€147,500 tugtha do theaghlach Gaeltachta ar bhásaigh a n-athair i dtimpiste 10 mbliana ó shin

Bhásaigh Pádraig Mac Giolla Bhríde, as Gaoth Dobhair, nuair a thit sé i bpoll a bhí carta ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Eircom in 2007

€147,500 tugtha do theaghlach Gaeltachta ar bhásaigh a n-athair i dtimpiste 10 mbliana ó shin

Bronnadh €147,500 ar theaghlach Gaeltachta san Ard-Chúirt mar gheall ar thimpiste ina bhfuair Pádraig Mac Giolla Bhríde, as Gaoth Dobhair, bás deich mbliana ó shin.

Thit Pádraig Mac Giolla Bhríde síos i bpoll a cartadh i gcomhair oibreacha bóthair sa pharóiste Gaeltachta agus é ag siúl chuig teach tábharine i ndiaidh bhainis a iníne, Grace Anne.

Creidtear go ndeachaigh sé i bhfostú sa pholl mar gheall ar an gcaoi ar thit sé ar a lámha agus a chosa. Ní raibh sé in ann a bhealach a dhéanamh as an bpoll agus fuair sé bás.

Bhí ochtar clainne ar Mhac Giolla Bhríde, a bhí 69 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé deich mbliana ó shin. Bhí sé ar an mbealach go teach tábhairne i nGaoth Dobhair le deochanna a cheannach dá raibh i láthair, nós bainise a bhaineann leis an gceantar.

Ba í baintreach an fhir a bhásaigh, Grace, a thug an cás ar dtús, ach ba é a mac, Pierse, a ghlac freagracht as an gcás nuair a bhásaigh a mháthair.

Mhaígh Pierse Mac Giolla Bhríde gur theip ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus an comhlacht ar a dtugtaí Eircom, soilsiú cuí agus cosaint eile a chur in áit ar láthair an charta, agus gur theip orthu freisin comharthaíocht a chur ann a thabharfadh rabhadh don té a bheadh ag siúl thar bráid.

Séanadh na líomhaintí sin ar fad.

Mhaígh an gearánaí gur ar Phádraig Mac Giolla Bhríde a bhí cuid den locht maidir leis an timpiste.

Dúirt Joseph McGettigan, abhcóide mhuintir Mhic Ghiolla Bhríde, gur údar mór imní don teaghlach gur mhaígh an Chomhairle Contae agus an comhlacht go raibh locht ar a n-athair mar gheall ar an ól a bhí déanta aige.

Rialaíodh i gCúirt an Chróinéara nach raibh aon bhaint ag ól le bás fhear na Gaeltachta agus “bás de bharr míthapa” an tsiocair bháis a scríobhadh ar an teastas báis.

San áireamh sa €147,500 a bronnadh ar an teaghlach bhí €6,000 do  Grace Anne Nic Ghiolla Bhríde, mar chúiteamh ar mhí na meala i ndiaidh a bainise.