Dún na nGall agus Maigh Eo ag tabhairt faoi aistear na gcúlbhóithre

I mBealach Féich agus Caisleán an Bharraigh a bheidh na coimhlintí is mó i mBabhta 2A de na cluichí cáilithe tráthnóna

Dún na nGall agus Maigh Eo ag tabhairt faoi aistear na gcúlbhóithre

Bainisteoir Dhún na nGall, Rory Gallagher. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Dún na nGall v An Longfort, Bealach Féich, 5.00i.n.

Caithfidh go raibh an-díomá ar bainisteoir Dhún na nGall Rory Gallagher tar éis gur chlis ar fad ar a chuid imreoirí in aghaidh Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais Uladh. I ndiaidh dóibh taispeántais mhaithe a thabhairt uathu i rith na sraithe, bhí súil ann go n-éireodh go maith le himreoirí óga na gConallach sa chraobh, ach ní hin mar a tharla agus bua naoi bpointe a bhí ag Tír Eoghain i gCluain Eois.

D’fhéadfadh gur rud maith a bhí ann do Dhún na nGall, áfach, agus deis anois ag na fir óga sin cur lena gcuid muiníne sna babhtaí cáilithe. Má éiríonn leo slám cluichí a bhuachan as seo go ceann míosa, seasfaidh an taithí sin leo nuair a bheidh aghaidh á tabhairt ar na boic mhóra acu arís i mí Lúnasa.

Ní foláir dóibh teacht slán ó na babhtaí cáilithe ar dtús. Tráthnóna, tá an Longfort rompu, foireann a bhfuil neart cleachtaidh acu ar an gcúldoras faoin tráth seo agus a raibh buanna gan choinne acu le roinnt blianta anuas. Sháraigh siad an Dún agus Muineachán anuraidh agus tá bua faighte acu cheana féin i mbliana i gcoinne an Lú.

Tá imreoirí maithe acu – Mickey Quinn, Sean McCormack agus Robbie Smyth, a bhfuil 0-18 aimsithe aige sa dá chluiche go dtí seo, ach mura mbíonn aon imreoir ar iarraidh ar Dhún na nGall, ba cheart go mbeadh na Conallaigh róláidir don Longfort.

Tá Paddy McBrearty tagtha slán ó ghortuithe agus tá an choisíocht iontach sin i leithéidí Ryan agus Eoin McHugh, agus déarfainn dá bharr go ndéanfaidh Dún na nGall an cúram.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Peileadóirí Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Maigh Eo v Doire, Páirc Mhic Éil, 5.00i.n. (Beo ar RTÉ)

Beidh go leor brú ar Mhaigh Eo i gcluiche an lae inniu agus iad ag iarraidh teacht aniar ón gcluiche a chaill siad in aghaidh na Gaillimhe i mBóthar na Trá cúpla seachtain ó shin. Bhí an chuma orthu an lá sin go raibh Maigh Eo tite siar go mór ón uair a bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach anuraidh. Beidh Stephen Rochford ar a dhícheall ag iarraidh a chinntiú go mbainfidh siad an caighdeán sin amach arís. Tháinig siad slán ó na babhtaí cáilithe anuraidh gan mórán stró ach seans nach mbeidh sé chomh héasca acu i mbliana.

Tá amhras ann an mbeidh Lee Keegan, Ger Cafferkey agus Chris Barrett ar fáil do chluiche an lae inniu toisc gortuithe a bheith ag cur as dóibh agus is cinnte go mbeadh aonad cosanta Mhaigh Eo níos laige dá n-uireasa. Tá gortú bléine ag cur as do Aidan O’Shea chomh maith, agus níl aon rogha ag Rochford ach a mhuinín a chur ina chuid imreoirí cúltaca.

Tá an t-ádh leo go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann atá in ísle brí faoi láthair iad féin. Tar éis dóibh a bheith díbeartha as Roinn 2 na sraithe, bhuaigh Tír Eoghain ar Dhoire go héasca i gCraobh Uladh agus is ar éigean a sháraíodar Port Láirge sa chéad bhabhta de na cluichí cáilithe ag tús mhí an Mheithimh. Mar atá léirithe ag an Dún, is minic go mbíonn speach fágtha i bhfoirne Uladh i ngan fhios dúinn, ach beidh sé deacair orthu.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Na cluichí eile i mBabhta 2A tráthnóna

Laois v An Clár, Páirc Uí Mhórdha, 3.00i.n.

An Mhí v Sligeach, Páirc Tailteann, 6.00i.n.

Fág freagra ar 'Dún na nGall agus Maigh Eo ag tabhairt faoi aistear na gcúlbhóithre'