‘Dún na mBan Trí Thine’ in Amharclann Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo

Beidh léiriú na Taibhdheirce de  ‘Dún na mBan Trí Thine’ Éilís Ní Dhuibhne ar stáitse in Amharclann Ghaoth Dobhair an Satharn agus an Domhnach beag seo agus beidh sé le feiceáil i Ráth Chairn agus ar an bhFeothanach an tseachtain seo chugainn

‘Dún na mBan Trí Thine’ in Amharclann Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo

Beidh an dráma Dún na mBan Trí Thine, a céadléiríodh sa Taibhdhearc ag Féile Ealaíon na Gaillimhe i mbliana ag cur tús lena chamchuairt Ghaeltachta an deireadh seachtaine seo agus dhá léiriú beartaithe d’Amharclann Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill.

Beidh an dráma, a scríobh an t-údar, file agus drámadóir Éilís Ní Dhuibhne ar stáitse athchóirithe Amharclann Ghaoth Dobhair an Satharn agus an Domhnach beag seo.

Scéal Leiní a insítear sa dráma, bean atá ag tógáil clainne agus í ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ina saol gairmiúil mar ealaíontóir ag an am céanna agus na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis sin. Tá Leiní ag streachailt leis an saol atá aici sa bhaile agus í cráite ag mná agus taibhsí a cháineann agus a mhaslaíonn í.

Ar an ardán beidh Linda Bhreathnach, Máire Ní Mháille, Tara Breathnach, Yvonne Ní Laife, Catherine Denning agus Caitríona Ní Dhomhnaill.

Nasctar gnéithe den amharclannaíocht fhisiciúil agus den bhéaloideas sa dráma, a chuirfear i láthair mar “léiriú comhaimseartha ar dhráma comhaimseartha”.

Léachtóir le béaloideas í an drámadóir, Éilís Ní Dhuibhne, agus sníomhann sí an béaloideas leis an saol comhaimseartha. Tá an dráma seo bunaithe ar Dhún na mBan Trí Thine, scéal a bhíodh ag an seanchaí, Bab Feirtéar.

Dúirt stiúrthóir an dráma Marianne Ní Chinnéide le Tuairisc.ie go mbaintear leas as “neart ceoil, spraoi, fuaim agus damhsa” sa  dráma.

Is mná iad gach duine atá páirteach sa dráma seo, aisteoirí, dearthóirí seit agus éadaí agus an stiúrthóir. Dúirt Ní Chinnéide go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an dráma maidir leis an ngluaiseacht ‘Waking the Feminists’ a tháinig chun cinn i saol drámaíochta na hÉireann dhá bhliain ó shin nuair a tháinig sé chun solais nach raibh aon dráma ó pheann mná ar chlár Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2016.

An tseachtain seo chugainn, tabharfaidh Dún na mBan Trí Thine cuairt ar dhá cheantar Gaeltachta eile — Ráth Chairn i gContae na Mí agus An Fheothanach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Beidh sé á thaispeáint i Halla an Phobail, Ráth Chairn ar an 14/15 Samhain agus i Halla na Feothanaí, Corca Dhuibhne, ar an 17/18 Samhain.

Labhair Tuairisc.ie le stiúrthóir an dráma, Marianne Ní Chinnéide agus le duine de na haisteoirí, Caitríona Ní Dhomhnaill, nuair a céadléiríodh an dráma ar stáitse na Taibhdheirce an samhradh seo.

Fág freagra ar '‘Dún na mBan Trí Thine’ in Amharclann Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo'