Dún Dealgan ar thóir bua amháin eile

Mí tar éis dheireadh an tséasúir sacair, tá club Éireannach amháin fós páirteach i gcomórtas, agus seans ar ghlóir acu

Dún Dealgan ar thóir bua amháin eile

Daryl Horgan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá club sacair Dhún Dealgan ar thairseach chéim mhór chun cinn anocht, agus seans ag an bhfoireann dul ar aghaidh chuig an chéad chéim eile de Shraith Europa.

Níor éirigh le haon fhoireann Éireannach an chéim sin a bhaint amach riamh cheana. Ruagairí na Seamróige is gaire a tháinig dó cúig bliana ó shin, ach chaill siadsan gach cluiche a bhí acu ina ngrúpa in 2011.

Bua amháin agus cluiche comhscóir amháin atá ag club Lú an uair seo, agus cluiche amháin fágtha acu, in aghaidh Maccabi Tel Aviv tráthnóna.

Bíonn clubanna na tíre seo maíteach a ndóthain faoin méid atá bainte amach acu sna comórtais Eorpacha san am a caitheadh – ach má scrúdaítear a bhfuil á rá acu, is léir gur minic gaisce gan toradh bainte amach acu.

Na torthaí is mó a luaitear, chomh minic lena mhalairt is as comhscór a fháil i gceann de na cluichí in aghaidh foireann chlúiteach éigin é.

Instear scéalta fúthu, ceann de na cinn is fearr faoi fhoireann dea-ghléasta nósúil AC Milan ag siúl trí phluda Pháirc Naomh Mel in Áth Luain i 1975 (toradh 0-0 ar an lá).

D’éirigh leis na Seamróga (1966) agus le Cathair Chorcaí (1991) ceangal a chur ar Bayern München leis an scór céanna, 1-1, mar a rinne Dún Dealgan féin le PSV Eindhoven le linn ré órga na peile Ollannaí i 1976.

Agus má tá buanna le tuairisciú, ní in aghaidh na bhfoirne is láidre iad: na Boihéamaigh ag breith an ceann is fearr ar Obar Dheathain agus ar Kaiserslautern in 2001, nó Gretna 1-5 Cathair Dhoire in 2007.

B’fhéidir go gceapfaí ón méid sin go raibh comórtaisí idirnáisiúnta clubanna ar bun ó thús stair an chluiche, ach ní hamhlaidh atá. Cé go bhfuil cúlra fada acu, is beagán ar bheagán a d’fhás siad.

Ní nach ionadh, is dócha, bhí ‘Craobh Dhomhanda Peile’ á tabhairt ag na Sasanaigh is na hAlbanaigh ar an socrú eatarthu go mbeadh a gclubanna buacacha ag imirt in aghaidh a chéile sna 1880idí. Tá a leithéid d’uaillmhian i ‘World Series’ daorchluiche, nó baseball, na bponcánach, nach bhfuil?

I mblianta deireanacha an 19ú Céad agus anuas go dtí an Chéad Chogadh Mhór, nach mór, bhíodh barr-chlubanna na hOstaire agus na Hungáire, nach mbeadh in iomaíocht lena chéile de ghnáth, i gcomórtas – ach fós ba laistigh den Impireacht amháin é sin.

acmilan-stmelsparkB’fhéidir go mba é an Torneo Internazionale Stampa Sportiva i Turin na hIodáile in 1908 an chéad chomórtas idirnáisiúnta a thuilleann an téarma: clubanna ón bhFrainc, ón Eilbhéis agus ón nGearmáin a bhí páirteach ann le foirne Iodáileacha. Servette ón Eilbhéis a bhuaigh, leis an scór 3-1 sa chraobhchluiche in aghaidh Torino.

Níor mhair an comórtas sin, ná Corn Vín, a raibh Burnley ó Shasana, Ceiltigh Ghlaschú, Hertha ó Bheirlín agus foireann ionadaíoch ón Ostair, chomh maith le Glentoran aduaidh, páirteach ann: is iad na Tuaisceartaigh a bhain an Corn an t-aon bhliain a himríodh é, 1914.

Tar éis an Chogaidh Mhóir, bunaíodh Corn Mitropa (Lár na hEorpa) i ndeireadh na 1920idí, agus mhair sé sin nach mór go tús an Dara Chogaidh. Ach bhí sé teoranta do na tíortha a dtabharfaimisne Oirthear na hEorpa orthu: an Ostair, an Iúgslaiv, an Ungáir, an tSeic agus a gcomharsana den chuid is mó, cé gur tugadh cuireadh don Eilbhéis roinnt babhtaí.

I 1930 imríodh an Coupe des Nations, an chéad iarracht ar chraobh do churaidh náisiúnta ar fud na hEorpa, ach níor mhair sin ach an oiread.

Is i 1955, tar éis an Dara Chogaidh, a cuireadh tús leis an Inter-Cities Fairs Cup, agus cuid den smaointeachas céanna a bhí taobh thiar den Chomhargadh ar a chúl. I gcomhair le haontaí trádála a ritheadh é, agus mhair sé go dtí gur ghlac an chónaidhm Eorpach peile UEFA faoina chúram é i 1971.

Taca an ama chéanna a sheol UEFA a chomórtas féin, Corn Eorpach na gClubanna Buacacha a dtugtaí An Corn Eorpach de ghnáth air. Is iad an dá chomórtas sin is túisce a thug bheith istigh do churaidh Shraith agus Choirn na hÉireann.

Ó shin i leith tá scór foirne ón tír seo tar éis paírt a ghlacadh iontusan agus ina gcomharbaí, Sraith na gCuradh (an Champions’ League) agus Sraith Europa, a bhfuil Dún Dealgan ann go fóill i mbliana.

An té a mbeadh aon chur amach aige ar an gcluiche anseo, níorbh iontas leis Ruagairí na Seamróige bheith ar an gcéad chlub ón bPoblacht a bhí páirteach, nuair a bhuail Manchester United go bog orthu, 9-2, i gcéad bhabhta an Choirn Eorpaigh 1957/8.

Ba é sin an t-aon uair a d’imir an club iomráiteach Sasanach sin i gcluiche comórtais anseo – ach sna laethanta sin, ba tharrac oscailte a bhí sa chomórtas, gach aon chlub san aon tarrac ó thús.

Ach níorbh é an chailliúint ba mheasa riamh ag club ón taobh seo: bhuail Derby County Shasana Cláirsigh na Finne 16-1 sa dá chluiche eatarthu i gCorn UEFA 1976/7.

Más minic a theip ar chlubanna na Poblachta sna comórtais idirnáisiúnta sin, bhí torthaí fiúntacha acu freisin.

D’éirigh le club Dhroim Chonrach, a raibh an-cháil air an uair sin, an ceann is fearr a fháil ar Odense na Danmhairge le 6-5 i gCorn na nAonach in 1962/3, agus b’iad an chéad fhoireann ón dtír seo a fuair bua in dhá chluiche mar sin.

Ach ní mór a admháil nach mórán le maíomh iad na torthaí ag clubanna anseo ó shin: nach mór 350 cluiche, nó péirí cluichí, agus gan ach bua as gach cúig (20%) ag an gclub Éireannach.

Le blianta anuas meáitear an tarrac sa dóigh go gcuirtear na curaidh is laige in aghaidh a chéile i mbabhtaí cáilithe, agus nach dtagann na curaidh ó na tíortha is láidre peile isteach go dtí níos déanaí.

Dá bharr sin, b’fhéidir, agus de thoradh an tséasúir peile anseo bheith leagtha amach chun an geimhreadh a sheachaint, tá na torthaí le déanaí roinnt mhaith níos fearr ná mar a bhíodh.

Níl sé ach ceithre bliana ó d’éalaigh club Dhún Dealgan ar éigean ó ghátar an dí-cháilithe, agus bhí a gcuid fadhbanna airgeadais féin acu le fiche bliain anuas, mar aon le haighneas úinéireachta atá, is cosúil, díreach tar eis a réitithe faoi dheireadh.

Bhí torthaí fónta go leor acu sna comórtaisí Eorpacha le cúpla bliain anuas, ach sáraíonn a ndearnadar i mbliana aon rud a bhí déanta roimhe seo acu. Bhailigh na céadta de lucht tacaíochta clubanna sacair eile ar fud na tíre isteach i Staid Aviva mí Lúnasa seo caite nuair a bhí an club Polainneach Legia Warszawa mar chuairteoirí acu i Sraith na gCuradh. Agus fós féin tá bá lucht leanta an chluiche ar fud an oileáin leo ar bhealach atá thar a bheith eisceachtúil.

Tá cumann agus imreoirí Dhún Dealgan ag déanamh a mbealach an tseachtain seo ar staid chathrach Netanya in Iosrael, 30km ó thuaidh de Tel Aviv, áit a mbeidh a gcéilí comhraic rompu. Tá seans acu fós dul chun cinn sa chomórtas má bhíonn an lá leo, agus fiú le comhscór má bhíonn an t-ádh orthu.

Ach mara dtéann siad aon chéim níos faide féin, meastar go bhfuil os cionn €7 milliún gnóthaithe acu as a rannpháirtíocht go nuige seo. Ar an gcuid is measa, ba chóir go gcoinneodh an méid sin fadhbanna airgid ón doras orthu go ceann píosa fada.

Fág freagra ar 'Dún Dealgan ar thóir bua amháin eile'