€100,000 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí le réiteach don Bhreatimeacht

Beidh €5,000 ar fáil do 20 comhlacht Gaeltachta a dhéanfaidh measúnú ar a ullmhaithe agus atá siad don Bhreatimeacht i réimsí éagsúla den ghnó

€100,000 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí le réiteach don Bhreatimeacht

Tá ciste €100,000 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do “scéim chomhairleoireachta agus tacaíochta” do chomhlachtaí atá ag réiteach don Bhreatimeacht.

‘Bí Réidh’ atá a thabhairt ar an an scéim nua tacaíochta a bhfuil sé mar aidhm aici comhlachtaí Gaeltachta a spreagadh chun plean gníomhaíochta i leith an Bhreatimeachta a fhorbairt.

Beidh €5,000 ar fáil do 20 comhlacht Gaeltachta le measúnú a dhéanamh ar cé chomh hullmhaithe agus atá siad don Bhreatimeacht i réimsí éagsúla den ghnó.

Beidh an deontas ar fáil do chomhlachtaí atá i mbun easpórtála cheana féin agus a bhfuil níos mó ná 20% dá ndíolachán á dhéanamh chuig an mBreatain agus an Tuaisceart. Tá coiste Breatimeachta bunaithe ag an Údarás le tabhairt faoi fheidhmiú na scéime agus faoin mBreatimeacht trí chéile.

Tá sraith cruinnithe, a fhógrófar go luath, á eagrú ag an Údarás chun aird a dhíriú ar an mBeatimeacht agus “na deiseanna agus na dúshláin a chruthaíonn sé” agus na tacaíochtaí atá ar fáil ón Údarás.

““Is deacair tionchar an Bhreatimeachta a mheas fós go háirithe agus an scéal ag athrú ó lá go lá nó fiú de réir na huaire mar atá feicthe againn an tseachtain seo. É sin ráite, níl dabht ach go mbeidh tionchar aige ar chuid dár gcliantchomhlachtaí agus tá sé ríthábhachtach go mbeadh siad ag réiteach faoina chomhair agus an chomhairle agus an saineolas cuí a bheith á bhfáil acu.

“Tá sé suntasach go bhfuil beagnach aon cheathrú (24.5%) d’easportáil chliantchomhlachtaí an Údaráis, ar luach €154milliún, ag dul chuig an Ríocht Aontaithe. Táimid buíoch den Bhord as ucht an tacaíocht seo a cheadú do chomhlachtaí na Gaeltachta agus don chomhoibriú breá atá againn leis na gníomhaireachtaí stáit eile, Fiontraíocht Éireann sa gcás seo,” a dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

De réir taighde a rinne ABSEI in 2016, léiríodh go raibh díolachán €926 milliún ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2015 agus gur tháinig fás 11% ar an easpórtáil go €628 milliún. Tá beagnach 25% de dhíolacháin easpórtála chliantchomhlachtaí an Údaráis ag dul chun na Ríochta Áontaithe.

Tagann €115 milliún den díolacháin easpórtála sin ó Ghaillimh, Maigh Eo agus Dún na nGall, agus tagann €39 milliún ó Chiarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí.

Fág freagra ar '€100,000 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí le réiteach don Bhreatimeacht'