JOHN ALLEN: Dúshlán na nDéise – ná cuir Port Láirge as an áireamh

Bunaithe ar an bhfianaise buafaidh Cill Chainnigh amárach ach tá seans ag Port Láirge má fhágann siad a gcóras imeartha ar leataobh…

JOHN ALLEN: Dúshlán na nDéise – ná cuir Port Láirge as an áireamh

Roinnt seachtainí ó shin shuíos síos chun machnamh a dhéanamh ar chluiche ceannais iomána na Mumhan. Thug mé chun cuimhne a raibh feicthe agam ón dá fhoireann atá fós sa chraobh. Thug mé suntas do dhea-imirt Thiobraid Árann sa dá chluiche craoibhe a bhí acu. An díoltas a bhain Port Láirge amach ar chontae an Chlár i gcluiche ceannais na sraithe agus na ceachtanna a d’fhoghlaimíodar san dá cluiche san.

Ansin rinneas mo mhachnamh ar Chraobh na Mumhan 2015 agus ar an gcluiche sraithe inar bhuaigh Port Láirge ar Thiobraid Árann le farasbarr cúilín amháin.

Nuair a chuireas gach rud san áireamh, cheapas go raibh seans réasúnta ag na Déise corn na Mumhan a thabhairt leo. Dar ndóigh ní raibh an ceart agam.

Amárach rachaidh na Déise chun páirce i gcoinne Chill Chainnigh agus ag féachaint go fuarchúiseach air, is rídheacair cás a dhéanamh go bhféadfaidís buachan. Go dtí seo, is féidir a rá go bhfuil na Cait gach pioc chomh maith agus a bhíodar anuraidh. Tá an díocas fíochmhar fós orthu agus iad cíocrach chun bua a fáil mar a léiríodh go soiléir sa dá chluiche craoibhe atá imeartha acu go dtí seo. Dar ndóigh níor chuir an briseadh cúig seachtaine isteach orthu riamh. 

Ceapann na geallghlacadóirí go mbuafaidh siad éasca go leor.

Ach an féidir aon chás a dhéanamh do Phort Láirge?

Bhuel, caithfidh gurbh ardú meanman dóibh na taispeántais a thug an fhoireann faoi fiche a haon agus iad ag tabhairt corn an chúige leo. Tá gach seans ann go mbeidh cúigear den fhoireann sin ag imirt amárach. Caithfidh go bhfuil an-mhuinín ag na leads sin na laethanta seo.

Ach is dócha gurb í an cheist is tábhachtaí ná an gcloífidh siad leis an gcóras cosantach seo atá á úsáid acu le tamall? An féidir leo a ndóthain scór, cúil, a fháil leis an gcóras sin?

An bhfuil sé in am ag Derek McGrath muinín a thaispeáint as a chuid imreoirí agus dul gob ar ghob le Cill Chainnigh amárach? Ní dóigh liomsa go bhfuil mórán le cailliúint aige.

D’fhéadfadh sé cead a thabhairt don líne leatosaithe imirt níos faide siar chun cabhair a thabhairt don líne leathchúil agus ag an am céanna an triúr a bheidh ag imirt sa líne lántosach a fhágáil cóngarach don chúl.

Phiocfainnse an bheirt Bheinéadach agus Patrick Curran sa líne sin. Tá siad i mbarr a maitheasa. Sea, tuigim go bhfuil siad óg agus gan mórán taithí acu leis sinsir ach tá an t-arm ionsaithe is tábhachtaí acu agus gan dabht –an mhuinín.

Tá éacht déanta ag imreoirí agus bainistíocht na nDéise le dhá bhliain anuas ,ach ní dóigh liom go mbuafaidh siad Craobh Shinsir na hÉireann mura ndéanann siad rud éigin chun béim níos mó a chur ar an ionsaí.

Bhí peileadóirí Thiobraid Árann ar fheabhas an Domhnach seo caite agus saoirse ina gcur chuige. Tá imreoirí chomh maith leo ag Port Láirge. Cinnte, bunaithe ar an bhfianaise buafaidh Cill Chainnigh, ach tá rud éigin ag rá liom go ndéanfaidh Port Láirge rud as an ngnáth amárach. Tá an taithí acu ó anuraidh. Ach ní éireoidh leo má leanann siad leis an gcóras céanna. 

É sin go léir ráite, ceapaim go bhfuil seans acu.

Ar son na hiomána, tá lucht leanúna an chamáin ar fud na tíre ag guí nach mbeidh lá eile ag teastáil ón bPaorach. 

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Dúshlán na nDéise – ná cuir Port Láirge as an áireamh'