Éachtaint shuimiúil ar ghnó a dteastaíonn croí leoin chuige

Thug Lolly for Dolly léargas maith dúinn ar thionscal mór groí na gcapall, ach is bocht an tuiscint a bhí ag Dónal Óg ar ‘the sleeping habits of the Aytollah’.

The long shot

In 2011 thug an capall Éireannach Lolly for Dolly an svae leis i gceann de ráiseanna Royal Ascot. Níor gineadh an capall seo i gceann de ghraíonna cáiliúla na tíre agus níorbh é JP McManus, John Magnier ná an Aga Khan an t-úinéir. Ba fhear óg trí bliana is tríocha, David Keoghan (fear céile Cecelia Ahern), úinéir an chapaill agus thug an bua sin i gcoinne an tsrutha na hacmhainní dó dul ag rómhar san iomaire seo agus iarracht a dhéanamh é a fhéachaint leis na piardaí móra luaite thuas. Leanann an clár faisnéise seo (The Long Shot, RTÉ 1, Dé Máirt) David agus a leathbhádóir, an traenálaí capaill Fozzy Stack, is iad ag tabhairt faoin turas seo leis an mbreis ina n-aghaidh.

Cheannaigh David Lolly for Dolly ar €60,000 agus díoladh é ar phraghas €750,000 tar éis rás Ascot. Nuair a cuireadh an duais airgid san áireamh bhí breis agus €1m sa chiste feachtais. Ní haon iontas go dtugtann David “cluiche na mbilliúnaithe seo” mar íocann sé €400,000 ar 6 chapall óg i Goffs agus cé go bhfuil ginealach uasal acu, níl a gcumas cruthaithe acu go fóill. Ina theannta sin ar fad, beidh costas stáblaí €100,000 i gceist.

Is tionscal mór groí é tionscal na gcapall agus is beag tuiscint atá ag cuid mhaith againn ar cad a bhíonn ag tarlú sa chúlra agus ar chúlra téarmaí; comhghuaillíochtaí casta idir úineirí capaill, traeanálaithe, marcaigh, úinéirí na ngraíonna agus úineirí na stáblaí traenála. Níos mó ná caipín amháin á chaitheamh ag daoine is iad ag iomaíocht agus comhghuaillíocht lena chéile ar a seal. Is iad an phórlíne agus an ginealach na nithe is tábhachtaí sa chluiche seo. Is léir gur géire an cluiche airgid, díolacháin agus ceannacháin ná aon rud a bhíonn le feiscint ar an ráschúrsa. Thuas seal, thíos seal a bhíonn Kevin agus a leathbhádóir i rith an chláir ach ní éiríonn leis filleadh ar bhuaicphointe Ascot. Éachtaint shuimiúil ar ghnó nár mhór duit croí leoin a bheith agat le tabhairt faoi.

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Don tarna babhta laistigh de bhliain, thug Dónal Óg Cusack fogha fíochmhar ó shuíochán The Sunday Game (Dé Domhnaigh, RTÉ 2) faoin mBord Contate i gCorcaigh. Ba dheireadh seachtaine tuabaisteach é do lucht leanta na gCorcaíoch. Ba phatuar na taispeántais a thugadar uatha sa chaid agus sna camáin agus bhí a fhios ag madraí an bhaile ná cuirfeadh fear Chorcaí fiacail ann. Tháinig an tuar faoin tairngreacht agus é ag caint faoin Don agus na stooges atá timpeall air. Ina theannta sin, mhaígh sé go bhfuil an saineolas céanna ag piardaí iománaíochta Chorcaí ar spórt ardghníomhaíochta is atá aige féin ar “the sleeping habits of the Aytollah.”

Fág freagra ar 'Éachtaint shuimiúil ar ghnó a dteastaíonn croí leoin chuige'