Dúshlán Leicester ar tí tosú agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó shaol an spóirt ag an deireadh seachtaine

Leicester ar bharr na sraithe, ceachtanna na Sraithe Peile Náisiúnta agus an Super Bowl

NFL RefereesFiú leis an athfhéachaint, níl na réiteoirí gan locht

Is minic a deirtear gur cheart leas níos mó a bhaint as an teicneolaíocht sa spórt chun cabhair a thabhairt do réiteoirí an cinneadh ceart a dhéanamh. Tá feicthe againn le gairid le teacht ‘Hawk-Eye’ chuig Príomhroinn Shasana agus Cumann Lúthchleas Gael, ach deirtear gur cheart níos mó áiseanna fós a chur ar fáil do na réiteoirí.

San NFL, tá cead ag na príomhchóitseálaithe cinntí áirithe a cheistiú agus chonaic muid é sin aréir sa Super Bowl. Agus iad leath bealaigh tríd an chéad cheathrú sa chluiche, chaith Cam Newton, ceathrúchúlaí na Carolina Panthers, pas i dtreo Jerricho Cotchery. Cé nach raibh sé in ann greim a fháil ar an liathróid ar dtús, d’éirigh le Cotchery breith uirthi sular thit sí chun talún. In ainneoin sin, dúirt na réiteoirí nach pas ceart a bhí ann mar gur bhuail an liathróid faoin talamh sula raibh greim ceart ag Cotchery uirthi.

Rinne Ron Rivera, cóitseálaí na Panthers, an cinneadh a cheistiú. Taispeánadh an píosa imeartha arís agus arís eile agus cé gur aontaigh na saineolaithe uile ar an teilifís nár thit an liathróid ó ghreim Cotchery, fós mheas na réiteoirí nach raibh dóthain fianaise ann chun an cinneadh a chealú. Fiú na háiseanna uile agat, ní bheidh, is cosúil, comhaontú riamh maidir le cinntí na réiteoirí.

INPHO/Keith Wiseman
INPHO/Keith Wiseman

Obair fós le déanamh ag peileadóirí na Gaillimhe

Agus iad ag imirt in aghaidh foireann a shroich cluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh, ba mhaith an slat tomhais an cluiche in aghaidh Thír Eoghain agus peileadóirí na Gaillimhe ag iarraidh fáil amach cén dul chun cinn atá déanta acu ón mbliain seo caite. Ag breathnú ar an gcluiche, diabhal mórán an freagra ar an gceist sin.

Mura mbeadh feicthe ag duine ach príomhshonraí an chluiche féin – dhá chúilín idir na foirne sa deireadh agus Gaillimh ag imirt le 14 imreoir don chuid is mó den dara leath – shamhlófá nach raibh foireann na Gaillimhe ró-dhona ar chor ar bith. Ach ceileann na fíricí sin an drochbhail a bhí ar a gcuid imeartha. Ní raibh aon luas faoi imirt na Gaillimhe agus, gan aon tacaíocht aige, is minic go raibh ar an bhfear a bhí i mbun sheilbh na liathróide pas mór fada a chur isteach i dtreo an chúil, stíl a raibh cosantóirí Thír Eoghain compordach leis.

raibh Tír Eoghain iad féin ag imirt rómhaith ach an oiread, ach fós bhí siad ocht gcúilín chun cinn agus 65 nóiméad imeartha. Cé gur laghdaigh Gaillimh an bhearna sin, ní raibh sé tuillte acu go mbuafaidís an cluiche seo. Tá cúpla imreoir tábhachtach in easnamh ar Kevin Walsh ach is é an easpa díograise is mó a chuirfidh isteach air agus é ag iarraidh foireann láidir a dhéanamh de na Gaillimhigh arís.

Claudio Ranieri 21/10/2008An gclisfidh Leicester roimh cheann scríbe?

Is é toradh na deireadh seachtaine seo ná an mhalairt intinne faoi dheis Leicester City agus an seans atá acu Príomhroinn Shasana a bhuachan. Roimhe seo, bhí lucht an amhrais den tuairim nach raibh na foirne maithe imeartha ag Leicester fós agus go dtiocfadh deireadh tobann lena n-aistear dochreidte nuair a chasfaí orthu na boic mhóra. Fiú nuair a bhuail siad Liverpool an tseachtain seo caite, ní raibh athrú poirt ag lucht an amhrais toisc go bhfuil foireann Klopp go dona le tamall anuas.

Is é bua na deireadh seachtaine seo áfach, as baile in aghaidh Manchester City, a thaispeáin go bhfuil mianach ceart iontu. Ba iad foireann Manuel Pellegrini na céilí comhraic is fearr a d’imir Leicester go dtí seo ach fós bhuaigh siad sách éasca orthu, 3-1. Imreoidh siad Arsenal an Domhnach seo chugainn agus ní chuirfeá tharstu toradh maith eile a fháil ansin.

Seans gurb é an dúshlán is mó atá rompu ná na trí chluiche deireanacha atá acu, in aghaidh Manchester Utd in Old Trafford, in aghaidh Everton sa bhaile agus in aghaidh Chelsea i Stamford Bridge. Má Leicester fós ar bharr na sraithe agus iad ag tabhairt aghaidh ar na cluichí sin, tá an baol i gcónaí ann go dtosóidh na néaróga ag cur isteach orthu, mar a tharla i gcás Liverpool dhá bhliain ó shin, foireann eile nach raibh taithí acu ar a bheith san iomaíocht an tráth sin den bhliain.

INPHO/Presseye/Russell Pritchard
INPHO/Presseye/Russell Pritchard

Ard Mhacha i dtrioblóid cheana féin

Níl aon amhras ach gur thuas seal agus thíos seal a bhí Kieran McGeeney mar bhainisteoir ar Ard Mhacha go dtí seo. Ba é 2014 an chéad bhliain aige sa phost agus cé gur ísliú céime ó Roinn 2 a bhí i ndán dóibh sa tsraith, bhain siad áit amach i gcluichí ceathrú ceannais na hÉireann, rud nach raibh déanta acu ó 2008.

Anuraidh níor chaill siad ach cluiche amháin sa tsraith agus Roinn 3 buaite acu. Níor thug an bua sin mórán spreagtha dóibh sa chraobh, áfach, agus theip go hiomlán orthu in aghaidh Dhún na nGall i gCúige Uladh sular díbríodh ón gCraobh ar fad iad in aghaidh na Gaillimhe i mBabhta 2 de na babhtaí cáilithe.

Faoi láthair tá an chuma ar an scéal nach mbeidh siad ag fanacht rófhada i Roinn 2 agus a gcéad dhá chluiche caillte acu sa tsraith. D’admhaigh McGeeney gurb iad na cluichí sin in aghaidh na Mí agus Laoise na cinn ab éasca a bhí aige sa tsraith ach anois, agus na cluichí sin caillte acu, caithfidh siad pointí a fháil in aghaidh na ceithre fhoireann eile ó Chúige Uladh sa roinn, agus in aghaidh na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Dúshlán Leicester ar tí tosú agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó shaol an spóirt ag an deireadh seachtaine'