Éagóir déanta ar Choláiste Eoin faoi cheardlann bulaíochta

Thuigfeá ón bhfuadar chun a gcáinte a bhí faoi thráchtairí áirithe go mba róchuma leo faoin dtaobh eile den scéal seo a fháil

eoin_grey
Suaitheantas Choláiste Eoin

I dtús báire, ar eagla na míthuisceana, ba chóir dom a rá go bhfuilim i gcoinne na bulaíochta homafóbaí agus ar son aon bheartais a chuirfeadh ina coinne.

Mar nuair a thagann sé go dtí an bhulaíocht homafóbach, ní ann don ‘taobh eile den scéal’.

Agus dá ráineodh mé a bheith i gcomhluadar duine éigin a bheadh ag iarraidh ‘an taobh eile den scéal’ faoin mbulaíocht homafóbach a roinnt liom, gach seans go dtarraingeoinn aníos ábhar cainte eile leis nó, ag brath ar a dhiongbháilte is a bhí sé ina chuid tuairimí, go gceapfainn seift éigin chun éalú ar fad uaidh.

Is iomaí lá sa chill orainn, agus b’fhearr liom gan am a chur amú ag caint le duine a chreideann gurb ann don ‘taobh eile den scéal’ faoin mbulaíocht homafóbach.

D’fhéadfainn an fód a sheasamh i gcoinne na bulaíochta homafóbaí, is dócha, agus iarracht a dhéanamh a aineolas a chur ar a shúile don té sin, ach tá cathanna áirithe ann ná buafar go deo.

Creidim, áfach, gurb ann don ‘taobh eile den scéal’ i gcás na tráchataireachta ar chás Choláiste Eoin agus an cheardlann faoin mbulaíocht homafóbach ar cuireadh ar athló é sa scoil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath an lá faoi dheireadh.

Go deimhin, creidim gur deineadh éagóir ar Choláiste Eoin.

Ní thaitneoidh an méid sin leo siúd a bhí i dteagmháil le Tuairisc.ie chun tathant orainn an “scéal náireach” seo a phoibliú.

Folaithe i gcuid den chomhfhreagras seo, bhí an tuairim go gcúbódh Tuairisc.ie agus na meáin Ghaeilge eile ón gconspóid mar gur scoil lán-Ghaeilge a bhí i gceist.

Fastaoim. Tá na meáin Ghaeilge chomh ciniciúil le haon mheán eile. Má tá conspóid le bheith ann i scoil éigin, bíodh an chonspóid sin i scoil lán-Ghaeilge! Sin agat an dearcadh a bheadh ag na meáin Ghaeilge.

Ach bhí na daoine ar fad a thug aghaidh ar Twitter agus na cláracha plé ar líne chun Coláiste Eoin a dhamnú ag brath ar thaobh amháin den scéal.

B’fhéidir gur cheart don scoil ráiteas a bheith déanta acu níos luaithe faoin gconspóid mar níor ghabh aon ‘fholús’ riamh an treo nár líonadh le fonn ar Twitter agus Facebook é le caint san aer agus scéalta thairis agus fairis.

B’fhéidir leis gur tuathalach agus míshlachtmhar an cur chuige caidreamh poiblí a bhí ag Coláiste Eoin sa chás seo, agus gur botún a bhí ann an chéad lá an cheardlann a chur ar athló.

Mar sin féin, ba é an rud ba lú a bhféadfadh Coláiste Eoin a bheith ag súil leis ná go mbeadh an grúpa ShoutOut níos tuisceanaí faoin scéal.

Bhí dea-chaidreamh, shílfeá, ag an scoil leis an dream a bhí ag eagrú na ceardlainne agus a d’eagraigh ceardlanna eile dá leitheid sa scoil cheana, agus ba chóir dá bharr go mbeadh sochar an amhrais tugtha acu do Choláiste Eoin.

Ina áit sin chuaigh ShoutOut chuig na meáin agus thugadar le fios go raibh a gceardlann curtha ar ceal ag an scoil, áiteamh nach raibh ag teacht leis an méid a dúirt Coláiste Eoin leo.

Thuigfeá ón bhfuadar chun a gcáinte a bhí faoi thráchtairí áirithe agus iad ag iarraidh a ndindiúirí liobrálacha a chruthú go mba róchuma leo faoin dtaobh eile seo den scéal a fháil.

Bhí a scéal deas snoite cheana féin acu. Ba náire shaolta é Coláiste Eoin ag cur ceardlann faoin mbulaíocht homafóbach ar ceal.

Ach níor chuir an scoil aon cheardlann ar ceal.

Cuireadh an cheardalann ‘ar athló’ mar gur léirigh roinnt tusimitheoirí “a n-imní” faoin scéal i scríbhinn le bord bainistíochta na scoile, agus tá i gceist i gcónaí ag Coláiste Eoin an cheardlann a reáchtáil le linn na scoilbhliana seo. Dúradh an méid sin go soiléir le ShoutOut.

Anois arís, ní bheadh aon luí agamsa le héinne a mbeadh imní orthu faoi cheardlann ar an mbulaíocht homafóbach, ach sin mise agus mo chuid gothaí liobrálacha.

Nuair a chuimníonn tú air is dócha nach aon iontas é go mbeadh tuairimí aite ag roinnt tuismitheoirí Caitliceacha faoin ábhar seo.

Ach ní cás don scoil na tuairimí sin a bheith ann.

Ar an dtaobh eile den scéal, is cás d’aon scoil déaileáil go cothrom, go cóir agus go tuisceanach le haon údar imní a chuirfeadh tuismitheoirí faoi bhráid bord bainistíochta.

Sin a tharla sa chás seo nuair a músclaíodh ceisteanna faoin gceardlann agus nuair a tarraingíodh aird ar dhualgaisí Choláiste Eoin mar scoil a bhfuil sainéiteas Caitliceach aici.

Cuireadh an cheardlann ar athló fad is a bhí comfhreagras na dtuismitheoirí agus conas déileáil leis á phlé, ach ní raibh aon cheist ann ach go reáchtálfaí an cheardlann i mbliana.

Déarfainnse gur botún a bhí ann an cheardlann a chur ar athló, ach mar a dúrt nílim chomh tuisceanach is ba chóir dom a bheith uaireanta faoi thuairimí daoine eile.

Níl an tarcaisne agus an caitheamh anuas atá tugtha ag lucht an uile-eolais do Choláiste Eoin, an scoil inar thug ShoutOut a gcéad cheardlann riamh, tuillte acu.

Tuigtear dom go bhfuil scoileanna fud fad na tíre nár lig agus ná ligfeadh ShoutOut thar tairseach isteach.

N’fheadar an mbeifí sásta liosta a chur ar fáil do na meáin de na scoileanna sin a dhiúltaíonn scun scan do cheardlanna faoin mbulaíocht homafóbach?

Is ansan a bheadh scéal againn.

 

Fág freagra ar 'Éagóir déanta ar Choláiste Eoin faoi cheardlann bulaíochta'

  • Séamas Mac Coitir

    Ba mhaith liom a rá gan frapa gan taca go bhfuil iomlán na fírinne ag Breandán Mac Gearailt, bail ó Dhia air. Táim féin tinn tuirseach ó bheith ag éisteacht leis an mbrille bhreaile chéanna go síoraí seasta ó dhaoine éagsúla a labharaíonn go húdarásach ar gach uile ábhar faoin spéir, agus a gcuid Gaeilge chomh leamh le seanmháistir! Is doigh liomsa nach bhfuil aon réiteach ar an bhfadhb, um an dtaca seo, mar sin, beart gan leigheas foidhne is fearr air! Is bocht an scéal é, bíodh is go gcaitheann scoláirí trí bliana déag nó sa treo sin in ainm is a bheith ag foghlaim na Gaeilge nach mbíonn siad i ndán dhá abairt a chur as a chéile gan phraiseach a dhéanamh de!
    Séamas Mac Coitir.

  • Concubhar

    cén bhaint idir an trácht ó Shéamus agus alt thomhaiste an eagarthóra ar ‘chonspóid’ Choláiste Eoin.

  • Diarmaid

    Is deas ciall a fheiceáil i dtaobh na ceiste seo seachas an cáineadh amaideach bunaithe ar cheannlínte gonta leisciúla ar leithéidí Spin fm agus the Journal. Tarlaíonn rudaí gan choinne i scoileanna ar fud na tíre agus caithfear deileáil leo (gearáin ó tuismitheoirí aineolacha san áireamh).

  • Tuigim

    Bhí an tús cosúil le
    Now I’m not rasist but …

    I don’t mean to insult you but…
    Tuigeann duine céard atá ag teacht.
    Cosaint ón tús.
    Nuair a scríobh tú ‘tá cathanna áirithe ann ná buafar go deo’ an raibh Stát v Eaglais i gceist agat nó céard?
    Ansin tagaimid go dtí an pointe: ‘Go deimhin, creidim gur deineadh éagóir ar Choláiste Eoin.’
    A. An Coláiste bocht. Le bheith soiléir: an bhfuilimid ag caint faoi na daltaí nó an Bord Bainistíochta anseo? Mar measann fhéin go bhfuil an domhan mór ar thaobh na daltaí sa scéal seo. Ach tuigim cá sheasann tú, Seán. Is é an Coláiste an íobartach, ní gasúir san ospidéal nó sa reilig mar mharaigh duine iad mar bhí siad difriúil. Raight. Cosnóimis an Coláiste Caitliceach seo agus go dtí an diabhal leis an gcontúirt do ghasúir. úps.Tú cinnte gur mhaith leat díriú ar seo seachas ar an deaobair ar siúl ag ShoutOut?
    Agus cén fáth an bhfuil ‘scéal náireach’ mar sin agat sa scéal. Masla do na daoine a scríobh é?
    ACH nuair a tháinig mé go
    ‘Tá na meáin Ghaeilge chomh ciniciúil le haon mheán eile’ bhí caife ar fud an boird a tháinig ó mo bhéal. Iomlán DOCHREIDTHE. An gcreideann tú é sin i ndáiríre? Na Meáin Caitliceach iad na meáin as Gaeilge. Meáin nach gceistíonn Tuam Babies, péidifíligh ná Magdlanes. Esiceacht nó dhó amuigh ansin ach teipeann oraibh go ginearálta arís is arís eile. Agus seo sampla eile inniu sa scéal thuas.
    Ghéill an scoil do bhunúsachaí agus rinne siad an-damáiste dóibh féin.
    Teachtaireacht chontúirteach.
    Ní gá agus ní chóir don Bhord ‘déaileáil go cothrom, go cóir agus go tuisceanach le’ seafóid.
    ‘Tuigtear dom go bhfuil scoileanna fud fad na tíre nár lig agus ná ligfeadh ShoutOut thar tairseach isteach.’ Anois. Sin scéal duit. Scéal tábhachtach. An ní sin an scéal a scríobh tú. Ar aghaidh leat leis sin le do thoil agus ar son ‘cothrom na féinne.’