Éalóidh an gadhar den rópa luath nó mall!

Chonaic ár gcolúnaí fear á tharraingt síos an bóthar ag labradór mór buí, radharc a tharraing í féin siar bóithrín na smaointe

Éalóidh an gadhar den rópa luath nó mall!

Casadh duine de na comharsana orainn an lá cheana is é á tharraingt síos an bóthar, nach mór, ag labradór mór buí. Bhí sé fhéin den tuairim, sílim, gurbh eisean a bhí ag tabhairt an ghadhair amach ar shiúlóid. Níor mhaith leat é a rá amach os ard, ach bheadh a fhios ag cearc chaoch ar leathchois go raibh dul amú mór ar an bhfear bocht.

Is é fhéin a bhí á thabhairt ar shiúlóid ag an ngadhar, nó ar rás ráibe dháiríre, traenáil Couch to 5K, an Tough Mudder nó rás Ironman. Bhí greim an fhir bháite aige ar iall an ghadhair, dath geal ar a chuid alt agus é ag iarraidh a chomrádaí mór spleodrach a choinneáil socair an fhad is a bhí sé fhéin ag caint linn.

Le bheith féaráilte, bíonn an jab céanna agam féin na gasúir a choinneáil socair scaití ach amháin nach mbíonn siad ceangailte ar rópa agam. Fós, ar aon chaoi.

‘Is dócha nár chuimhnigh muid ceart orainn fhéin sula bhfuair muid an gadhar,’ a dúirt sé, braoiníní allais ag sileadh anuas óna bhaithis agus cuma an fhir chloíte air. Thug an lab tarraingt mhór eile ar an rópa agus is beag nár leagadh é. ‘B’fhearr dom imeacht,’ a dúirt sé go gonta agus d’imigh leis síos an bóthar i ndiaidh an ghadhair agus é ar bhogshodar.

Tuigim go maith dhó. Bhí labradór buí againn féin scaitheamh agus muid ag fás aníos. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá ar thug mo mhuintir abhaile chugainn é. Gadhairín beag álainn a bhí ann.

Thug muid amach an chéad lá é ar shiúlóid síos ar an bportach. Cuimhním go raibh sé chomh beag is nach raibh sé in ann feiceáil amach thar na tomachaí fraoigh. Ní fada nó gur fhás sé ina ghadhar mór láidir.

Is dócha gurbh é an chéad bhotún a rinne muid ná gur thug muid ‘Bodhrán’ air.  Is in onóir na huirlise ceoil a phioc muid an t-ainm agus is dócha nár chuimhnigh muid ar an gciall eile a bhí leis an bhfocal agus muid á bhaisteadh.

Is maith a d’fheil a ainm dhó, áfach. Bhí sé glórach, níor thug sé aon aird riamh orainn agus má bhí aon bhlas céille aige ina cheann, ní raibh a chosúlacht sin air. Ach ba chuma, bhí mé fhéin is mo chuid deirfiúracha an-cheanúil air ina dhiaidh sin uilig. Bhí sé ar nós deartháirín beag dána againn nach raibh aon dochar ann dháiríre.

Níl a fhios agam ar aontaigh aon duine eile linn.

Lá amháin, bhí mé ag siúl ar an mbóithrín aníos ón teach nuair a chonaic mé Bodhrán agus é ina chodladh go breá dhó fhéin istigh faoi chrann. Chuala mé glór fir ansin agus é ag fógairt orm. ‘Cuir isteach do ghadhar!’ a dúirt sé.

Bhreathnaigh mé thart ach ní raibh mé in ann éinne a fheiceáil. ‘Hé!’ a dúirt sé arís agus é sách corraithe, ‘cuir an gadhar sin isteach sa teach.’ Is ansin a thug mé faoi deara gur thuas in airde sa gcrann a bhí sé agus beirt fhear eile thuas ann in éindí leis.

Sna chéad bhlianta d’fhanadh sé timpeall an tí agus ní raibh an oiread sin trioblóide leis, ach nuair a bhí sé beagán níos sine thosaigh sé ag imeacht níos faide ó bhaile. Chaithfeadh muid é a choinneáil sa teach ina dhiaidh sin ar fhaitíos go ngabhfadh sé i ndiaidh duine nó ainmhí éigin. Thugadh muid amach ar shiúlóid fhada é faoi dhó sa lá.

Thosaigh sé ag cogaint bun dhoras na cistine ansin agus choinnigh leis nó go raibh a dhóthain bainte de aige is go raibh sé in ann imeacht amach faoi. Chuir m’athair spíce síos i lár an gharraí ar chúl an tí ansin agus cheangail sé an gadhar le rópa mór fada.

D’éirigh leis éalú den rópa lá amháin agus dinnéar na Cásca á réiteach ag mo mháthair. Is dócha go raibh sé curtha as a chiall ag an mboladh breá a bhí ag teacht amach ón gcistineach. Bhí ceathrú uaineola díreach rósta aici agus é leagtha amach ar an gcuntar.

Isteach le Bodhrán agus rug leis ina bhéal é agus amach leis arís ina thoirneach. Is beag nár thosaigh mo mháthair ag caoineadh.

‘Maróidh mé an gadhar sin!’ a dúirt m’athair.