Duine de thriúr robálaithe an Choireáin fós ar a theitheadh

Robáladh Oifig an Phoist an Choireáin ar maidin agus gabhadh beirt de na robálaithe i gclós feirme

Duine de thriúr robálaithe an Choireáin fós ar a theitheadh

Tá na Gardaí fós ag lorg duine de thriúr fear armtha a robáil Oifig an Phoist an Choireáin in Uíbh Ráthach maidin inniu.

Níos túisce sa lá, gabhadh beirt de na robálaithe agus iad i bhfolach i gclós feirme sa cheantar agus tá an bheirt sin á gcoimeád faoi Alt 30 den Acht Um Chionta in Aghaidh an Stáit.

Tá dianslándáíl i bhfeidhm i gcónaí i gceantar Lios an Phúca lasmuigh de Chill Airne mar a bhfuil fórsaí an Gharda Síochána i mbun dianchuardaigh. Níor thángthas fós ar aon ghunna nó airgead.

Robáladh Oifig an Phoist an Choireáin go gairid i ndiaidh 11 am ar maidin, agus theith na robálaithe i gcarr a chuir siad trí thine ar an mbaile ina dhiaidh sin.

Theith siad ina dhiaidh sin i gcarr eile agus thug siad aghaidh ar cheantar Lios an Phúca, mar ar tháinig carr Gardaí gan mharcáil, a bhí ag teacht ó Chill Airne, ina dtreo.

Buaileadh faoi charr na nGardaí arís agus arís eile agus bhagair na robálaithe ar na Gardaí le gunna. Scaoil na Gardaí trí urchar rabhaidh agus i ndiaidh dóibh an dara carr a d’úsáid siad chun ealú ó láthair na robála a chur trí thine, theith na robálaithe de shiúl na gcos trí pháirceanna.

Gabhadh beirt den triúr go gairid ina dhiaidh sin i gclós feirme in aice láimhe.

Tógadh an bheirt ghardaí, bean agus fear, go dtí Ospidéal Chill Airne in otharcharr, ach tuairiscítear nach bhfuil siad i mbaol a mbáis.

Fág freagra ar 'Duine de thriúr robálaithe an Choireáin fós ar a theitheadh'