Duine den bheirt phríomhoifigeach i Roinn na Gaeltachta ag éirí as

Fágfaidh imeacht Shéamuis Mhic Ghiolla Chomhaill nach mbeidh fágtha ach príomhoifigeach amháin atá ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

Duine den bheirt phríomhoifigeach i Roinn na Gaeltachta ag éirí as

Tá Séamus Mac Ghiolla Chomhaill, duine den bheirt státseirbhíseach is sinsearaí sa Stát ó thaobh na Gaeilge de, ag éirí as phost faoi cheann cúpla seachtain.

Tá Mac Giolla Chomhaill, arb as Gaoth Dobhair ó thús dó, ar dhuine de bheirt phríomhoifigeach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta atá ag plé go lánaimseartha le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá folúntas i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha do phost an státseirbhísigh is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge de ó d’éirigh Máire Killoran as an gcúram sin chun tabhairt faoi phost mar Stiúrthóir an Ionaid Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

Fógraíodh i mí Iúil go raibh cead faighte ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, post an Stiúrthóra a líonadh.

Fágfaidh imeacht Mhic Ghiolla Chomhaill go mbeidh folúntas eile le líonadh i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha agus gan fágtha anois ach príomhoifigeach amháin atá ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Bertie Ó hAinmhire.