Dundrum ‘laoch na léimní’ – tá lorg a choise fós ar scéal chapaillíní Chonamara

Is é pónaí Chonamara an t-aon mhianach dúchasach capaill in Éirinn. Bhí seó bliantúil Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara ar bun an tseachtain seo caite agus caint fós ar laoch na léimní a d’eascair as na cnoic i gConamara

Dundrum ‘laoch na léimní’ – tá lorg a choise fós ar scéal chapaillíní Chonamara

Shiúil sé anall chomh fada lena mharcach an lá sular cailleadh é. “Bhí sé breá fuinniúil, b’fhacthas dom,” arsa Tommy Wade. Tá cuimhne ag Tommy ar an gcaidreamh beag sin i gcónaí. Choinnítí Dundrum i ngarraí dó féin agus chuirtí sna sciobóil é sa ngeimhreadh. Bhí lá ann a raibh aird na hÉireann air féin agus a mharcach san RDS agus ag comórtais mhóra léimneach capall ar fud na hEorpa. Scíth agus suaimhneas i gCrois an Ghúlaigh i dTiobraid Árann. “Shiúil sé anall chugam agus mé ag dul síos leis an gclaí,” a deir Tommy.

“An lá ina dhiaidh sin, bhí a chosa ag tabhairt uathu. B’éigean dúinn fios a chur ar an tréidlia agus scaradh le Dundrum. Trí bliana déag agus fiche a bhí sé.”

Cá bhfuil sé curtha?

“Tá sé curtha ansin thíos in aice le scioból an fhéir,” arsa Tommy. An bhfuil aon chomhartha curtha ar uaigh Dundrum?

“Níl,” arsa Tommy. “Nach bhfuil a fhios agam cá bhfuil sé?”

Tharlódh nach i dTiobraid Árann a bheadh a shaol caite ag Dundrum ach faoi bhun na gcnoc ar an Sraith Salach i gConamara. Ach tharla sé sa saol gur ceannaíodh a mháthair agus gur tugadh í síos chuig machairí méithe Thiobraid Árainn sular saolaíodh é.

Bíonn trácht i gcónaí ar Dundrum, ‘laoch na léimní’, ag seó bliantúil Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara agus b’amhlaidh an scéal sa gClochán an tseachtain seo caite. 

Bhí Dundrum ina sheaimpín sna 1960idí. Bhí sé i mbéal an phobail i chuile áit an uair sin agus ar feadh blianta fada ina dhiaidh, é féin agus a mharcach – Dundrum agus Tommy Wade. Creideann go leor daoine fós go raibh sé ar an gcapall léimní ab fhearr sa bhfichiú haois. I nDoire Fhada ar an Sraith Salach a rinneadh an pórú air, baile beag sléibhe ar an taobh ó dheas den bhóthar agus tú ag teacht anoir as Gaillimh ar an N59.

Ba ag fear de mhuintir Sheoige a bhí an láir; b’in é Joe Tom Phaddy. Coinníodh agus cothaíodh an láir ar na seanbhealaí, í ag treabhadh sléibhe agus ag obair. Evergood an t-ainm oifigiúil a bhí uirthi sna leabhair agus bhí fíormhianach Chonamara inti. Ní raibh mianach Chonamara chomh domhain sin sa stail. Little Heaven an t-ainm a bhí air agus ba as an stail chlúiteach Hyperion eisean. Bhí nós ann sna 1950idí go dtugtaí roinnt stailteacha isteach le tuilleadh téagair agus nirt a chur i mianach Chonamara. Ba as an meascán sin a thug Dundrum an bhrí agus an choisíocht agus an dánaíocht leis.

Cé a bheadh in ann é sin a mhíniú níos fearr ná Tommy Wade féin?

“B’iontach an t-ainmhí é Hyperion. Bhí rásaí móra Shasana buaite aige lena linn agus ní raibh cur síos ar an téagar a roinn sé lena shliocht. Bhí an miotal sin i Dundrum.”

Ba de thimpiste a fuair Tommy seilbh ar an gcapall. Bhí suntas tugtha don chapall óg. “Rinne sé críonach de charr capaill a cuireadh air,” a deir Tommy.

“Bhí a chosa ag rith uaidh le teann fuadair.”

Bhabhtáil Wade capall a bhí aige féin leis an úinéir a raibh siopa aici i mbaile mór Dhún Droma – agus thosaigh sé dá thriail amach ag seónna áitiúla. Ba ghearr go raibh Dundrum san áit ba dhual dó agus é ag buachan gach a raibh ann. Bhí saol mór eile i ndán dó anois seachas seónna Chúige Mumhan.

15 lámh agus orlach go leith lena chois a bhí Dundrum. Ba léir, sna blianta sin, an mianach eile a bhí ann chomh maith le mianach Chonamara. Ach san am céanna, capall beag a bhí ann i gcomórtas leis na hainmhithe fadchosacha arda a raibh sé ina n-aghaidh. Bhí blianta ann nuair a bhuaigh sé mórán chuile chraobh ag Seó Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh sé ar fud na hEorpa. Ach is dóigh go bhfuil an t-éacht a rinne sé i Wembley ag Seó Chapall na Bliana ar an gceann is mó. Bhí na capaill ab fhearr ann agus bhí an claí ag ardú. Cuireadh go dtí seacht dtroithe agus dhá orlach é. Tá cur síos ag duine amháin ar an gcaoi ar éirigh Dundrum den talamh agus ar sheol sé thairis. “Ba gheall le héan san aer é,” a dúradh. Capall na Bliana agus Capall an Chéid ab ea é sna comórtais léimní.

Luadh go minic é ag imeachtaí na gcapaillíní sa gClochán i mbliana agus roinnt daoine den tuairim nár tugadh aitheantas sách maith riamh dó i measc lucht chapaillíní Chonamara.

Thíos i dTiobraid Árainn, tá Tommy Wade fós ag plé le capaill. D’fhás sé aníos leo, bhí sé ina mharcach cumasach, bhí sé ina thraenálaí ar chapaill rása – bhí capall agus capaillíní mar ghnó aige agus tá fós.

Tá bealach nádúrtha aige agus ag cur síos ar ainmhithe. B’fhéidir, a deir sé, go raibh an iomarca béime ar an mianach Chonamara i Dundrum. As an stail Hyperion a tháinig an neart agus an faobhar le cois a bhí i Dundrum dar le Wade – agus ní shin ag déanamh beagán den chapaillín dúchasach, a deir sé.

Fanann Dundrum in intinn Tommy Wade théis an tsaoil uilig.

Tá fhios aige cá bhfuil sé, mar a deir se féin. Thíos le taobh scioból an fhéir i gCrois an Ghúlaigh. An t-ainmhí iontach a tháinig as gabháltas Joe Tom Phaddy ag bun na gcnoc ar Sraithe Salach i gConamara.