€1 milliún breise á lorg ag Aire na Gaeltachta don phleanáil teanga in 2018

Moltar i dtuairisc nua a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do Roinn na Gaeltachta go ndéanfaí ‘soiléiriú’ ar “líon agus cineál na n-acmhainní a bheidh ar fáil’ chun ‘feidhm éifeachtach a thabhairt do phleananna teanga na limistéar pleanála teanga’

€1 milliún breise á lorg ag Aire na Gaeltachta don phleanáil teanga in 2018

€1.25 milliún a theastóidh chun pleananna teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht an bhliain seo chugainn agus beidh níos mó ná sin ag teastáil sna blianta ina dhiaidh sin, a deir Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

€250,000 atá ceadaithe mar mhaoiniú don phleanáil teanga sa Ghaeltacht i mbliana.

Ag labhairt dó le Nuacht TG4 aréir, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an Roinn Airgeadais curtha ar an eolas aige faoin airgead breise a bheidh ag teastáil chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus dúirt sé go bhfuil ‘tuiscint’ ann go bhfuil an maoiniú sin ag teastáil do phleananna a chaithfear a chur i bhfeidhm de réir an dlí.

Tá eagraíochtaí roghnaithe sna 23 ceantar pleanála teanga chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm de réir Acht na Gaeltachta 2012, ach níl aon phlean teanga aontaithe fós le Roinn na Gaeltachta.

Thug Údarás na Gaeltachta, a bhfuil cúram na pleanála teanga orthu, le fios go raibh súil acu go mbeadh 13 plean aontaithe roimh dheireadh na bliana.

Bhí an tAire Stáit Kyne ag freagairt ceisteanna mar gheall ar scéal a foilsíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite faoi thuairisc a d’ullmhaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do Roinn na Gaeltachta.

Deirtear sa tuairisc sin  go gcaithfear a chur ar a súile do phobal na Gaeltachta “nach i bhfolús’ atá pleananna teanga á n-ullmhú agus á gcur i bhfeidhm, agus moltar go ndéanfaí “soiléiriú” ar “líon agus cineál na n-acmhainní a bheidh ar fáil” chun “feidhm éifeachtach a thabhairt do phleananna teanga na limistéar pleanála teanga”.

Moltar sa tuairisc leis go gcuirfí straitéis feasachta i bhfeidhm a chuirfeadh an pobal ar an eolas maidir le “feidhm agus réasúnaíocht” na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus “ról an phobail sa phróiseas sin”.

Ba ghá freisin, a deirtear, soiléiriú a thabhairt do na ceanneagraíochtaí pobail a bhfuil cúram na pleanála teanga orthu maidir “leis an leibhéal agus cineál tacaíochta a bheidh ar fáil dóibh ón státchóras agus feidhm á tabhairt do na pleananna”.

Tá na moltaí sin i dtaobh na pleanála teanga bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis 20 Bliain na Gaeilge ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta.

Fág freagra ar '€1 milliún breise á lorg ag Aire na Gaeltachta don phleanáil teanga in 2018'