin an dara huair, nach é? Dá mba bhorradh ar linn na ndaoine á lorg ag Alan caithfidh sé a bheith níos cruthaithí, ba chóir dó daoine nochta ar an teilifís nó clár nua, Gaeilge don Thúiseoirí leis na Múinteoirí Sir Bob Geldof agus a chara Bono. Bheadh an-borradh le linn na ndaoine ina ndiaidh siúd. an-phlean!