Duine dubh nó duine gorm? Cén dath sin ar do chraiceann?

Is féidir a bheith ceart ó thaobh na polaitíochta de agus a bheith samhlaíoch ag an am céanna nuair a bhítear ag cur síos ar dhath cnis, a scríobhann ár gcolúnaí

Duine dubh nó duine gorm? Cén dath sin ar do chraiceann?

Dúisíodh seancheist ar na mallaibh nuair a luaigh láithreoir de chuid Raidió na Life, Ola Majekodunmi, sa phodchraoladh mór-ráchairte Motherfoclóir nach maith léi an nath ‘duine gorm’ sa Ghaeilge chun cur síos ar dhaoine de shliocht na hAfraice. 

I’m not blue,’ a dúirt Ola go neamhbhalbh (i mBéarla a bhíonn an plé ar phodchraoladh Motherfoclóir).

Tháinig Ola go hÉirinn nuair a bhí sí seacht mí d’aois. As an Nigéir ó dhúchas dá tuismitheoirí. Tá Gaeilge líofa aici.

Ní eisceacht í.

Lean plé fada ar na meáin shóisialta. Tarraingíodh anuas an seanscéal faoi ‘dhuine gorm’ mar mhalairt ar ‘dhuine dubh’ toisc go mbíonn brí dhiúltach ag baint, go minic, leis an bhfocal ‘dubh’ sa Ghaeilge. Suimiúil go leor, tháinig sé chun solais sa phlé céanna go bhfuil ‘duine dubh’ forleathan i gcaint Ghaeltacht Thír Chonaill le cuimhne na ndaoine, gan aon bhrí dhiúltach ag baint leis an leagan – rud a bhréagnaíonn an tuairim choitianta gur leagan níos dúchasaí é ‘duine gorm’ ná ‘duine dubh’ agus gur béarlachas, nó ceartaiseacht pholaitiúil, atá i gceist leis an leagan deireanach sin.

 

Ar ndóigh, ní hí an Ghaeilge an t-aon teanga amháin ina gcothaíonn an téarmaíocht a bhaineann le dath cnis an duine deacrachtaí agus plé teasaí. Ní gá ach breathnú ar an mBéarla: trí scór bliain ó shin, bhí ‘negro’ inghlactha. Inniu, is deacair a shamhlú go raibh an focal céanna inghlactha riamh.

Bliain nó dhó ó shin, tharla athrú teanga den chineál céanna i mo theanga dhúchais féin, an Ísiltíris. ‘Witte mensen’, nó ‘daoine bána’, a thugtar anois ar an dream ar a dtugtaí ‘blanke mensen’, nó ‘daoine geala’, roimhe seo. Cén fáth? Síleadh go raibh buntáiste mífhéaráilte ag baint leis an leagan ‘blanke mensen’, nó ‘daoine geala’, toisc fobhrí dhearfach a bheith ag baint leis an bhfocal ‘blank’ san Ísiltíris. 

Ar ndóigh, baineann an fobhrí dhearfach cheannann chéanna leis an bhfocal ‘geal’ i nGaeilge. Cá bhfios nach gcuirfear brú ar chainteoirí Gaeilge amach anseo ‘duine gorm’ a fhágáil sna leabhair staire agus ‘duine bán’ a rá feasta in ionad ‘duine geal’? 

Anuas a tháinig an t-athrú teanga san Ísiltír. Na meáin a thosaigh leis. Ag an tús, ghortaigh an leagan nua cluasa mórán Ísiltíreach, mé féin san áireamh. Tá ‘witte mensen’ chomh ciotach céanna le ‘daoine bána’ i nGaeilge. Ach tá ag éirí leis dul teacht isteach sa chaint.

Ar ndóigh is í an fhadhb le téarmaíocht ar bith a bheadh ceart ó thaobh na polaitíochta de inniu, ná go mbainfear úsáid aisti mar mhasla amárach.

Chomh maith leis sin, fágann an téarmaíocht oifigiúil chéanna cuma thar a bheith dubh agus bán ar an saol. Mar a léirigh an grianghrafadóir Brasaíleach Angélica Dass ina togra iomráiteach Humanae tá na mílte imireacha cnis ann.

Bheadh sé chomh maith againn sampla Dass a leanacht agus cur síos a dhéanamh ar dhath craicinn dhaoine bunaithe ar chóras imireacha Pantone.

‘Cén dath atá ar do chraiceann?’

‘727 CP.’

É sin, nó ár samhlaíocht a úsáid. Maidir le mo chraiceann féin, déarfainn ina thaobh go bhfuil sé ‘ar dhath gainimh’. 

Ar ndóigh bíonn amanta ann, san iriseoireacht, mar shampla, go mbeadh blas rófhileata ar a leithéid. Is maith ann iad leaganacha ar nós ‘duine de shliocht X’ sna cásanna sin. Dá thuire iad, bíonn siad cruinn agus fágtar faoin léitheoir nó faoin éisteoir é dath chraiceann an té atá faoi chaibidil a líonadh isteach, más áil leis é.

– Seo cur síos fíorchumhachtach ag Angélica Dass síos ar a togra grianghrafadóireachta Humanae.

Fág freagra ar 'Duine dubh nó duine gorm? Cén dath sin ar do chraiceann?'

  • Maidhc

    Míthuiscint amach is amach atá san aistriú san a dheintear ar ‘gorm’. Ní chiallaíonn sé ‘blue’ amháin (ach amháin dóibh siúd athá chomh mór san fé anáil an Bhéarla ná feictear dóibh nách ar mhúnla an Bhéarla a d’fhás an Ghaelainn!). Féach a bhfuil anso (agus na bríonna dearfacha atá leis an bhfocal!): dil.ie/26408.

    Rud eile a ritheann liom: deirtear gur dócha go bhfuil ‘duine dubh’ chomh dúchasach le ‘duine gorm’ toisc go ndeirtear é go forleathan i dTír Chonaill sa lá atá inniubh ann. An mbréagnaíonn sé sin gur fé anáil an Bhéarla a tháinig sé isteach sa Ghaelainn? Bhí an Béarla á labhairt sa tír seo sara dtáinig na Grianaigh agus muintir Bhreisleáin ar an saol!

  • Sláine

    Aontaím le Maidhc thuas. An chiall atá (a bhí?) le ‘gorm’ sna cásanna thuas ná an-dhubh dorcha (m.sh. féach go bhfuil dath dubh are éide Batman nó ar ghruaig Superman sna coimicí, ach bíonn dath gorm orthu leis, .i. go bhfuilid chomh dubh dorcha sin go bhfuil imir ghorm orthu). Mar an gcéanna, cumhdaíonn an focal ‘buí’ duine atá ‘donn’, m.sh. duine ag déanamh bolg le gréin, nó a bhfuil dath na gréine orthu. Féach an seanfhocal ‘Más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta’. Ní dath buí na líomóide atá i gceist anseo, ach dath donn ar an gcneas, .i. ní cúis náire é bheith amuigh ag obair sna páirceanna lá gréine (tráth a bhí an Gael bocht amuigh ag sclábhaíocht agus lucht an rachmais istigh sna tithe móra). Mura bhfuil an bhean thuas sásta lena bheith gorm, b’fhéidir gurbh fhearr di a bheith buí?