€25,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do 27 togra 1916

Tá maoiniú idir €200 agus €2,500 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta ón gCiste Comórtha 1916 do choistí agus grúpaí áitiúla sa Ghaeltacht le himeachtaí éagsúla a eagrú don bhliain seo chugainn

O'Connell Street 1916

Ó dhráma faoin bPiarsach i dTír Chonaill go Siúlóid Mhór i gCorca Dhuibhne, tá maoiniú €25,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta le haghaidh 27 togra a dhéanfaidh idir cheiliúradh agus chomóradh ar Éirí Amach 1916 le linn na bliana seo chugainn ar fud na Gaeltachta.

Beidh idir cheolchoirmeacha, léachtaí, féilte, léiriúcháin drámaíochta, taispeántais, siúlóidí stairiúla agus imeachtaí nach iad ag tarlú i ngach ceantar Gaeltachta seachas Gaeltacht Chorcaí faoin scéim le linn na bliana 2016.

Do choistí agus do ghrúpaí áitiúla a ceadaíodh an maoiniú – ar fiú idir €200 agus €2,500 an togra é – le clár leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí a eagrú a bheidh mar chuid de chlár comórtha céad bliain an Éirí Amach.

D’fhógair an tÚdarás an ciste i mí Mheán Fómhair na bliana seo agus é i gceist aige maoiniú suas le €5,000 a chur ar fáil, ag brath ar chaighdeán an tionscadail. Leagadh síos coinníoll freisin go ngabhfadh an t-iarratas chun tairbhe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Tugadh €2,500 do Noel Ó Gallchóir as Gort a’ Choirce i gCo. Dhún na nGall a chun dráma aonair dar teideal ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ a léiriú.

Is sa chontae sin a bheidh an líon is mó imeachtaí a gheobhaidh maoiniú ó Chiste Ceiliúrtha 1916. Beidh aon cheann déag d’imeachtaí i dTír Chonaill, seacht gcinn i gCorca Dhuibhne, cúig cinn i gConamara, agus ceann amháin sna Déise, i nGaeltacht na Mí agus i nGaeltacht Mhaigh Eo araon.

Tá sé cinn d’fhéilte luaite ag na grúpaí agus coistí áitiúla ar liosta na n-imeachtaí a chuirfear ar siúl le maoiniú ón Údarás, chomh maith le ceolchoirm agus mórshiúlta a dhéanfaidh comóradh ar an Éirí Amach. 

Fág freagra ar '€25,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do 27 togra 1916'