Éadach faiseanta an earraigh don óige ó H&M

Tá praghsanna réasúnta ar an rogha éadaigh an-fhaiseanta do dhaoine óga atá ar fáil faoi láthair ón ollstór a bhfuil 18 ionad acu in Éirinn, thuaidh agus theas

Éadach faiseanta an earraigh don óige ó H&M

Is gnách gur eolas faoi chúrsaí faisin agus stíle do dhaoine fásta a bhíonn á phlé anseo againn ar Tuairisc.ie agus seans go bhfuil sé thar am súil a chaitheamh orthu siúd a bhíonn chomh dea-ghléasta, faiseanta céanna go minic – daoine óga agus páistí.

Thug mé faoi deara le gairid feachtas fógraíochta ag H&M agus iad ag tarraingt airde ar an rogha nua stíle atá ar an margadh acu don óige.

Seo roinnt samplaí do bhuachaillí agus do chailíní ón mbailiúchán sin a thaitin go mór liom féin agus a bheadh an-oiriúnach mar bhronntanais bheaga.


  • Bléasar álainn gorm ar €34.99 a bheadh iontach d’ócáid ar bith. Dhéanfadh sé feisteas an-deas do shearmanas an chóineartaithe agus treabhsar deas leis, mar mhalairt ar chulaith.

 

 

 

 


  • Tá ceithre cinn de dhathanna éagsúla á dtairiscint sna jíons álainn seo ar a dtugtar ‘superstretch skinny’ ar €24.99. Seo rogha a mbainfear úsáid mhaith aisti go cinnte.

 

 

 

 


  • Tá na t-léinte seo ar fáil ar €7.99, iad an-fhaiseanta agus saor. Tá rogha ollmhór acu ar fáil agus iad ar fheabhas don am seo bliana.

 

 

 

 


  • Más jíons a bhfuil an fháithim sceite orthu agus atá go mór sa bhfaisean anois atá ag teastáil ón mbeainín óg tá péire deas de dhearadh ‘skinny’ ar fáil agus cuma sheanchaite orthu ar phraghas €19.99.

 

 

 

 


  • Tá na cuaráin bhándearga seo ar fáil i mbailiúchán seo an earraigh ar €12.99.  Leis na strapaí deas agus an croí mór ag glioscarnach, déanfaidh siad banphrionsa beag as aon chailín óg.

 

 

 

 


  • Agus aimsir álainn an tsamhraidh ag teacht (go luath!) tá na brístí gearra deinim seo go hálainn ar fad do chailíní ar €17.99, iad simplí agus clasaiceach agus bheidís ar fheabhas leis na cuaráin sin thuas.

Fág freagra ar 'Éadach faiseanta an earraigh don óige ó H&M'