Eachtraí Mhaitiú i dTír Iontach na hUltaise… nó Matthew’s Carrànts in Wunnerlan

Agus súil ghéar á coinneáil ag ár n-iriseoir ar cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh le tamall, mheall an fhiosracht síos poll coinín na hUltaise é, mar ar aimsigh sé cóip de Alice’s Carrànts in Wunnerlan

Eachtraí Mhaitiú i dTír Iontach na hUltaise… nó Matthew’s Carrànts in Wunnerlan

Chríochnaigh mé an tseachtain seo leabhar cáiliúil Lewis Carroll Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Tá mé i measc na milliún duine, tá mé cinnte, a léigh an leabhar ó foilsíodh den chéad uair é os cionn 150 bliain ó shin, ach chuirfinn geall go bhfuil níos lú ná 50 duine sa domhan a léigh Alice’s Carrànts in Wunnerlan, an leagan Ultaise den leabhar a d’fhoilsigh Evertype sé bliana ó shin.

Cheannaigh mé an leabhar (ar líne, ó tharla nach féidir é a aimsiú in aon siopa leabhar i nGaillimh) an tseachtain seo caite i ndiaidh dom alt eile faoi cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh a scríobh.

Bhí mé ag iarraidh blaiseadh dár “n-oidhreacht chomhroinnte” a fháil agus leabhar Ultaise a léamh.

Caithfidh mé a rá ar dtús gur dearbhaíodh dom le cúpla lá anuas an tuairim nach teanga í an Ultais ná baol uirthi agus nach bhfuil inti ach canúint de chuid an Bhéarla. Ní duine mé a mhaíonn go bhfuil Ultais agam ná go raibh mórán spéise agam inti roimhe seo ach mar sin féin ní raibh stró ar bith orm an leabhar seo a léamh taobh istigh de chúpla lá.

Níor theastaigh foclóir ná leabhar gramadaí ná aon chomhairle ó chainteoir líofa Ultaise uaim le frásaí ná focail a mhíniú, seachas ‘Carrànts sin an teidil! Ní fhéadfadh cainteoir Ultaise ná aon chainteoir Béarla Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas a léamh chomh héasca céanna agus a léigh mise, cainteoir líofa Béarla, Alice’s Carrànts in Wunnerlan, agus is leor sin, domsa, lena léiriú gur canúint seachas teanga í an Ultais.

Ní deirim é sin le haon drochmheas ar an gcanúint chéanna, áfach, agus caithfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh as an leabhar a léamh. Ach ní fiú léirmheas a scríobh ar shaothar Carroll ó tá sé sin déanta míle is céad uair ó céadfhoilsíodh é.

Bhain mé taitneamh as caint mo chomhthíreach a fheiceáil i gcló agus ba mhór agam an deis eolas a chur ar na cora cainte a bhíonn ag na hOirthuaisceartaigh.

Rith sé liom agus leathanaigh dheireanacha an leabhair á n-iompú agam gur beag idir an leabhar seo agus an tsraith iomráiteach Ross O’Carroll-Kelly, le Paul Howard, a chuireann síos ar shaol fir óig, nó fear meánaosta faoin am seo is dóigh, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Tá na leabhair sin, agus colúin nuachtáin O’Carroll-Kelly, scríofa i gcanúint Bhaile Átha Cliath 4, atá ar cheann de na ceantair is saibhre sa tír. D’fhéadfaí a rá chomh héasca céanna gur sa teanga ‘Doirtis’ atá na leabhair scríofa dá n-úsáidfí an tslat tomhais a úsáideann roinnt aontachtach don Ultais.

Taitníonn leabhair O’Carroll-Kelly liom toisc go bhfaightear léargas iontu ar chultúr an phobail lena mbaineann siad, cé gur aoir thar a bheith géar atá i gceist.

Is beag spéis, dáiríre, a bheadh agam Alyss’s Odvenshures in Awesomeland a léamh agus is dóigh liom gur cur amú ama ar bhealach é Alice’s Carrànts in Wunnerlan a chur i gcló, cé go n-aithním a luach do bhailitheoirí ábhar Carrolliana.

Éiríonn le Howard canúintí na hÉireann, an chanúint ‘Dorsh’ atá ag Ross féin, an chanúint ‘Skanger’ atá ag a mhac, agus canúintí éagsúla tuaithe (nó ‘Bogger’ mar a thugann Ross orthu) a úsáid ar bhealach éifeachtach ina shaothar le beocht agus brí a chur ina scéalta.

Is dóigh liom go bhféadfaí an úsáid chéanna a bhaint as an Ultais i leabhair nuascríofa ina mbeadh scéalta a bhaineann le pobal labhartha na canúna. Ba bhreá liom leabhair a léamh in Ultais ina bhfaighinn spléachadh ar shaol mhuintir na tuaithe in Aontroim.

Tá deiseanna ann canúintí, agus fiú teangacha, a mheascadh le chéile in aon saothar amháin le léargas cruinn a thabhairt ar oirUlaidh an lae inniu, agus thaitneodh a leithéid de leabhar liom chomh mór céanna — roinnt carachtar ag labhairt Béarla na Banríona, daoine eile ag spalpadh Gaeilge eatarthu féin, agus daoine eile fós ag caint is ag comhrá in Ultais nó canúint éigin eile de chuid na hÉireann.

Ní rud as an ngnáth é canúintí éagsúla a léiriú i leabhair, mar atá déanta i seánraí chomh héagsúil lena chéile is atá Ross O’Carroll-Kelly agus Redwall le Brian Jacques.

Tá mé sásta gur léigh mé Alice’s Carrànts in Wunnerlan agus admhaím gur bhain mé taitneamh, páistiúil seans, as aithris a dhéanamh ar an gcanúint os ard agus mé á léamh.

Is dóigh liom, mar a mhol Alan Titley ar an suíomh seo, gur chóir do chainteoirí Gaeilge seilbh a ghlacadh ar an Ultais agus tacú léi mar chanúint de chuid ár dtíre.

Ar a laghad ar bith, tá sé le maíomh agamsa anois gur mó leabhar Ultaise atá léite agam ná mar atá léite ag formhór na bpolaiteoirí ó thuaidh a bhíonn ag éileamh cearta teanga do lucht a labhartha.

Ba chóir dóibh siúd ar cás leo an Ultais, freisin, seilbh a ghlacadh uirthi mar chanúint agus éirí as an gcur i gcéill gur teanga í. Tá a luach féin aici mar chanúint agus tábhacht ag baint leis an gcanúint sin agus an cultúr a ghabhann léi.

Is mó a ghabhfadh sé chun sochar na canúna, áfach, dá scríobhfaí leabhair mar atá luaite agam thuas ná seachas tuilleadh leabhair atá ar fáil i mBéarla cheana.

Alice’s Carrànts in Wunnerlan agus dhá leagan Gaeilge de Alice’s Adventures in Wonderland, Eachtraí Eibhlíse i dTír na nIontas/Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas, ar fáil ó Evertype