Dul chun cinn i ndán d’Ospidéal an Daingin agus tuarascáil chigireachta foilsithe

Tá glactha ag HIQA leis go bhfuil ar chumas Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne cóir a chur ar 54 othar san ospidéal ar imeall thoir bhaile an Daingin

Dul chun cinn i ndán d’Ospidéal an Daingin agus tuarascáil chigireachta foilsithe

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil dul chun cinn i ndán d’Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne sa Daingean agus an tuarascáil chigireachta is déanaí ar an áit foilsithe an tseachtain seo ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte – HIQA.

Tháinig sé chun solais ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné gur deineadh iniúchadh monatóireachta ar an ospidéal thar dhá lá i mí Iúil na bliana seo d’fhonn athnuachan a dhéanamh ar chlárúchán an ospidéil mar láthair chúraim do shinsir Chorca Dhuibhne.

Tugadh le fios i dtuarascáil na gcigirí go bhfuil na hathruithe cuí déanta le go mbeadh an t-ospidéal cláraithe feasta chun cúram a dhéanamh do 54 othar seachas 46 othar mar a bhí go dtí seo.

Dúradh chomh maith go raibh ardchaighdeán ag baint leis an gcuid sin den ospidéal a cuireadh i gcóir don ocht leaba breise seo agus gur ocht seomra singil en  suite a bheadh sna seomraí breise.

Tá éilimh á ndéanamh le fada an lá go gcuirfí breis leapacha ar fáil d’othair san ospidéal agus, de bharr liostaí feithimh sa Daingean le roinnt blianta anuas, bíonn ar othair ón leithinis dul chuig tithe altranais príobháideacha agus poiblí chomh fada soir le Cill Airne agus Trá Lí chun leaba a fháil.

Tugadh le fios i dtús na bliana seo i bhfreagra ar cheist dála ón Teachta Dála de chuid Fhine Gael Brendan Griffin go raibh an idirbheartaíocht tosnaithe idir Chumann na nAltraí is na mBanchabhrach agus bainistíocht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa réigiún maidir le dul i mbun earcú foirne don ospidéal.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios ag an am go raibh leapacha agus troscán breise ceannaithe don ospidéal ach nach bhféadfaí na leapacha a líonadh nó go mbeidís cláraithe ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, HIQA.

Le foilsiú thuarascáil na seachtaine seo, is cosúil go bhfuil bac eile curtha de ag an ospidéal, cé go dtuigtear go bhfuil dúshláin ag baint i gcónaí le hearcú altraí agus lucht cúram sláinte agus le riaradh uainchláir.

Nuair a d’oscail an t-ospidéal nua i nDeireadh Fómhair na bliana 2010, dhiúltaigh HIQA na leapacha go léir a chlárú toisc nár sroicheadh an caighdeán cuí agus bhí imní ar mhuintir na háite dá bharr.

Tá glactha ag HIQA leis anois, áfach, go bhfuil ar chumas Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne cóir a chur ar 54 othar san ospidéal ar imeall thoir bhaile an Daingin.

 

 

Fág freagra ar 'Dul chun cinn i ndán d’Ospidéal an Daingin agus tuarascáil chigireachta foilsithe'