€6 milliún fógartha ag Kyne do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun díol as costais bhreise a bhain le forbairt dhá chalafort ar Oileáin Árann

Tá ceist chostas na muiroibreacha ina cnámh spairne idir an Roinn agus an Chomhairle le tamall de bhlianta agus d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta ar maidin go raibh an soláthar de €6 milliún 'á thairiscint mar lánghlanadh deiridh ar an gceist seo'

€6 milliún fógartha ag Kyne do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun díol as costais bhreise a bhain le forbairt dhá chalafort ar Oileáin Árann

Tá €6 milliún á thabhairt ag Roinn na Gaeltachta do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun díol as costais bhreise a bhain le forbairt dhá chalafort ar Oileáin Árann – céibh Chill Rónáin agus An Caladh Mór ar Inis Meáin.

Tá ceist chostas na muiroibreacha ina cnámh spairne idir an Roinn agus an Chomhairle le tamall de bhlianta.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar maidin go raibh an soláthar de €6 milliún agus an €900,000 a d’íoc an Roinn leis an gComhairle le trí bliana anuas “á thairiscint mar lánghlanadh deiridh ar an gceist seo”.

Bhain costas os cionn €50 milliún ar fad le forbairt na gcalafort.

Ba í Comhairle Chontae na Gaillimhe a d’fhorbair an dá chalafort thar ceann na Roinne Gaeltachta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur theastaigh uaidh réiteach a fháil ar an aighneas faoi chostas na gcalafort ó ceapadh ina Aire é.

“Ceann de na ceisteanna gur theastaigh uaim réiteach a fháil uirthi, tar éis dom a bheith ceaptha mar Aire Stáit le cúram don Ghaeltacht agus do na hOileáin, ná na héilimh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe i ndáil leis na costais bhreise a bhain leis na muiroibreacha tábhachtacha a rinneadh roinnt blianta ó shin ag Caladh Mór agus Cill Rónáin.

“Bhí gaol láidir idir mo Roinnse agus Comhairle hContae na Gaillimhe thar na blianta, agus muid ag obair ar iliomad tograí sna hoileáin agus sa Ghaeltacht ar mhaithe leis na bpobal áitiúil. Is deimhin liom go gcabhróidh an réiteach seo atá á thairiscint chun a chinntiú go leanfaidh an gaol láidir sin sna blianta amach romhainn, go háirithe agus muid ag cur na hoibre chun cinn don fhorbairt nua ar Ché Inis Oírr,” a dúirt Kyne

 

Fág freagra ar '€6 milliún fógartha ag Kyne do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun díol as costais bhreise a bhain le forbairt dhá chalafort ar Oileáin Árann'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An raibh ‘plean teagmhais’ ar bith ullmhaithe ag na heagraíochtaí stát seo (nó ag na comhlachtaí príobháideacha a rinne an tógáil féin) le dhul i ngleic le costaisí gan choinne??

    An mbeidh oileán Árann anois ag cuir fógra amach leis na cainteoirí Gaeilge uilig a tharraingt ‘un oileáin nó an mbeidh an fhorbairt seo ag díriú níos mó ar na sluaite turasóirí Béarla a mhealladh isteach?…