€160,000 caite ar ghrianghrafanna ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha le 4 bliana

Céadchuairt Bhanríon Shasana Eilís II ar an Stát i 2011 an ócáid ba mhó costas

Camera costs

Os cionn €160,000 a chaith an Roinn Gnóthaí Eactracha ar sheirbhísí grianghrafadóireachta in Éirinn idir 2011 agus 2014.

Ba í céadchuairt Bhanríon Shasana Eilís II ar an Stát i 2011 an ócáid ba mhó costas ó thaobh na grianghrafadóireachta le ceithere bliana anuas.

€22,662.70 a chaith an Roinn ar ghrianghrafanna de chuairt na Banríona.

Ba í cuairt oifigiúil Leas-Uachtarán na Síne an dara hócáid ba mhó costas. €7,321.58 a chaith an Roinn ar chuairt oifigiúil Xi Jingpin i 2012.

Sa triú háit, bhí cuairt Stáit Phrionsa Albert ó Mhonaco a chosnaigh €6,213.35.

Airgead beag a caitheadh ar ghrianghrafanna de chuairteanna daoine aitheanta eile i gcomparáid leis an méid a caitheadh ar na cuairteanna móra oifigiúla.

€393.92 a caitheadh ar ghrianghrfanna de chuairt an pholaiteora Bhurmaigh Aung Sang Suu Kyi i 2012 agus ní raibh ach bille de €327.18 le n-íoc ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha i ndiadh chuairt Mhichelle Obama, Céad-Bhean na Stáit Aontaithe.

Níor chosnaigh cuairt Bill Gates, bunaitheoir Microsoft, ach €195.20.

Chosnaigh cuairt oifigiúil Phríomh-Aire na Seapáine, Shinzo Abe €2,555.94 agus €2,553.36 cuairt oifigiúil Phríomh-Aire Cheanada, Stephen Harper.

Caitheadh €1,817.30 ar inshealbhú Uachtarán na tíre seo, Michael D. Higinns.

Ba é an bille grianghrafadóirrta ba mhó ar fad ag an Roinn ná an €34,167.51 a bhain le misin thar lear.

Anuas ar sin, chaith an Roinn €30,332.54 le ceithre bliana anuas ar shearmanais creidiúna d’ambasadóirí.

Cuireadh na figiúirí seo ar fáil an tseachtain seo Barry Cowen, Teachta Dála ó Fhianna Fáil.

Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, le fios i bhfreagra ar cheist Dála scríofa nach mbaineann a Roinn úsáid as áisíneachtaí grianghrafadóireachta seachtracha ach amháin nuair is gá, agus go háirithe le linn mórócáidí agus ócáidí Stáit.

Seirbhís saor in aisce é seo, a dúirt an tAire, a chuireann pictiúir ar fáil do na meáin ó ócáidí nach bhfuil bheith istigh ag a ngrianghrafadóirí féin.

Thuill ócáidí ar nós chuairt Bhanríon Shasana agus Fóram Domhanda Eacnamaíochta na hÉireann (an Global Irish Economic Forum) poiblíocht dhearfach don tír, a dúirt an tAire Flanagan.

Fág freagra ar '€160,000 caite ar ghrianghrafanna ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha le 4 bliana'