‘D’úsáidfinn an Ghaeilge gach lá mar Thaoiseach agus thabharfainn aitheantas do chearta Gaeilgeoirí’ – Varadkar

Tá na pleananna a bheadh aige don Ghaeilge dá mbeadh sé ina Thaoiseach leagtha amach ag an Aire Coimirce Sóisialaí sa cháipéis ‘Taking Ireland Forward’

‘D’úsáidfinn an Ghaeilge gach lá mar Thaoiseach agus thabharfainn aitheantas do chearta Gaeilgeoirí’ – Varadkar

Deir Leo Varadkar go n-úsáidfeadh sé an Ghaeilge gach lá ina chuid oibre mar Thaoiseach agus go dtabharfadh sé faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír a mhéadú.

Sa cháipéis polasaí a d’fhoilsigh sé ar maidin, deir an t-iarrthóir i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael go bhfuil sé “riachtanach” go dtabharfaí faoi líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus go bhfágfadh na beartais a thabharfadh sé isteach “go mbeadh an teanga le feiceáil agus le cluinstin ar fud na tíre”. Deir an tAire Coimirce Sóisialaí go bhfuil an teanga ina cuid “thábhachtach dár bhféiniúlacht” agus nár mhór “tacú go láidir léi”.

Sa mhír a bhaineann le cás na Gaeilge ina pholasaí nua, deir Varadkar:

“Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre”.

Deir sé go dtacódh sé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm agus go dtuigeann sé “an tábhacht” a bhaineann le “breis acmhainní a chur ar fáil chun aidhmeanna na Straitéise a bhaint amach”.

Aithníonn sé freisin, a deir sé, “na riachtanais ar leith” atá ag pobal na Gaeltachta agus geallann sé go n-oibreodh sé “ar son aitheantais agus measa do chearta Gaeilgeoirí”.

Ach é a bheith tofa ina Thaoiseach, chuirfí i bhfeidhm na “beartais fhíorthábhachtacha” sa pholasaí oideachais don Ghaeltacht, dhéanfaí “leasuithe substaintiúla” ar Acht na dTeangacha Oifigiúla  agus dhéanfaí “cainteoirí líofa Gaeilge” a earcú sa státseirbhís le “cinntiú go gcuirfear seirbhís ar fáil trí Ghaeilge”.

Maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge, deir Varadkar go mbeadh polasaí “réamhghníomhach” aige maidir le bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí chun freastal ar an “méadú leanúnach” ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge.

Níl aon pholasaí ó thaobh na Gaeilge de foilsithe go fóill ag céile comhraic Varadkar sa toghchán, an tAire Tithíochta Simon Coveney.

Níl ceist na Gaeilge ná na Gaeltachta luaite beag ná mór sa cháipéis polasaí, ‘Uniting Ireland’ a d’fhoilsigh Coveney inné.

Tá Leo Varadkar mar rogha láidir na coitiantachta le teacht i gcomharbacht ar Enda Kenny mar cheannaire ar Fhine Gael agus, ina dhiaidh sin, mar Thaoiseach.

Fág freagra ar '‘D’úsáidfinn an Ghaeilge gach lá mar Thaoiseach agus thabharfainn aitheantas do chearta Gaeilgeoirí’ – Varadkar'

  • Mg

    Céard faoi Vota i gcéin a Leo do phobal na Europe ?????????????????????
    níl aon leargas uait fós ar an cearta seo do shaoránáigh mar Éireannach ? cen fáth

    nach bhfuil Vote ag German French Spanish thar sáile Citizens of Ireland united loose nothing but your vote whne you emigrate ??????????????????

  • Alex de Búrca

    Is cosúil le aiste scoile é seo, “dá mbeinn i m’aire sláinte, dhéanfainn…”

  • Cearúl

    Mair a Chapail……..