€20,000 caite ar fheachtas poiblíochta na Roinne do chomórtas earcaíochta an AE d’aistritheoirí Gaeilge

Níor éirigh ach le deichniúr as an 210 duine a chuir isteach ar an 63 post a fógraíodh d’aistritheoirí Gaeilge mar chuid den fheachtas mór earcaíochta a bhí ar bun in Institiúidí an Aontais Eorpaigh anuraidh

€20,000 caite ar fheachtas poiblíochta na Roinne do chomórtas earcaíochta an AE d’aistritheoirí Gaeilge

Chaith an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ionann is €20,000 ar fhógraíocht le hiarrthóirí a mhealladh cur ar isteach ar na poist mar aistritheoirí Gaeilge san Aontas Eorpach a fógraíodh an samhradh seo caite.

Chuir 210 duine isteach ar an 63 post a fógraíodh d’aistritheoirí Gaeilge mar chuid den fheachtas mór earcaíochta a bhí ar bun in Institiúidí an Aontais Eorpaigh anuraidh chun aistritheoirí a aimsiú do roinnt teangacha éagsúla.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite nár éirigh ach le deichniúr den 210 duine sin a chuir isteach ar na 63 post an post a fháil.

Níor éirigh ach leis an deichniúr sin toisc go raibh deacrachtaí ag EPSO, an tseirbhís earcaíochta a reáchtáil an comórtas, teacht ar dhaoine a raibh caighdeán Gaeilge agus scileanna aistriúcháin sách ard acu do na poist.

Bhí imní anuraidh ann nach n-éireodh ach le idir 45 agus 55 duine dul ar aghaidh go dtí an chéim dheiridh den phróiseas earcaíochta, ach is measa go mór an scéal a tháinig chun solais an tseachtain seo caite agus gan ach níos lú ná 5% de líon iomlán na n-iarrthóirí inniúil do na poist.

Agus an feachtas faoi lánseol anuraidh, d’íoc an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta mar a bhí, €19,680 leis an gcomhlacht poiblíochta Q4PR le feachtas poiblíochta a reáchtáil don chomórtas earcaíochta san Aontas Eorpach.

Tháinig an t-eolas faoin gcaiteachas chun solais i bhfreagra ar cheist a chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Brendan Howlin, ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys sa Dáil an tseachtain seo.

Táthar ag súil go gcuirfear níos mó ná 180 post ar fáil d’aistritheoirí sna hInstitiúidí sa Bhruiséil agus i Lucsamburg idir 2016 agus 2021. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le rialachán nua i mí na Nollag na bliana 2015 chun deireadh a chur leis an maolú a bhí i bhfeidhm ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas le blianta anuas.

Tá na haistritheoirí á n-earcú mar chuid den ullmhúchán atá ar bun ag Institiúidí na hEorpa seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil a bheidh ar comhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i dteangacha eile an Aontais Eorpaigh.

Nuair a fógraíodh na poist i Meitheamh na bliana seo caite, dúirt ceannasaí na hArd-Stiúrthóireachta Rytis Martikonis go mbeifí “ag obair i ndlúthchomhar le hÉirinn” chun tabhairt faoi na dúshláin a bhí roimh an Ard-Stiúrthóireacht aistritheoirí cumasacha a aimsiú.

Dúirt urlabhraí de chuid  Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie go bhfuil iarrachtaí ar bun “an deacracht” atá anois ann daoine a earcú “a shárú”.

Fág freagra ar '€20,000 caite ar fheachtas poiblíochta na Roinne do chomórtas earcaíochta an AE d’aistritheoirí Gaeilge'

  • Ursa Minor

    Ní cúnamh ar bith tusa, a dhuine, agus tú ag iarraidh scéal Chailleach an Uafáis a bhaint as ar tharla. Seachain an gcuirfeá lagmhisneach ar dhaoine! Bhí lear mór (díréireach, go deimhin) díobh siúd a chuir isteach ar an gcomórtas nár éirigh leo dul thar an gcéad chéim, céim nár bhain le Gaeilge dubh, bán ná riabhach ach le réasúnaíocht bhriathartha sa tríú teanga, le réasúnaíocht theibí, agus le réasúnaíocht uimhriúil. Ní easpa Gaeilge a chriog na daoine sin agus díth eolais ar nithe eile. Ós ag trácht ar dhíth sinn, ionmholta duit féin, creidim, eolas a chur ar na céimeanna éagsúla a bhaineann le comórtas de chuid EPSO sula dté tú ag scaipeadh mí-eolais i dtaobh ar tharla. Have a nice day 

  • Ursa Minor

    Ní cúnamh ar bith tusa, a dhuine, agus tú ag iarraidh scéal Chailleach an Uafáis a bhaint as ar tharla. Seachain an gcuirfeá lagmhisneach ar dhaoine! Bhí lear mór (díréireach, go deimhin) díobh siúd a chuir isteach ar an gcomórtas nár éirigh leo dul thar an gcéad chéim, céim nár bhain le Gaeilge dubh, bán ná riabhach ach le réasúnaíocht bhriathartha sa tríú teanga, le réasúnaíocht theibí, agus le réasúnaíocht uimhriúil. Ní easpa Gaeilge a chriog na daoine sin ach díth eolais ar nithe eile. Ós ag trácht ar dhíth sinn, ionmholta duit féin, creidim, eolas a chur ar na céimeanna éagsúla a bhaineann le comórtas de chuid EPSO sula dté tú ag scaipeadh mí-eolais i dtaobh ar tharla. Have a nice da

  • maitiu w

    Cur amu airgid an t-aistriuchan sin uilig. Toineacha compordacha costasacha ar shuiochain.
    Cad a dheantar leis na haistriuchain sin ag deireadh? B’fhearr colaisti oiliuna a athbhunu chun Gaeilge a mhuineadh d’oidi scoile. Nil Gaeilge mhaith ag formhor na n-oidi Gaeilge; breathnaigh an dochar a dheantar sna cursai samhraidh, chuir me fein mo phaiste fein ‘siar’ chuig ceann acu i mbliana. Caithfear tosu as an nua sula mbeidh se rodheireanach.

  • tomas

    Aontaim! An bhfuil muintir na Gealtachta ag cur isteach ar na jobanna sin thall? Tuigim gur ‘foghlaimeoiri’ is mo a bhionn ag streachailt leis an aistriuchan, ach is cinnte gur foghlaimeoiri ‘sarchailithe’ a bhios ag teagasc ar na cursai samhraidh anseo san iarthar. An dall ag giollaiocht an daill …cuid acu o iochtar tire!

  • Guth Garg

    Ní fíor gur “‘foghlaimeoirí’ is mo a bhíonn ag streachailt leis an aistriuchán”, leoga, dream ‘Gaeltachta’ is mó a bhíonn ag streachailt leis óir is iad na foghlaimeoirí is mó a bhíonn sásta a gcumas teanga a thabhairt chun barr foirfeachta. Pé ‘dream’ iad, is beag duine a bhaineann an barr foirfeachta sin amach sa Ghaeilge ar chúiseanna go leor – easpa cumais, easpa spéise, easpa oiliúna cuí ar gach leibhéal oideachais. Gan amhras, ba cheart go mbainfeadh idir aistritheoirí agus mhúinteoirí an barr foirfeachta sin amach sula scaoilfí i mbun cúraim iad ach lig an Ghaeilge na maidí rámha sin le suth fadó, faraor.

  • traolach

    Rinne tu dearmad a ra go dtugtar pa an-mhaith doibh as an ‘easpa cumais, easpa speise’ sin agus nach bhfostofai in aon earnail eile sa tir iad (seachas san HSE b’fheidir).

  • Harriet P.

    ‘An bhfuil muintir na Gealtachta ag cur isteach ar na jobanna sin thall?’

    Ní bheadh chuid mhaith mhór de mhuintir na Gaeltachta in ann don obair. Níl ach droch-Ghaeilge – nó droch-bhreacGhaeilge fiú – ag go leor de na daoine a thugann ‘cainteoir dúchais Gaeilge’ orthu féin. Ná cailleadh muid ár misneach, áfach: Níl ach droch-Bhéarla ag go leor daoine a bhfuil Béarla acu ón chliabháin agus níorbh fhéidir leo bheith ina n-aistritheoir proifisiúnta ach oiread. Ní leor bheith i do chainteoir dúchais chun bheith i d’aistritheoir proifisiúnta agus sin sin.

  • Sean O Briain

    Aontaim le Ursa Minor. Baineann na fadhbanna earcaiochta leis na tastalacha reasunaiochta nach bhfuil moran taithi ag Gaeilgeoiri orthu. Is fiu airgead a chaitheamh ar oiliuint a thabhairt do na Gaeil sa reimse seo.

  • traolach

    Easpa reasunaiochta, easpa cumais,easpa speise ….mar sin. Grma a Sheain.