€1.9m nó €2.5m breise don Ghaeilge sa Bhuiséad? Míniú tugtha ar an neamhréir idir figiúirí…

De réir na meastachán a foilsíodh méadú €1.9 milliún, nó 3%, ar bhuiséad 2017, seachas méadú €2.5 milliún mar a d’fhógair an tAire Airgeadais

€1.9m nó €2.5m breise don Ghaeilge sa Bhuiséad? Míniú tugtha ar an neamhréir idir figiúirí…

Tá míniú tugtha ag Roinn na Gaeltachta ar an neamhréir idir an buiséad a ceadaíodh an tseachtain seo dóibh do chúrsaí Gaeilge agus an t-ardú €2.5 milliún a fógraíodh do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta agus na n-oileán.

De réir na meastachán a foilsíodh Dé Máirt,  €62.6 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin don bhliain seo chugainn, méadú €1.9 milliún, nó 3%, ar bhuiséad 2017, seachas méadú €2.5 milliún mar a d’fhógair an tAire Airgeadais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Mhaígh an t-iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, an duine ba thúisce a thug an neamhréir sna figiúirí faoi deara, gur “cleasaíocht” a bhí ar bun ag an Roinn.

“Cleasaíocht atá anseo. Cineál tóraíocht taisce. B’fhiú go mór do Tuairisc.ie Ar Son na Cúise a dhéanamh faoin scéal mar is cúis mhagaidh atá ann. Má tá €1.9 milliún sna meastacháin agus €2.5 milliún breise le bheith ann cá bhfuil an €600,000 eile?” a dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie gur €600,000 a gearradh de bhuiséad na bliana seo caite do na hoileáin is cúis leis an neamhréir sna figiúirí.

Mhínigh an t-urlabhraí go raibh an tsuim sin airgid curtha ar leataobh le trí bliana anuas d’fhorbairt ché Inis Oírr, agus nach mbeidh an t-airgead ag teastáil chuige sin go dtí lár na bliana 2019, tráth a meastar a chuirfear tús leis an obair thógála d’fhorbairt na cé ar an oileán Gaeltachta.

Dúirt sé go lorgófaí an t-airgead sin don ché ar Inis Oírr nuair a bheidh sé ag teastáil.

Fógraíodh inné go mbeadh €2.5 milliún breise ar fáil don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta: €1.4 milliún breise chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; €400,000 de mhaoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistiú ina chláir chaipitil agus chun tacú le comharchumainn Ghaeltachta; agus €687,000 do scéimeanna tacaíochta teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

Fág freagra ar '€1.9m nó €2.5m breise don Ghaeilge sa Bhuiséad? Míniú tugtha ar an neamhréir idir figiúirí…'