€4.9m curtha ar fáil ag FnaG do cheanneagraíochtaí

Tá €4.9 curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do na Ceanneagraíochtaí Gaeilge chaon taobh den teorainn.

Foras Doc

Dheimhnigh Foras na Gaeilge go bhfuil €4.9m curtha ar fáil acu do na sé cheanneagraíocht teanga don bhliain 2015 lena bpleananna i gcomhair chur chun cinn na Gaeilge a chur i bhfeidhm.

Tá réimse sainiúil oibre leagtha amach a chaithfear a chomhlíonadh faoin socrú seo.

Caithfear an t-airgead ar shuirbhé ar riachtanais phobal na Gaeilge, áiseanna do theagasc na Gaeilge agus plean cúig bliana chun soláthar naíonraí agus gaelscoileanna a bhunú ar fud an oileáin.

Chomh maith leis sin, cuirfear féile úr samhraidh, mórimeacht trí lá dírithe ar dhaoine óga ar fud na hÉireann agus comórtas gailf ar bun.

Díreofar ar chur chun cinn na teanga mar theanga teaghlaigh freisin. Chuige sin, forbrófar leabhrán agus bileog eolais do thuismitheoirí, déanfar suirbhé ar úsáid na Gaeilge sa teaghlach agus cruthófar straitéis le haghaidh gréasáin Ghaeilge scoilbhunaithe.

Is iad na sé cheanneagraíocht ná Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Glór an nGael agus Gaelscoileanna agus beidh siad ag obair faoi réimsí éagsúla: oideachas, idir Ghaeilge agus Bhéarla; forbairt pobail; úsáid teanga; feasacht teanga; agus gréasáin óige.

Bhí an cruinniú deireanach den bhliain 2014 ag Foras na Gaeilge agus ceannasaithe na gceanneagraíochtaí san Fhóram Comhpháirtíochta an tseachtain seo caite.

Dúradh i ráiteas tar éis an chruinnithe go bhfuil 60% de na poist a bheidh sna ceanneagraíochtaí líonta, agus 33 duine fostaithe ó dheas agus seisear fostaithe ó thuaidh.

Bhí cruinniú le gairid freisin ag an bhFóram Forbartha Teanga, an dara fóram atá bunaithe mar chuid de na socruithe úra atá i bhfeidhm anois d’earnáil dheonach na Gaeilge.

Fág freagra ar '€4.9m curtha ar fáil ag FnaG do cheanneagraíochtaí'