Dúshlán dlí maidir le hathlonnú Gaelscoile ceadaithe san Ard-Chúirt i mBéal Feirste

Tugadh cead san Ard-Chúirt inné do mháthair dalta de chuid Ghaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál an t-athbhreithniú á lorg faoi chinneadh an Aire Oideachais Peter Weir

Dúshlán dlí maidir le hathlonnú Gaelscoile ceadaithe san Ard-Chúirt i mBéal Feirste

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Ceadaíodh inné athbhreithniú breithiúnach faoi chinneadh an Aire Oideachais Peter Weir diúltú d’iarratas go n-athlonnófaí Gaelscoil atá i bhfoirgneamh 115 bliain in iarthar Bhéal Feirste.

Tugadh cead san Ard-Chúirt do mháthair dalta de chuid Ghaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál an t-athbhreithniú á lorg.

D’áitigh dlíodóirí na mná nach raibh aon chiall le cinneadh an Aire de chuid an DUP agus gur cliseadh ar an dualgas reachtúil atá ann an Gaeloideachas a fhorbairt.

Tá an bhean ag éileamh ordú cúirte a thabharfadh ar an Aire Weir athlonnú na Gaelscoile a cheadú nó athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh.

Timpeall 60 dalta atá cláraithe i nGaelscoil an Lonnáin atá ar an láthair céanna ar Bhóthar na bhFál ó 2004.

Mhaígh dlíodóirí na mná go bhfuil an foirgneamh ina bhfuil a gasúr ag freastal ar scoil “róbheag agus rósháinnithe” agus nach bhfuil sé “feiliúnach” mar láthair scoile. Ba ag deireadh na bliana seo caite, 2015, a chuir Bord Gobharnóirí Ghaelscoil an Lonnáin iarratas faoi bhráid na Roinne Oideachais go n-aistreofaí an scoile go dtí an láthair ina mbíodh scoil Naomh Comgall.

Cé go raibh tacaíocht ag an iarratas ó údaráis oideachais éagsúla diúltaíodh dó i mí an Mheithimh agus tuairiscítear go raibh ‘inmharthanacht’ na scoile i measc na gcúiseanna leis an diúltú sin.

Dúirt lucht dlí na mná san Ard-Chúirt gur cuireadh san áireamh “nithe nár bhain le hábhar” agus an cinneadh á dhéanamh. Dúradh chomh maith nár thug an tAire Weir aird ar an ardú atá ar an éileamh ar ghaeloideachas sa cheantar. Líomhnaítear chomh maith gur sháraigh an cinneadh Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta an Duine toisc nár tugadh tús áite do leas an pháiste.

Éistfear an cás go luath san athbhliain.

Fág freagra ar 'Dúshlán dlí maidir le hathlonnú Gaelscoile ceadaithe san Ard-Chúirt i mBéal Feirste'