‘Duine dubh’ nó ‘duine gorm’? Ní ceist ‘dubh agus bán’ í…

Spreag alt Alex Hijmans ar chúrsaí datha agus téarmaíochta freagra ónár gcolúnaí

‘Duine dubh’ nó ‘duine gorm’? Ní ceist ‘dubh agus bán’ í…

Ag éisteacht siar dom le ceann de chláracha Leagan Cainte le gairid, thug mé suntas do leagan a bhí ag an Ultach ar an bpainéal, Dónall Ó Baoill, Ollamh le Gaeilge, a tógadh i gceartlár Ghaeltacht Thír Chonaill.

Tuigtear dom go mbíodh Alex Hijmans an tí seo ag triall ar an taobh céanna tíre tráth dá raibh, agus spreag an t-alt a scríobh sé faoin bhfocal ‘gorm’ mé le peann a chur le pár.

An leagan a bhí á phlé ag Dónall Ó Baoill ná ‘bheith san áithe’. Is ionann é sin a bheith ag imeacht ón scoil i ngan fhios i nGaeilge Dhún na nGall, nó ‘ag mitseáil’. (Cloistear ‘maidhtseáil’ agus ‘múitseáil’ freisin, gan amhras).

B’éard a spreag an plé seo ar fad ar chúrsaí mitseála ná litir a seoladh chuig an bpainéal inar luadh an leagan Béarla ‘on the gur [gor]’, leagan a chloistí coitianta i mBaile Átha Cliath nuair a bhíodh buachaillí scoile ag féachaint lena gcuid ranganna a sheachaint. Is cosúil gur ón leagan Gaeilge ‘ar gor’ a tháinig sé an chéad lá riamh.

‘Is focal spéisiúil é ‘gor’ ann fhéin’, arsa an Baoilleach. ‘Ciallaíonn sé ‘teas’, an dtuigeann tú? Is dóigh liom gurb é atá san fhocal ‘gorm’, cé nach bhfuil aon chinnteacht air. Tá a fhios agat an bladhaire a thagann amach as an tiní nuair a bhíonn sí te agus mar sin de’.

Lean sé air:

‘…bhíodh focal fadó acu chomh maith nuair a bhíodh siad ag plé le sleánnaí agus á ngéarú agus mar sin de. Do bhíodh siad ag gormú na sleá. Agus ní fhéadfadh siad a bheith ag déanamh rud ar bith eile leo ach á gcur sa teas, an dtuigeann tú?’.

‘Teas gorm’ a dúirt an t-ancaire Liam Mac Iomaire mar fhreagra ar an méid sin.

Is gearr ina dhiaidh sin gur tarraingíodh aníos an leagan ‘goradh den tine’. ‘Sin an fáth a raibh mise ag rá gur daoine gorma a bhí iontu – lucht an teasa. Sílim gur sin an bunús atá leis,’ arsa Dónall.

‘Níl aon bhaint aige le dath?’ arsa Seosamh Ó Cuaig leis. ‘Ní dóigh liom é,’ a dúirt Dónall.

Sibhse a bhíodh ‘ar gor’ i mBaile Átha Cliath tráth dá raibh, cuimhneoidh cuid agaibh ar an nGaeilge bhreá a bhíodh ag na Bráithre Críostaí a mbíodh sibh ag iarraidh éalú uathu agus lá faoin dtor a bheith agaibh. Gaeilge bhlasta na Mumhan a bhí ag a bhformhór, agus blúiríní as Séadna An tOileánach á gcur os ár gcomhair acu ó am go ham. Is cinnte go gcuimhníonn m’athair ar a leithéid.

Luaim Séadna go sonrach mar is leis an ‘bhFear Dubh’ a rinne Séadna a mhargadh, agus ba le Gaeilge na Mumhan a bhí an svae aimsir bhunaithe an Stáit.

I nGaeilge na Mumhan atá Amhrán na bhFiann agus ba sa chanúint sin a dréachtaíodh Bunreacht na hÉireann an chéad lá riamh. Ba ar an gcoláiste ullmhúcháin i mBaile Bhuirne a bhíodh leithéidí Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh ag triall mar ábhar oide, agus ba í Gaeilge na háite sin a bhíodh sna téacsleabhair a chuirtí os comhair foghlaimeoirí i seomraí ranga i mBaile Átha Cliath ar feadh i bhfad.

Thuigeamar ón méid a dúirt Seán Ó Ríordáin go raibh an pobal sin faoi bhrú ó thaobh na teanga de, agus níorbh fhada gur thug daoine a n-aghaidh thar teorainn isteach agus siar go dtí an Mecca i nDún Chaoin.

Idir Dilín Ó Deamhas, muintir Thuama, muintir de Barra, tráchtaireacht ghlan Mhíchíl Uí Shé agus caint ‘chruaidh chealgánta’ na mBráithre Críostaí, is fada cion thar na beartaibh ag Baile Átha Cliathaigh ar Ghaeilge iarthar na Mumhan, agus, go dtí le fíorghairid, bhí stádas ar leith ag an gcanúint sin i measc foghlaimeoirí as Baile Átha Cliath, ceanncheathrú na hoifigiúlachta Gaeilge sa tír seo.

Go deimhin féin, ní miste a rá gurb í an chanúint sin atá ag an té a chuir an leagan is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil faoinár mbráid.

Luaim na cúrsaí seo ar fad mar gur dóigh liom go bhfuil baint acu, go stairiúil, leis an meon a bhí sa treis agus téarmaí mar ‘fear gorm’ á gceapadh ar leibhéal na hoifigiúlachta. Lena chois sin go léir, níl seans dá laghad ann go bhféadfaí beannacht oifigiúil a thabhairt don leagan a bhíodh coitianta i gcaint na Gaeltachta, thuaidh, thiar agus theas – bleaic.

Thairis sin, aon uair a chloisfinnse caint ar ‘fhear dubh’ nó ar ‘bhean dubh’, shamhlóinn gurb é dath na gruaige ar an duine sin a bheadh i gceist, mar sin é is brí leis an gcaint sin le ceart. 

Mar fhocal scoir, tá saoirse ag daoine droim láimhe a thabhairt le téarmaí áirithe, ach is túisce a chuirfeadh mo leithéidse suas do théarmaí mar ‘motherfoclóir’ ná ‘bean ghorm’.

Ceartaiseacht a chuirfí i mo leith an uair sin. Ní fhágann sin ná go bhfuil an ceart agam.

Fág freagra ar '‘Duine dubh’ nó ‘duine gorm’? Ní ceist ‘dubh agus bán’ í…'

  • diarmuid de faoite

    Alt spéisiúl agus cruinn. Gorm abú

  • Maitias

    Fear na gcrúb, an buachaill caol dubh, an t-áibhirseoir, fear na n-adharc….

  • file

    Tá focail agus frásaí ar leith againn sa Ghaeilge, leithéid ‘gorm’ sa chiall atá san alt agus ‘díomhaoin’ sa chiall duine aonta, duine singil. Ná ligimis don pc-acht iad a ghoid uainn!

  • Glór Í Eo

    Ó gorm gorm í. Is gorm í mo stór. Míle grá le m’anam í. ‘Sí Peigín Timbuctú!