€17,500 bronnta ar fhostaí a sceith eolas faoi Áras Chois Fharraige ar an Spidéal

Dúradh sa chúirt go bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach mbeadh Anna Monaghan curtha ar fionraí murach na ngearán a bhí déanta aici faoi ghnéithe de chaighdeán na seirbhíse sa teach altranais

€17,500 bronnta ar fhostaí a sceith eolas faoi Áras Chois Fharraige ar an Spidéal

Tá €17,500 bronnta sa chúirt ar dhuine a sceith eolas faoi Áras Chois Fharraige, an teach altranais ar an Spidéal i gConamara.

Cuireadh ar fionraí an té a bhí fostaithe ag Aras Chois Fharraige, Anna Monaghan, nuair a chuir sí a himní faoi ghnéithe de chur chuige an árais in iúl don Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (Hiqa).

D’ordaigh an Chúirt Oibreachais, faoin reachtaíocht a bhaineann le cosaint a thabhairt do sceithirí eolais, d’úinéirí Áras Chois Fharraige an t-airgead a íoc leis an gcúramóir, a thug eolas do Hiqa faoi ghnéithe de chaighdeán na seirbhíse sa teach altranais.

Cuireadh ar fionraí gan aon phá Anna Monaghan, a bhfuil naonúr clainne uirthi, ón  7 Samhain 2014.

Dúradh sa chúirt go bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach mbeadh an cúramóir curtha ar fionraí murach na gearáin a bhí déanta aici.

Bíodh gur easaontaigh mátrún an árais leis an méid sin, cinneadh go mba inchreidte an fhianaise a thug comhghleacaí de chuid an chúramóra don chúirt.

Dúirt an comhghleacaí sin, Kathleen Larkin, go ndúirt an mátrún nach raibh seans na ngrást go gceadófaí do Anna Monaghan filleadh ar an obair sa teach altramais.

Le linn na héisteachta, dúirt úinéirí Áras Chois Fharraige gur cuireadh Anna Monaghan ar fionraí toisc gur sceith sí eolas nár cheart di a sceitheadh.

Dúirt Trevor Collins, an dlíodóir a bhí ag feidhmiú thar ceann Anna Monaghan, gur íoc sí go daor as a bheith ina sceithire.

“I don’t think Ms Monaghan’s experience would encourage other whistleblowers to come forward, but she can take some comfort from the fact that the lives of the residents have improved as a result of her contact with Hiqa,” a dúirt Trevor Collins.

I mí Dheireadh Fómhair 2014, foilsíodh tuarascáil inar léirigh cigirí ón áisíneacht Hiqa imní faoi ghnéithe de chaighdeán na seirbhíse sa teach altranais Áras Chois Fharraige ar an Spidéal i gConamara.

Tugadh le fios sa tuarascáil go raibh “an-imní” ar chigirí na háisíneachta a thug cuairt gan choinne ar an Áras i mí Mheán Fómhair 2014.

“The inspectors were very concerned that the provider was not ensuring that an adequate standard of evidence based care was provided to residents.

“They were further concerned that the provider had not completed actions required following most recent inspections within the agreed time frames and previously agreed improvements which had been commenced had not been sustained,” a dúradh i dtuarascáil Hiqa.

Fág freagra ar '€17,500 bronnta ar fhostaí a sceith eolas faoi Áras Chois Fharraige ar an Spidéal'