Duine de Ghaeil mhóra Bhaile Átha Cliath ar shlí na fírinne agus Feargal Ó Cuilinn tar éis bháis

Thug Feargal Ó Cuilinn cuid mhór dá shaol ag cur na Gaeilge chun cinn agus bhí baint mhór aige le cur chun cinn an ghaeloideachais

Duine de Ghaeil mhóra Bhaile Átha Cliath ar shlí na fírinne agus Feargal Ó Cuilinn tar éis bháis

Tá Feargal Ó Cuilinn, duine de na Gaeil is aitheanta i mBaile Átha Cliath, imithe ar shlí na fírinne.

Bhí sé breoite ar feadh tamall gearr.

Rugadh agus tógadh Feargal Ó Cuilinn san ardchathair agus Baile Átha Cliathach go smior a bhí ann.

Thug sé cuid mhór dá shaol ag cur na Gaeilge chun cinn. Bhí sé ina Stiúrthóir ar Chomhluadar, an eagraíocht a bunaíodh i 1993 chun tacú le tuismitheoirí a bhí ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge agus d’oibrigh sé le Glór na nGael mar Bhainisteoir Tionscadal ó 2014.

Bhí baint mhór aige le cur chun cinn an ghaeloideachais agus thug sé tréimhsí ar bhoird bhainistíochta scoileanna éagsúla, ina measc Gaelscoil Chabhrach, Gaelscoil Chill Mhantáin, Gaelscoil Nás na Ríogh agus Coláiste Mhuire. Thug sé seal chomh maith ar Bhord Stiúrtha Ghaelscoileanna (Gaeloideachais) agus chaith sé tréimhse fhada ina Chisteoir ar Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Bharra i gCabrach agus b’údar mórtais ar leith dó gur éirigh leis an scoil sin foirgneamh buan a fháil i mbliana tar éis feachtas fada.

Bhí aithne mhór air i measc phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann agus bhí sé ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge. Bhí baint mhór aige leis an bhFéile Rith ón uair a bunaíodh í in 2010.

Fear mór CLG ab ea agus dílseacht mhór aige dá chlub, Robert Emmets, agus dá chontae.

I ráiteas a d’eisigh Glór na nGael tráthnóna, dúradh gur “cúis mhór bhróin” é bás Fheargail agus go raibh “tírghráthóir” imithe ar shlí na fírinne.

“Thar rud ar bith eile, ba fhear clainne é Feargal Ó Cuilinn.  Bhí a ról mar athair lárnach i ngach rud a rinne sé agus níl aon rud nach ndéanadh sé dá chlann ionúin, Louise agus Aedín.   Le himeacht Fheargail, tá athair, mac, deartháir, ball clainne, cara, comhghleacaí agus tírghráthóir caillte againn ar fad agus is boichte de sinn a bheith dhá uireasa.

“Braithfidh muid ar fad uainn é, i nGlór na nGael: a mheangadh gáire, a dhea-chaidreamh agus a chomhluadar cneasta. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.”

Maireann a mháthair Bridie, a bheirt iníonacha, Louise agus Aedín, a iarbheanchéile Jean, a pháirtnéir Anna, a hiníonacha siúd Naoise agus Aoife, a ghaolta agus a chairde go léir.

Fág freagra ar 'Duine de Ghaeil mhóra Bhaile Átha Cliath ar shlí na fírinne agus Feargal Ó Cuilinn tar éis bháis'

  • Cormaco

    Ar dheis Dé go raibh a anam. Fíor-dhrochscéala. Comhbhrón lena chlann