€500,000 ceadaithe do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad

Beidh scrúduithe TEG á reáchtáil ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad ar fud na tíre agus thar lear ag amanna éagsúla ó mhí Aibreáin go dtí mí Lúnasa

€500,000 ceadaithe do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad

Scrúduithe TEG ar bun i Sydney na hAstráile

Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta  Seán Kyne go bhfuil deontas €502,500 ceadaithe aige do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

Baineann formhór an mhaoinithe – €382,500 – le reáchtáil na scrúduithe don Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG), scrúduithe Gaeilge a chuirtear ar fáil do dhaoine fásta atá ag iarraidh cáilíocht aitheanta a bhaint amach sa Ghaeilge.

Beidh scrúduithe TEG ar siúl ar fud na tíre agus thar lear ag amanna éagsúla ó mhí Aibreáin go mí Lúnasa agus tá na scrúduithe seo déanta ag beagnach 4,500 duine ó 2006.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios go bhfuil an €120,000 den deontas ceadaithe “chun cur ar chumas na hOllscoile Oifigeach Riaracháin a cheapadh le déileáil leis an méadú atá tagtha ar an líon iarrthóirí a thugann faoin scrúdú TEG”.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh sé “an-sásta” go bhfuil deontas á chur ar fáil do Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó 2008 i leith agus go bhfuil “sárobair” á déanamh ag Lárionad na Gaeilge chun siollabas céimnithe a chur ar fáil de réir an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach.

“Tuigim go bhfuil TEG á theagasc anois in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann, i bPáras, i Nua-Eabhrac, in Ottawa, i Sydney agus i bPrág na Seice.  Chomh maith leis sin, reáchtáiltear scrúduithe do dhaltaí meánscoile agus don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

“Tuigim gur thug suas le 600 iarrthóir faoin scrúdú TEG anuraidh agus go bhfuil gá anois le post Oifigeach Forbartha a chruthú de bharr na forbartha sin.

Dúirt an tAire Kyne go bhfuil an oiliúint a chuirtear ar fáil ó Lárionad na Gaeilge “ríthábhachtach” go háirithe toisc deireadh a bheith á chur leis an maolú ar stádas an nGaeilge san Aontas Eorpach.

“Beidh deiseanna iontacha ann chun slí bheatha thairbheach idirnáisiúnta a bhaint amach agus cuideoidh cúrsaí TEG le líon na ndaoine leis na scileanna cuí chun freastal ar na riachtanais sin a ardú,” a dúirt an tAire Kyne.

 

Fág freagra ar '€500,000 ceadaithe do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad'