Duolingo molta d’ambasadóirí ag an Uachtarán le go mbeidh siad líofa sa teanga ina gceapann sé iad — an Ghaeilge

Mhol Mícheál D Ó hUigínn go gcláródh ambasadóirí na hÉireann don chúrsa Gaeilge atá tar éis 2.3 milliún duine a mhealladh ar fud na cruinne

Duolingo molta d’ambasadóirí ag an Uachtarán le go mbeidh siad líofa sa teanga ina gceapann sé iad — an Ghaeilge

Tá molta ag Uachtarán na hÉireann d’ambasadóirí na hÉireann cúrsa Gaeilge a dhéanamh le go mbeidh siad líofa “sa teanga ina gceaptar iad”.

Ag labhairt dó ag ócáid cheiliúrtha do lucht forbartha an chúrsa Gaeilge ar Duolingo ag an deireadh seachtaine, mhol Micheál D. Ó hUigínn go gcláródh ambasadóirí na hÉireann don chúrsa Gaeilge atá tar éis 2.3 milliún duine a mhealladh ar fud na cruinne.

Thug an tUachtarán suntas do chumas na n-ambasadóirí teangacha eile a fhoghlaim agus mhol sé go ndéanfaidís an beart céanna leis an nGaeilge.

“As a person who appoints ambassadors all over the world, I always am so impressed they are hardly six months in a new location and they are speaking all of the languages where they find themselves.

“It’s just every now and again I think, [they should], maybe, spend half an hour or a few minutes on Duolingo to become competent in the language I appoint them in – the Irish language,” a dúirt an tUachtarán.

Thug an tUachtarán ardmholadh do lucht forbartha an chúrsa Gaeilge ag Duolingo a bhfuil 2.3 milliún duine tar éis clárú lena aghaidh ó seoladh dhá bhliain ó shin é.

Dúirt sé go raibh gaisce agus obair iontach déanta ag Duolingo ar son na Gaeilge agus í curtha i lár an aonaigh i saol na teicneolaíochta acu.

“It’s not a burden, living in the modern world includes being able to speak a number of languages,” a dúirt an tUachtarán ina óráid dhátheangach.

Tugadh aitheantas speisialta Dé hAoine in Áras an Uachtaráin don seachtar a d’fhorbair an cúrsa Gaeilge ar Duolingo “as an méid atá bainte amach acu don Ghaeilge”.

Tá an Ghaeilge anois ar cheann de na deich dteanga is mó tóir ar an aip foghlamtha teanga Duolingo ar fud an domhain. Is sna Stáit Aontaithe atá formhór na bhfoghlaimeoirí seo lonnaithe, ach tá muintir an hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus Cheanada i measc na ndreamanna is mó atá á úsáid le Gaeilge a fhoghlaim nó le barr feabhais a chur ar a scileanna teanga.

Fág freagra ar 'Duolingo molta d’ambasadóirí ag an Uachtarán le go mbeidh siad líofa sa teanga ina gceapann sé iad — an Ghaeilge'

  • Máire Ni Ghríofa

    Céard faoi vóta don Eireannach in Éirinn agus ceist saorantacht i gceist o thaobh Brexit ???????

    Ar istigh lár Shasana a bhéas Eorapaigh n h-Éireann tír leas aontaigh ?

    Cá seasann Rialtas na hÉireann i leith na nimircí ar fad ??????????????