‘Dúirt sí liom, will you be my best briend, agus dúirt mise léi, I be you best briend…’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Faraor ní ródheas mar a cuireadh críoch le scéal an ‘Cailín Mór Beag’, ach is in uair an ghátair a bhraitear an chabhair

Crying girl

‘An lá chean-ó, a Mhamaí,’ a dúirt an Cailín Mór Beag le díocas díreach nuair a cheap mé go raibh sí tite ina codladh.

‘-Na’, a dúirt mé á ceartú, ‘an lá chean-a.’ Stop sí agus bhreathnaigh sí orm ar feadh meandair. ‘Na céard?’ a d’fhiafraigh sí díom.

‘Ní shea,’ a dúirt mé, ‘ní ‘na rud ar bith’ atá i gceist agam,’ agus rith sé liom nach raibh mé á mhíniú rómhaith, ‘deireann tú an lá chean-a, ní an lá chean-ó’.

‘Sea, an lá chean-ó,’ dúirt an Cailín Mór Beag. Bhí mé ar tí iarracht eile a dhéanamh ach ansin chonaic mé na deora ina súile.

Tháinig an scéal de rabharta aisti. ‘An lá chean-ó, dúirt sí liom, will you be my best briend, agus dúirt mise léi, I be you best briend.’

D’airigh mé goimh i mo chroí; bhí barúil agam nár sheas an muintearas ró-fhada.

Go tobann, stop sí ag caint agus thosaigh ag bladhradh caointe. Tharraing mé chugam í. D’airigh mé a cliabhrach beag ag titim is ag éirí ag an rachtaíl. ‘Beidh sé ceart go leor,’ a dúirt mé léi agus mé ag iarraidh í a suaimhniú.

Lean sí uirthi lena scéal agus a hanáil ag briseadh uirthi. ‘Ansin, inniu, dúirt si liom, you not my briend anymore.’ Thosaigh an caoineadh arís agus buairt an tsaoil ann.

An raibh sí ró-óg don naíonra, a chuimhnigh mé, ar chuir muid amach faoin saol róluath í. Cén chaoi go gcuirfinn ann arís í lá arna mhárach?

‘B’fhéidir go mbeadh sibh mór le chéile arís amárach,’ a dúirt Beainín na Naíonán Beag go cneasta léi trasna an tseomra óna leaba, ‘beidh cairde eile agat, ná bí brónach.’

Chas mé timpeall de phreab is bhreathnaigh uirthi sa mbreacsholas. Ní fhéadfadh gurb í seo an cailín céanna a bhí in achrann léi leathuair roimhe sin faoin mBatman lego.

Thriail mé breathnú isteach sna súile uirthi. An raibh neach éicint neamhshaolta tagtha ina háit? Sna súile a fheicfidh tú ar dtús é, más fíor don scannán Invasion of the Bodysnatchers.

Maidin lá arna mhárach bhí muid ag doras an tí agus réitithe le n-imeacht nuair a stop an Cailín Mór Beag. Líon a súile le deora. Ní raibh a fhios agam céard a bhí le déanamh.

‘Tabhair dom do lámh,’ a dúirt Beainín na Naíonán Beag léi, ‘siúlfaidh muid le chéile.’

Fág freagra ar '‘Dúirt sí liom, will you be my best briend, agus dúirt mise léi, I be you best briend…’'

  • diarmuid de faoite

    Alt álainn!

  • Ciara

    An-deas.

  • Brian Ó Sochlacháin

    Alt iontach, mar is gnáth. Bíonn mo mhac is sine an protective lena dheartháir freisin, twould melt yer croí a b bheith ag féachaint air.