An am é seo le páiste a thabhairt ar an saol?

Lag trá eacnamaíochta, ciníochas, seineafóibe san Eoraip agus impireacht bhagrach ar cuid den Mhór-roinn. An bhfuil na 1930í buailte linn arís?

2/8/2014 Anti Israeli Protests

Níl aon pháistí agam, agus nuair a bhreathnaím ar ghaolta agus ar chairde ar comhaois liom a bhfuil clann óg orthu, is minic a mheasaim gur maith an rud é nach bhfuil. Ní hiad na hoícheanta gan chodladh agus na clúidíní salacha is cúis leis sin. Is é an chaoi go mbeadh faitíos an domhain orm faoin gcineál saoil a bhfásfadh páiste aníos ann inniu.

Cloigne á mbaint ó ghialla ag an Stát Ioslamach, gach rud le feiceáil ar YouTube. Ná céadta míle duine marbh sa tSiria agus na milliúin ar a dteitheadh. Cogadh neamhfhógartha idir an Rúis agus an Úcráin, eitleán paisinéirí scriosta ag roicéad. Buamaí ar stráice Gaza, ionsaithe sceimhlitheoireachta ar Ghiúdaigh ar Mhór-roinn na hEorpa. Cailíní á bhfuadach agus á ndíol mar sclábhaithe sa Nigéir, cogadh cathartha i Mailí, galar doleigheasta ag marú na mílte in iarthar na hAfraice, báidíní na mílte teifeach báite sa Mheánmhuir.

Is cuid den saol iad coimhlint agus cogadh le cuimhne na ndaoine. Ach bhí lá ann i lár an tsamhraidh seo – an 17 Iúil – go bhféadfaí a mhaitheamh don té a cheap go raibh lá an Luain tagtha, gan ar an nuacht ach eachtra MH17 in oirthear na hÚcráine, buamáil Ghaza agus trodaíocht fhíochmhar ag aerfort Tripoli sa Libia.

Is iomaí uair a cuireadh míshuaimhneas ginearálta an lae inniu i gcomparáid leis an éiginnteacht a bhí i réim díreach roimh an gCéad Chogadh Domhanda, a thosaigh céad bliain ó shin. Ach is leis na 1930í a fheicim féin cosúlachtaí go háirithe; lag trá eacnamaíochta, ciníochas agus seineafóibe san Eoraip agus impireacht bhagrach ar cuid den Mhór-roinn sin í a n-éiríonn léi codanna de thíortha eile a ghabháil gan éinne a bheith in ann sin a chosc.

Cuir truailliú na timpeallachta, athrú aeráide agus an spiadóireacht fhorleathan atá ar bun ag rialtais agus ag ollchomhlachtaí leis an liosta thuas, agus tuigfidh tú cén fáth gur faoiseamh dom é nach bhfuil an fhreagracht orm clann óg a thógáil i ndomhan an lae inniu.

‘Nach méanar dúinn inár gcúinne beag féin?’ ba ghnáth le bean as Tír Chonaill, máthair carad liom, a rá lena hiníon gach uair dá bhfaca sí drochscéal ó áit éigin thar lear ar an teilifís. Gan dabht, is ar imeall na hEorpa a chónaíonn muintir na Gaeilge, nó a bhformhór – i bhfad ón Úcráin, ón Iaráic, ón tSiria. Ach ní chiallaíonn sé sin nach cás le Gaeil a bhfuil ag tarlú thar toinn. Ní gá ach breathnú ar na greamáin ag tacú le muintir na Palaistíne ar chuaillí solais fud fad na hÉireann, nó ar dhíospóireachtaí fíochmhara ar na meáin shóisialta – i nGaeilge – faoin Úcráin, faoin Iaráic nó faoin gCatalóin, le fáil amach gurb é a mhalairt atá fíor.

Dá mba leanbh óg í, bheadh faitíos orm faoi Tuairisc.ie. Ach is suíomh nuachta í, agus sa saol corraitheach seo tá géarghá léi. Ceanglóidh sí cainteoirí Gaeilge le chéile – pé áit ar domhan a bhfuil cónaí orthu. Cuirfidh sí ar a gcumas mórscéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a léamh agus a phlé ina dteanga féin – nuair a tharlaíonn siad nó go fíorghairid ina dhiaidh sin. Is mór an onóir dom baint a bheith agam le Tuairisc.ie agus guím fad saoil uirthi.