€10,000 le híoc ag fear a lig air féin gur fuadaíodh é i Siopa an Phobail, Indreabhán

Níor gearradh aon phianbhreith choimeádta sa Chúirt Achomhairc inniu ar Gordon O’Rourke a lig air féin gur fuadaíodh faoi bhéal gunna é mar chuid de phlean €45,000 a ghoid ó ollmhargadh a uncail

MG_0932
Siopa an Phobail in Indreabhán i gCois Fharraige, Conamara, tar éis na heachtra ‘fuadaithe’ in 2012. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Níor gearradh aon phianbhreith choimeádta sa Chúirt Achomhairc inniu ar fhear 34 bliain d’aois as Conamara a lig air féin gur fuadaíodh faoi bhéal gunna é mar chuid de phlean €45,000 a ghoid ó ollmhargadh, ar lena uncail é.

Éisteadh inniu sa Chúirt Achomhairc le hachomharc an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a mhaígh gur ‘róbhog’ a bhí phianbhreith a gearradh ar Gordon O’Rourke, as na Creagáin in Indreabhán i gConamara.

I gCúirt Chuarda na Gaillimhe i Márta 2015 gearradh uasmhéid de 240 uair a’ chloig de sheirbhís phobail ar O’Rourke, a phléadáil ciontach, i mí na Samhna 2014, as robáil €44,578 ó Siopa an Phobail, Indreabhán, idir an 30 agus an 31 Iúil 2012.

Phléadáil O’Rourke ciontach chomh maith as faisnéis agus ráiteas bréagach a thabhairt ar an 16 Lúnasa 2012 faoi choir a bheith déanta in Indreabhán i mí Iúil na bliana sin.

Agus an phianbhreith á fógairt aige i Samhain 2014, dúirt an Breitheamh Rory McCabe gur feall ar iontaoibh mhór a bhí i gceist agus gurbh é an ‘cás is measa’ é ag aon fhostóir.

Sa Chúirt Achomhairc inniu, cuireadh an phianbhreith chéanna ar O’Rourke an athuair agus coinníoll amháin leis; go n-íocfadh sé €10,000 mar chúiteamh leis an té a bhí thíos leis an gcoir.

Dúirt an Breitheamh Edwards sa Chúirt Achomhairc inniu gur breithiúnas ‘láidir’ agus ‘soiléir’ a bhí i mbreithiúnas McCabe a chaith ‘go cáiréiseach agus go coinsiasach’ leis an gcás.

Dúirt Edwards, áfach, gur fhág cúinsí an cháis go gcaithfeadh aon bhreithiúnas a thabharfaí ina leith gné éigin a bheith ann a stopfadh daoine eile a leithéid de choir a dhéanamh.

Ní gá gur phianbhreith choimeádta a bheadh i gceist leis an mbac nó díspreagadh sin, a dúirt Edwards.

Dúirt Edwards go raibh an phianbhreith a gearradh ar O’Rourke róbhog mar nár thug sí teachtaireacht láidir a dóthain do dhaoine eile a bheadh ag cuimhneamh ar a leithéid de choir a dhéanamh.

Ba leor mar bhac ar dhaoine eile go n-ordófaí do O’Rourke €10,000 a íoc taobh istigh de thrí bliana leis an té a bhí thíos leis an gcoir, a dúirt Edwards.

Dúradh sa chúirt go bhféadfadh gurb é uncail O’Rourke nó comhlacht a bhí thíos leis an gcoir sa chás seo agus dá bharr sin go gcaithfí an €10,000 a aistriú go dtí Dlíodóir Stáit na Gaillimhe.

Dúradh freisin nach raibh an caidreamh idir O’Rourke agus baill eile a theaghlaigh chomh maith is a bhíodh de dheasca na heachtra gadaíochta. Dúradh go raibh post le tamall aige ag O’Rourke i ngnó bonn agus rún ag úinéir an ghnó sin post buan a thairiscint dó. Tá O’Rourke pósta agus beirt chlainne aige.

I gCúirt Chuarda na Gaillimhe i Samhain 2014, thug an Garda Gerry Dunne fianaise gur fhiosraigh sé tuairisc a rinne O’Rourke faoi thrombhuirgléireacht ag an ollmhargadh ag 1.10a.m ar 31 Iúil 2012.

Ghlaoigh O’Rourke, a dúirt sé, ar 999 agus thug sé fios go raibh sé díreach i ndiaidh é féin a shaoradh ón gceangal a bhí curtha air ag ionsaitheoir anaithnid.

Mhaígh sé gur fuadaíodh faoi bhéal gunna é agus é ag dul isteach ina charr lasmuigh de phub níos luaithe an oíche sin.

Dúirt sé gur ordaíodh dó faoi bhéal gunna a charr a thiomáint nó go mbeadh sé ag an mbaile, cúig mhíle ón teach tábhairne. Dúirt an t-ionsaitheoir leis, a mhaígh sé, gan aon ní amaideach a dhéanamh ó tharla go raibh a fhios aige anois cár chónaigh sé.

Dúirt sé go ndúradh leis ansin tiomáint go dtí an siopa, áit ar cuireadh iachall air an taisceadán a oscailt agus an t-airgead istigh ann a thabhairt ar láimh uaidh.

Dúirt an Garda Dunne go raibh eochracha an tsiopa agus an taisceadáin chomh maith le cód an aláraim ag O’Rourke toisc go raibh sé fostaithe ag a uncail, ar leis an siopa ag an am.

Thaispeáin taifeadadh ó CCTV ar láthair an tsiopa O’Rourke agus é á thabhairt faoi bhéal gunna ag a ionsaitheoir a raibh balacláva air.

Tógadh an t-airgead ón taisceadán agus dúirt O’Rourke gur cuireadh ceangal air sa seomra folctha.

Rinne O’Rourke cur síos ar an bhfear a d’ionsaigh é do na Gardaí agus dúirt go raibh blas na Gaillimhe ar a chuid cainte.

Thóg an t-ionsaitheoir carr O’Rourke agus aimsíodh an mhaidin sin í gan tada inti.

Tógadh ráiteas an lá dár gcionn ó O’Rourke amhail is gurbh é a bhí thíos leis an gcoir.

Tógadh ráitis eile uaidh ar an 6 Lúnasa agus an 16 Lúnasa, agus caitheadh leis mar a chaithfí le híobartach an dá uair.

Thug na Gardaí difríochtaí idir na ráitis faoi deara.

Fuarthas amach gur ceannaíodh luach creidmheas fóin €5 i siopa sa Spidéal a cuireadh ar fhón nár cláraíodh.

Nuair a breathnaíodh ar fhíseán slándála ón teach tábhairne An Poitín Stil, chonacthas O’Rourke ag caint ar an bhfón agus fón eile ina phóca aige.

Gabhadh é ar an 23 Iúil agus d’admhaigh sé i Stáisiún Gardaí na Gaillimhe gur casadh cara leis air i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath am éigin roimhe sin agus gur phléigh siad na bealaí éagsúla ina bhféadfaí an siopa a robáil.

Shocraigh siad go dtógfadh ionsaitheoir aonair é faoi bhéal gunna mar nach dtabharfaí duine ar bith eile isteach sa scéal ar an gcaoi sin.

Fág freagra ar '€10,000 le híoc ag fear a lig air féin gur fuadaíodh é i Siopa an Phobail, Indreabhán'