‘Dul chun cinn maith’ déanta le bunú ollchomhlacht léirithe teilifíse — TG4

Tá TG4 i mbun cainteanna le comhlacht nua ‘Aniar’, comhlacht nua a fuair an conradh €5 milliún ó TG4 le cláracha fíorasacha agus cláracha ceoil a sholáthar as seo go ceann ceithre bliana

‘Dul chun cinn maith’ déanta le bunú ollchomhlacht léirithe teilifíse — TG4

D’fhógair TG4 aréir go bhfuil “dul chun cinn maith” déanta ag an stáisiún i gcainteanna leis na léiritheoirí aitheanta teilifíse Niamh Ní Bhaoill, atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne, agus Seán Ó Cualáin, atá lonnaithe i gConamara, maidir le bunú comhlacht nua léirithe teilifíse.

‘Aniar’ an t-ainm atá ar an gcomhlacht nua a fuair an conradh €5 milliún ó TG4 le cláracha fíorasacha agus cláracha ceoil a sholáthar as seo go ceann ceithre bliana. Is iad Ní Bhaoill agus Ó Cualáin atá ina stiúrthóirí ar an gcomhlacht, agus súil acu ionaid léiriúcháin nua a bhunú i nGaeltacht Thír Chonaill, na Gaillimhe agus Chiarraí.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, leis an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, gur thacaigh TG4 go láidir leis an bplean a leag an bheirt léiritheoirí Gaeltachta os a gcomhair, go háirithe an ghné idirGhaeltachta de.

Mhaígh sé gur briseadh an múnla a bhí ann do léiriú cláracha teilifíse nuair a chlis ar an ngeilleagar beagnach deich mbliana ó shin agus go ndearnadh “an-dochar” don earnáil léiriúcháin an uair sin.

D’fhógair Esslemont múnla nua do choimisiúnú cláracha ag tús na bliana seo. Faoin straitéis nua, reáchtáladh babhtaí coimisiúnaithe agus lorgaíodh ábhar ginearálta i seacht réimse – sobalchláir, cláir shiamsaíochta, cláir ealaíon, cláir spóirt, cláir dhrámaíochta, mórchláir, amhail Gradaim Cheoil TG4, agus cláir aonair.

Ó shin, tá deireadh curtha le roinnt mhaith cláracha ar TG4, leithéidí Seó Spóirt, Comhrá, Béaloideas Beo agus Róisín, cinneadh a tharraing go leor cáineadh ar an stáisiún Gaeilge. Comhlachtaí neamhspleácha seachas TG4 féin a bheidh ag soláthar clár feasta, agus thug an stáisiún le fios aréir go bhfuil cainteanna ar bun faoi láthair le seacht gcomhlacht léirithe eile maidir le conarthaí ollsoláthair agus go bhfógrófar na conarthaí sin go poiblí sna míonna amach romhainn.

Dúirt Esslemont gur “céim shuntasach chun cinn” í an straitéis nua atá ag TG4 don earnáil sa Ghaeltacht.

“Tá géarghá an earnáil anseo sa nGaeltacht a thabhairt leibhéal eile chun cinn agus bonn seasmhach inmharthana a chur fúithi ar scála tionsclaíoch. Le chéile, is féidir linn na deiseanna a thapú, fostaíocht a chruthú, agus freastal ar an bpobal,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Dul chun cinn maith’ déanta le bunú ollchomhlacht léirithe teilifíse — TG4'