Dúshlán cúirte á thabhairt in aghaidh an chinnidh deireadh a chur le maoiniú ‘Líofa’

Tá ráite ag ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, gur ‘mór an náire’ é gur cuireadh £100,000 breise ar fáil do bhannaí ceoil go gairid i ndiaidh don Roinn Pobal deireadh a chur le maoiniú £50,000 scéim ‘Líofa’

Dúshlán cúirte á thabhairt in aghaidh an chinnidh deireadh a chur le maoiniú ‘Líofa’

Tá bean as Contae Aontroma le dúshlán cúirte a thabhairt in aghaidh an chinnidh maoiniú £50,000 a tharraingt siar ón scéim ‘Líofa’.

Is iardhalta de chuid Bhunscoil Phobal Feirste agus Coláiste Feirste í an bhean atá ag dul i muinín an dlí. Tá a cuid páistí féin anois in aois scoile agus d’fhreastail siad ar chúrsaí Gaeltachta i dTír Chonaill faoin scéim ‘Líofa’.

Dúirt Michael Brentnall, an dlíodóir Feirsteach atá ag feidhmiú don bhean, go bhfuil “comhfhreagras” curtha ar aghaidh aige chuig an Aire Pobal Paul Givan (DUP) ina sonraítear ocht mbonn dúshláin.

“Bhí duine dá cuid páistí ag freastal ar chúrsa Gaeltachta Líofa anuraidh agus bhí gach rud faoi réir aici lena seoladh ann arís i mbliana. Tá an tAire tar éis an maoiniú a tharraingt siar leath bealaigh tríd an scéim. Is sárú ar ‘ionchas suntasach dlisteanach’ an méid sin.

‘Táimid den tuairim go raibh sé míréasúnta an maoiniú a tharraingt siar, gur cuspóir míchuí a spreag an cinneadh, agus gur sárú ar dhlíthe éagsúla a bhí ann a bhaineann le leithcheal agus cearta an duine,’ a dúirt Brentnall le Tuairisc.ie.

Maíonn Brentall go dtagann an cinneadh, deireadh a chur leis an maoiniú £50,000, salach ar airteagail 8 agus 14 d’Acht Chearta an Duine chomh maith le mír 76 d’Acht Thuaisceart Éireann agus airteagail éagsúla i dlíthe an Aontais Eorpaigh.

“Cé gur vótáladh ar son Brexit an bhliain seo caite, táimid san Aontas Eorpach fós agus tá feidhm le dlíthe an Aontais sin sa dlínse seo fós,” a dúirt sé.

Tá Brentrall ag súil le freagra ón Aire Givan ar an 11 Eanáir. Dúirt sé gur éirigh cheana le hargóint dhlíthiúil a cuireadh suas in aghaidh chinneadh an Aire Oideachais, Peter Weir, deireadh a chur leis an  maoiniú do Scoil an Droichid anuraidh, agus go raibh sé ag súil go dtabharfaí an maoiniú ar ais do ‘Líofa’ freisin.

Idir an dá linn, tá ráite ag ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, gur “mór an náire” é gur cuireadh airgead breise ar fáil do bhannaí ceoil go gairid i ndiaidh don Roinn Pobal an maoiniú a bhaint den scéim ‘Líofa’.

Fógraíodh an bhliain seo caite go mbeadh £200,000 ar fáil do bhannaí máirseála ach thug an Roinn le fios ó shin gur £298,000 a bheadh ann.

Dúirt an Roinn Pobal gur “cuireadh maoiniú breise ar fáil ó bhuiséad caipitil na Roinne” le freastal ar gach iarratas incháilithe.

“Is éard atá déanta acu ná £50,000 a bhaint de pháistí atá ag iarraidh a dteanga dhúchais a fhoghlaim agus go tobann tagann [an tAire] ar £100,000 do bhannaí buí.

“Tá sé mícheart, agus tá go leor le déanamh ag Paul Givan lena thaispeáint gur aire dúinn uile go léir é seachas aire do phobal faoi leith,” a dúirt Eastwood.

Dúirt Comhalta eile de chuid an Tionóil Reachtúil, Gerry Carroll ó People Before Profit, gur cluiche “seicteach” atá ar bun ag an DUP chun aird a tharraingt ó chonspóid na scéime teasa inathnuaite, RHI, agus gur “gníomh soiniciúil” a bhí ann maoiniú Líofa a chur ar ceal.

“Léiríonn sé chomh suarach is atá an DUP i ndiaidh na heachtra RHI. Is sparánachtaí iad seo a chuidíonn le páistí atá faoi mhíbhuntáiste, as achan phobal agus achan chúlra, dul chun na Gaeltachta le snas a chur ar a gcuid Gaeilge.

“Is mún dreoilín san fharraige an méid seo i gcomparáid leis an £500 milliún a cuireadh amú le RHI, ach ba mhaith le Givan deireadh a chur leis an scéim,” a dúirt Carroll.

Mhaígh sé go bhfuil Givan ag leagan locht ar ghrúpaí Gaeilge leis an “spotsolas a bhaint” den DUP agus den scannal faoi RHI a d’fhág an páirtí trína chéile an mhí seo caite.

“In áit bheith ag díriú ar dhóigheanna leis an £500 milliún sin ó RHI a fháil ar ais, nó a bheith ag iarraidh muinín a chothú i bhFeidhmeannas nach bhfuil meas air, tá ionsaí beagintinneach déanta ag Givan ar phobal na Gaeilge,” a dúirt sé.