€26,000 an sprioc chun Oireachtas Chois Fharraige a reáchtáil arís san fhómhar

Litir curtha amach ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar mhaithe le hairgead a bhailiú chun féile Ghaelach a eagrú i gConamara

€26,000 an sprioc chun Oireachtas Chois Fharraige a reáchtáil arís san fhómhar

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh €26,000 a bhailiú le féile Oireachtais a chur ar bun i nGaeltacht Chonamara i mí Mheán Fómhair.

Eagraíodh ‘Oireachtas Chois Fharraige’ in 2014 mar chomóradh ar an bhféile Oireachtais a reáchtáladh ann 40 bliain roimhe sin i 1974 – an chéad uair riamh a cuireadh Oireachtas na Samhna ar bun taobh amuigh de chathair Bhaile Átha Cliath.

Bhí féile na Samhna ar siúl i gCois Fharraige arís i 1976 agus tá sé i gceist anois ag an gCumann Forbartha comóradh a dhéanamh ar an ócáid sin.

Sheol an Cumann Forbartha litir amach le deireanas ag iarraidh ar an bpobal, ar eagraíochtaí teanga agus ar ghnólachtaí áitiúla airgead a dheonú don fhéile.

Deirtear sa litir go bhfuil a bheannacht tugtha ag Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge Liam Ó Maolaodha d’Oireachtas Chois Fharraige 2016 agus nach bhfuil an fhéile i gConamara in iomaíocht le hOireachtas na Samhna.

Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú chun aitheantas a thabhairt don “tacaíocht ar leith a thugann muintir Chonamara agus Chois Fharraige don Oireachtas, cibé áit a mbíonn sé ar bun”.

Tugtar le fios sa litir go bhfuil grúpa oibre bunaithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige chun féachaint i ndiaidh eagrú na féile agus go bhfuil “clár uaillmhianach” leagtha amach acu.

Fág freagra ar '€26,000 an sprioc chun Oireachtas Chois Fharraige a reáchtáil arís san fhómhar'