Ealaín ar an trá agus scil ar muir ag Féile Ráiseanna Fionntrá

Maidin Dé Sathairn las an ghrian an ceantar go fáilteach sona d’Fhéile Ráiseanna Fionntrá

Ealaín ar an trá agus scil ar muir ag Féile Ráiseanna Fionntrá

Criú ban ós na Machairí ar an bhfarraige. Pictiúr: Breandán Mac Gearailt

Is cinnte go bhfuil rath na raithní ar Fhéile Ráiseanna Fionntrá. Le seachtain bhí coiste na ráiseanna  suaite de bharr na drochaimsire a bhí ann, barthannach bháistí agus siotaí láidre gaoithe anoir aduaidh.

Maidin Dé Sathairn las an ghrian an ceantar go fáilteach sona agus arís ar an nDomhnach.  “Is gnáthaí go mbíonn aimsir bhreá againn don bhféile gach bliain,” arsa cathaoirleach an Choiste eagair Séamus Ó Lúing.

“Is léir,” arsa ceardaí magaidh, “go mbíonn na daoine seo ag guí go tréan”.

“Bíonn mhuis,” arsa cara dhó, “agus ar na déithe chomh fada siar leis na Tuatha Dé Danann.”

Bhí an-spórt ag leanaí sa chomórtas tógaint caisleán agus múnlaí d’éisc agus ainmhithe déanta le gaineamh na trá.  Bronnadh duais ar gach iarracht. Bhíodar ar fheabhas.

Bhí comórtas rince ann agus thug an seandálaí aitheanta Isabel Bennett léacht an-suimiúil ar sheandálaíocht an pharóiste. Meastar go bhfuil an paróiste ar cheann dos na paróistí is saibhre iontaisí sa tír agus gan amhras an paróiste is mó ina bhfuil boinn shinsir chaide uile-Éireann, sa tír.

Téann stair na ráiseanna naomhóg seo siar go dtí timpeall 1842. Chum an file Seán Ó Duinnshléibhe [1813 –1899] amhrán ag moladh rámhaithe an Bhlascaoid a bhuaigh an ‘Rás Mór’ agus dhein magadh fé lucht na naomhóige ón mórthír a bhí sa dara háit. Tá cuntas deas ag Muiris Ó Súilleabháin, údar Fiche Bliain ag Fás, fén lá taitneamhach a chaith sé ag Ráiseanna Fionntrá ag tús an fichiú haois déag.

Dé Domhnaigh tionóladh ráiseanna ar muir agus caitheamh aimsire agus comórtais ar an dtrá chéanna inar fearadh Cath Fionntrá in anallód. Bhí ráiseanna naomhóg ann do dhaoine óga fé 12 bl, 14 bl, 16 bl. agus 18 bl. Bhí sé go hálainn buachaillí agus cailíní óga a fheiscint ag rámhaíocht go gasta, feistithe, paiteanta. Ba é Rás Mór na bhFear agus Rás Mór na mBan an dá rás go raibh scata ag feitheamh leo. I rás mór na bhfear bhuaigh criú ós na Machairí.

Ba iad san Micheál Ó Laoire, Pádraig Hussae, Seán Seosaimh Hussae agus Colm ó Conchúir, agus i rás mór na mban criú ón nDaingean a bhain an chraobh, Maunza Heidke,  Eléin Waters, Seilí Áine Ní Loinsigh, agus Jean Ní Broin.  Bhí criú ban ó Chorcaigh i rás mór na mban agus cé gur dheineadar go maith, níor bhuadar dada an babhta seo, ach ba iad a bhuaigh an comórtas ‘Tráth na gCeist’ ar an Satharn.  Mar a mbíonn fonn bíonn an rath.

Ceann dos na mórchomórtaisí eile ná caitheamh cruite, comórtas ina mbíonn go leor daoine ón taobh amuigh páirteach. Gan amhras is comórtas spraoi agus spóirt é, ach lán dáiríre ag na hiomaitheoirí. Ba é Seosaimh Ó Sé ó Pharóiste Fionntrá a bhuaigh. Áine Ni Mhaoldomhnaigh a thug an chraobh léi sa chomórtas ‘filíocht ar an dtoirt’ a lean é.

Ochtgcosán ar tí éalú leis chun farraige tar éis chomórtas na gcaisleán sa ghainimh. Pictiúr: Breandán Mac Gearailt

Fág freagra ar 'Ealaín ar an trá agus scil ar muir ag Féile Ráiseanna Fionntrá'